1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325bh(1), pointe (h), de Rialachán Uimh. 575/2013 i ndáil le riosca vega a ghabháil i gcás aon chatagóire fachtóra riosca leithne ar leith, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a cheangal ar an institiúid liosta de na dromchlaí luaineachta uile a bhfuil punann na hinstitiúide íogair ina leith a sholáthar;
|
|
(b)
|
a cheangal ar an institiúid anailís ar íogaireacht a punainne i leith gach ceann de na dromchlaí dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar;
|
|
(c)
|
a fhíorú, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), cé acu a dhéantar nó nach ndéantar aon riosca boinn ábhartha idir aon dá dhromchla ar leith a ghabháil go hintuigthe de bharr go samhaltaítear dhá dhromchla go díreach, nó de bharr go samhaltaítear dromchla boinn a léiríonn an difríocht idir an dá dhromchla sin;
|
|
(d)
|
a fhíorú, i ndáil le dromchlaí luaineachta a bhfuil a bpointí ina bhfachtóirí riosca dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
tá critéir arna mbunú ag beartais inmheánacha na hinstitiúide chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an líon fachtóirí riosca atá le húsáid chun dromchla a shamhaltú, agus cé acu atá nó nach bhfuil na critéir sin bunaithe ar leachtacht agus ábharthacht na suíomhanna atá neamhchosanta ar an dromchla sin;
|
|
(ii)
|
gabhann anailís leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (i) lena léirítear gur féidir an riosca ar fud an dromchla a léiriú go cuimsitheach leis an líon fachtóirí riosca;
|
|
|
(e)
|
a fhíorú, i ndáil leis na dromchlaí a samhaltaíodh trí bhíthin paraiméadair feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, cé acu a áirítear nó nach n-áirítear i mbeartais inmheánacha na hinstitiúide anailís lena léirítear gur féidir an riosca ar fud an dromchla a léiriú go cuimsitheach leis na paraiméadair feidhmeanna turrainge;
|
|
(f)
|
measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na teicnící idirshuímh agus eachtarshuímh a úsáideann an institiúid chun dromchla a thógáil fónta agus, i gcás ina ndíorthaítear cuid den dromchla trína dhá phointe amuigh a eachtarshuí, a fhíorú an amhlaidh nach bhfuil difríocht mhór idir luaineacht na dtorthaí a bhreathnaítear sa mhargadh i gcás an chuid den dromchla arna eachtarshuí agus an chuid a leanann as an eachtarshuíomh.
|
Chun críocha phointe (a), i gcás gach ceann de na dromchlaí dá dtagraítear sa phointe sin, sonróidh an institiúid an samhaltaítear ina iomláine go díreach é nó mar shuim bhundromchla agus dromchla boinn.
Chun críocha phointe (d)(ii), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, a measúnú a chomhlánú trí úsáid a bhaint as an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 2.
Chun críocha phointe (e), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, a measúnú a chomhlánú trí úsáid a bhaint as an modh measúnúcháin dá dtagraítear i mír 3.
Chun críocha phointe (f), féadfaidh na húdaráis inniúla an modh measúnúcháin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a chur i bhfeidhm trí phointe sa dromchla arna fháil trína eachtarshuí a roghnú agus pointí (b) de na míreanna sin á gcur i bhfeidhm.