+Airteagal 11 Measúnú ar bhailíochtú aon samhla tomhais riosca inmheánaí, agus ar thoradh an bhailíochtaithe sin
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2

Airteagal 11 Measúnú ar bhailíochtú aon samhla tomhais riosca inmheánaí, agus ar thoradh an bhailíochtaithe sin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil bailíochtú leordhóthanach déanta ar aon samhail tomhais riosca inmheánach, dá dtagraítear in Airteagal 325bj de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

déantar an próiseas bailíochtaithe le foireann nach bhfuil baint aici, ná nach raibh baint aici, ar bhealach ar bith le forbairt na samhla inmheánaí atá faoi réir bailíochtú;

(b)

déantar an próiseas bailíochtaithe le hacmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear foireann cháilithe a bhfuil taithí aici;

(c)

níl luach saothair athraitheach na foirne agus na n-ardbhainisteoirí atá freagrach as an bpróiseas bailíochtaithe ag brath ar fheidhmíocht na gcúraimí a bhaineann le réimsí gnó nó rialaithe riosca na hinstitiúide ar bhealach a chuireann bac nó a chuireann isteach ar a neamhspleáchas;

(d)

tugtar léiriú sa tuarascáil bailíochtaithe dá dtagraítear i mír 2 ar na bearta ceartaitheacha riachtanacha uile a leanann as an bpróiseas bailíochtaithe, agus cuirtear chun feidhme go tráthúil iad;

(e)

tá próiseas cinnteoireachta i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuireann ardbhainistíocht na hinstitiúide na torthaí agus na moltaí a leanann as an bpróiseas bailíochtaithe san áireamh;

(f)

déanann an t-athbhreithneoir dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a), measúnú tráthrialta ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointí (e) agus (f).

Airteagal 11 2

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar thoradh an phróisis bailíochtaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

a fhíorú cé acu a áirítear nó nach n-áirítear moltaí, torthaí agus conclúidí an phróisis bailíochtaithe i dtuarascáil bailíochtaithe lena sainaithnítear an méid seo a leanas agus lena dtugtar tuairisc air:

(i)

modheolaíocht an bhailíochtaithe;

(ii)

na tástálacha a dhéantar;

(iii)

an tacar sonraí tagartha a úsáidtear;

(iv)

na próisis glanta sonraí faoi seach;

(b)

a fhíorú cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear conclúidí, torthaí agus moltaí na tuarascála bailíochtaithe in iúl go díreach do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide, agus cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an comhlacht bainistíochta breithniú orthu, sula bhformheasann an comhlacht bainistíochta sin samhail atá le cur i bhfeidhm chun ceanglais cistí dílse a ríomh agus sula gcuirtear aon athrú ar na modheolaíochtaí ina dhiaidh sin i bhfeidhm;

(c)

a fhíorú cé acu a dhéantar nó nach ndéantar doiciméadú ar aon bheart ceartaitheach atá beartaithe ag feidhmeanna an bhailíochtaithe sa tuarascáil bailíochtaithe agus cé acu a ghabhann nó nach ngabhann amlíne léi atá leordhóthanach chun na heasnaimh shainaitheanta a leigheas;

(d)

a fhíorú cé acu a áirítear nó nach n-áirítear próiseas maidir le géarú i mbeartais inmheánacha na hinstitiúide i gcás na mbeart ceartaitheach sin atá thar téarma, agus, bunaithe ar fhianaise roimhe sin, cé acu a leantar nó nach leantar an próiseas sin;

(e)

measúnú a dhéanamh ar cháilíocht fhoriomlán thoradh an phróisis bailíochtaithe trí na heasnaimh a shainaithnítear sa mheasúnú ar an tsamhail inmheánach i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur i gcomparáid leis na heasnaimh a shainaithníonn an t-aonad bailíochtaithe sa phróiseas bailíochtaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.