+Airteagal 27 1

Airteagal 27 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325bh(1), pointe (d), de Rialachán Uimh. 575/2013 i ndáil le samhaltú riosca malairte eachtraí, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

a cheangal ar an institiúid liosta de na péirí airgeadraí a bhfuil punann na hinstitiúide íogair ina leith a sholáthar agus, i gcás gach ceann de na péirí airgeadraí sin, a shoiléiriú cé acu atá nó nach bhfuil an péire airgeadraí sin faoi réir an spotráta malairte amháin, nó faoi réir fachtóirí riosca eile, lena n-áirítear luaineachtaí intuigthe;

(b)

a cheangal ar an institiúid anailís ar íogaireacht a punainne i leith gach péire airgeadraí dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar;

(c)

bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), a fhíorú cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an riosca boinn idir aon dá phéire airgeadraí a ghabháil go hintuigthe trí bhíthin ceachtar de na nithe seo a leanas:

(i)

an dá phéire airgeadraí a bheith samhaltaithe go díreach;

(ii)

bonn a léiríonn an difríocht idir an dá phéire airgeadraí sin a bheith áirithe sa tsamhail tomhais riosca inmheánach;

(d)

measúnú a dhéanamh ar a mhéid a bhreithníonn an institiúid an riosca a bhaineann le teagmhais díphionnála i gcás péirí airgeadraí nach bhfuil comhlúthach go neamhshrianta, agus i gcás ina bhfuil an riosca sin ábhartha, conas a dhéantar faireachán air;

(e)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an riosca a bhaineann le hathruithe ar chuair malairte eachtraí a ghabháil go cuí mar a cheanglaítear le hAirteagal 29 den Rialachán seo;

(f)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar riosca vega i ndáil le riosca malairte eachtraí a ghabháil go cuí mar a cheanglaítear le hAirteagal 30 den Rialachán seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.