11. Chun críocha mhír 2, pointe (f)(i), na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí agus i gcás inar fíor-neamhlíneach na caillteanais a chomhfhreagraíonn d’athruithe ar fhachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe ábhartha nó ar bhuicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe, féadfaidh siad na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid an tréimhse struis a chinneadh trí uasmhéadú a dhéanamh ar an luach dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ar thacar fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó aon bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a bhaineann leis an gcatagóir leathan chéanna d’fhachtóirí riosca, trí úsáid a bhaint as na modhanna praghsála arna n-úsáid ag an institiúid sa tsamhail tomhais riosca i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Rialachán Tarmligthe sin;
|
|
(b)
|
é a cheangal ar an institiúid an tréimhse struis a chinneadh trí uasmhéadú a dhéanamh ar an luach dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ar an tacar dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, trí úsáid a bhaint as modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den Rialachán Tarmligthe sin;
|
|
(c)
|
measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil difríocht ábhartha idir na tréimhsí struis arna gcinneadh i gcomhréir le pointí (a) agus (b).
|
Roghnófar an tacar fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó na buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), agus a n-ábharthacht agus próifíl neamhlíneach an chaillteanais de bharr athruithe ar a luachanna á gcur san áireamh. Chun fachtóirí riosca neamh-insamhaltaithe nó buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe ag a bhfuil próifíl chaillteanais neamhlíneach a shainaithint, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as luach na comhéifeachta neamhlíneachta κ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 17 nó Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 mar bhonn.