+Airteagal 12 3

Airteagal 12 3

3.   Chun críocha mhír 2, pointe (b), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

a fhíorú cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear le beartais inmheánacha na hinstitiúide go ndéantar an bailíochtú tréimhsiúil inmheánach go bliantúil ar a laghad, agus gach uair a dhéantar athruithe móra struchtúracha ar an margadh nó athruithe ar chomhdhéanamh na punainne a fhágann go bhféadfadh sé nach mbeadh an tsamhail inmheánach leordhóthanach a thuilleadh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

roinnt sáruithe atá éagsúil go mór leis an méid a raibh coinne leo de réir chalabrú na samhla;

(ii)

caillteanais mhóra margaidh i gcoibhneas leis an leibhéal a tuaradh le méadrachtaí riosca;

(iii)

athrú mór ar ghnó na hinstitiúide a d’fhéadfadh dúshlán na dtoimhdí samhaltaithe a thabhairt;

(iv)

mí-ailínithe móra neamhghnácha idir na hathruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha ar luachanna na bpunann;

(b)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an bailíochtú tréimhsiúil inmheánach bunaithe ar phlean oibre, arna fhormheas ag an gcomhlacht bainistíochta, agus cé acu a leagann nó nach leagann an plean oibre an méid seo a leanas amach:

(i)

raon feidhme an bhailíochtaithe inmheánaigh;

(ii)

na cúraimí a dhéanann an t-aonad bailíochtaithe;

(iii)

tosaíochtaí an bhailíochtaithe inmheánaigh;

(c)

measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n-áirithítear leis an bplean oibre dá dtagraítear i bpointe (b) go ndéantar próiseas bailíochtaithe inmheánach cuimsitheach riosca-bhunaithe, agus nach bhfágtar gnéithe ábhartha ar lár ó raon feidhme an bhailíochtaithe inmheánaigh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.