+Airteagal 12 1
|
Airteagal 12 1
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil raon feidhme an bhailíochtaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bj de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 leordhóthanach, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an mbailíochtú inmheánach:
|
(a)
|
athbhreithnítear go criticiúil leis gach gné de na modheolaíochtaí agus na feidhmeanna praghsála a úsáidtear chun críoch caipitil, lena n-áirítear iad siúd a chuirtear i bhfeidhm maidir le táirgí nua, agus cuirtear láidreachtaí agus laigí san áireamh leis dá réir sin i gcomparáid le haon mhodheolaíocht mhalartach;
|
|
(b)
|
fíoraítear leis:
|
(i)
|
an rogha sonraí margaidh;
|
|
(ii)
|
mapáil fachtóirí riosca chuig tréimhse leachtachta ionchasach ábhartha;
|
|
(iii)
|
mapáil breathnóireachta fíorphraghsanna chuig fachtóir riosca nó buicéad ar a mbreithnítear í a bheith ionadaíoch;
|
|
(iv)
|
na cineálacha cur chuige ionadúcháin a úsáidtear;
|
|
|
(c)
|
fíoraítear leis cé acu atá nó nach bhfuil údar maith leis na toimhdí dáileacháin agus le haon toimhde agus paraiméadar stocastach ábhartha eile de chuid na bpróiseas stocastach foluiteach, lena n-áirítear toimhdí luaineachta agus comhghaolúcháin, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:
|
(i)
|
taobhanna na ndáileachán atá ábhartha do ríomh na mbeart riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(ii)
|
an beart riosca maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
|
(d)
|
déantar measúnú leis ar fhóntacht aon chomhghaolaithe eimpírigh a úsáidtear laistigh de na catagóirí fachtóra riosca leathana agus ó chatagóir go chéile chun an beart easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bh(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ríomh;
|
|
(e)
|
déantar measúnú leis ar na toimhdí comhghaolúcháin a dhéantar i ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana, lena n-áirítear:
|
(i)
|
rogha na copaile ábhartha, i gcás ina samhaltaítear go sainráite í;
|
|
(ii)
|
rogha agus ualúcháin na bhfachtóirí riosca córasacha dá dtagraítear in Airteagal 325bp de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(iii)
|
cumas na samhla braislí mainneachtana a mhíniú;
|
|
|
(f)
|
déantar measúnú leis ar na toimhdí a dhéantar chun meastacháin a fháil ar dhóchúlachtaí mainneachtana agus ar chaillteanais i gcás mainneachtana chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a ríomh;
|
|
(g)
|
déantar measúnú leis ar na toimhdí a dhéantar i ndáil le samhaltú fáluithe i ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325bo de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(h)
|
déantar anailís leis ar thorthaí an chláir tástála struis, lena n-áirítear na torthaí a bhaineann le riosca mainneachtana, agus baintear aon chonclúid ábhartha astu leis, más ann dóibh, maidir le fabhtanna modheolaíochta nó laigí a eascraíonn as cásanna margaidh ar leith;
|
|
(i)
|
is leis a chuirtear i bhfeidhm na torthaí a fhaightear le haghaidh na bpunann hipitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 325bj(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a ndéantar anailís orthu chun a áirithiú gur féidir leis an tsamhail inmheánach gnéithe struchtúracha a chur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an méid seo a leanas:
|
(i)
|
rioscaí boinn idir cuair thoraidh éagsúla;
|
|
(ii)
|
gluaiseachtaí nach bhfuil comhghaolaithe ar bhealach iomlán foirfe idir suíomhanna atá comhchosúil ach nach bhfuil comhionann;
|
|
(iii)
|
riosca boinn a bhaineann le hainm agus bonn a eascraíonn as suíomhanna creidmheasa nó cothromais atá comhchosúil ach nach bhfuil comhionann;
|
|
(iv)
|
riosca comhchruinnithe;
|
|
|
(j)
|
fíoraítear leis stóinseacht chur chun feidhme na samhla tomhais riosca inmheánaí i gcórais TF, agus áirithítear leis go gcuireann na haonaid ghnó agus tacaíochta uile na modheolaíochtaí i bhfeidhm go comhsheasmhach agus le haghaidh na réimsí geografacha ábhartha uile;
|
|
(k)
|
fíoraítear leis iomchuibheas agus ábharthacht na n-ionadach trí mheasúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
|
(i)
|
i ndáil le hamshraitheanna a n-úsáidtear ionadach ina leith, an céatadán díobh a úsáidtear;
|
|
(ii)
|
i ndáil le hamshraitheanna a n-úsáidtear ionadach ina leith, céatadán a rannchuidithe imeallaigh;
|
|
(iii)
|
an tionchar a d’fhéadfadh úsáid ionadaigh a imirt ar aithint éifeachtaí an éagsúlaithe.
|
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|