+Airteagal 11 1
|
Airteagal 11 1
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil bailíochtú leordhóthanach déanta ar aon samhail tomhais riosca inmheánach, dá dtagraítear in Airteagal 325bj de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
déantar an próiseas bailíochtaithe le foireann nach bhfuil baint aici, ná nach raibh baint aici, ar bhealach ar bith le forbairt na samhla inmheánaí atá faoi réir bailíochtú;
|
|
(b)
|
déantar an próiseas bailíochtaithe le hacmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear foireann cháilithe a bhfuil taithí aici;
|
|
(c)
|
níl luach saothair athraitheach na foirne agus na n-ardbhainisteoirí atá freagrach as an bpróiseas bailíochtaithe ag brath ar fheidhmíocht na gcúraimí a bhaineann le réimsí gnó nó rialaithe riosca na hinstitiúide ar bhealach a chuireann bac nó a chuireann isteach ar a neamhspleáchas;
|
|
(d)
|
tugtar léiriú sa tuarascáil bailíochtaithe dá dtagraítear i mír 2 ar na bearta ceartaitheacha riachtanacha uile a leanann as an bpróiseas bailíochtaithe, agus cuirtear chun feidhme go tráthúil iad;
|
|
(e)
|
tá próiseas cinnteoireachta i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuireann ardbhainistíocht na hinstitiúide na torthaí agus na moltaí a leanann as an bpróiseas bailíochtaithe san áireamh;
|
|
(f)
|
déanann an t-athbhreithneoir dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a), measúnú tráthrialta ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointí (e) agus (f).
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|