+Airteagal 51 Measúnú ar an aitheantas fálaithe
---+Airteagal 51 (a)
---+Airteagal 51 (b)
---+Airteagal 51 (c)
---+Airteagal 51 (d)
---+Airteagal 51 2
---+Airteagal 51 3
---+Airteagal 51 4
---+Airteagal 51 (a)
---+Airteagal 51 (b)
---+Airteagal 51 (c)

Airteagal 51 Measúnú ar an aitheantas fálaithe

Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-aitheantas fálaithe i samhail inmheánach na hinstitiúide maidir leis an riosca mainneachtana Airteagal 325bo de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 51 (a)

cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh na nithe seo a leanas maidir le beartais inmheánacha na hinstitiúide:

(i)

tugtar tuairisc ar an gcaoi a ndéantar an ghlanluacháil;

(ii)

sonraigh:

(1)

na rioscaí boinn sin a ghabhtar go hintuigthe sa tsamhail trí dhá shuíomh éagsúla a shamhaltú;

(2)

na rioscaí boinn sin a ghabhtar go sainráite ina ionad sin trí fachtóir riosca boinn a thabhairt isteach;

Airteagal 51 (b)

athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais inmheánacha na hinstitiúide, agus na critéir atá beartaithe sna beartais inmheánacha sin a fhíorú chun éifeachtaí glanluachála agus fálaithe nó éifeachtaí an éagsúlaithe a aithint;

Airteagal 51 (c)

maidir leis an bhfaireachán a dhéantar ar riosca boinn mór féideartha a fhéadfaidh teacht chun cinn san eatramh idir aibíocht ionstraime agus an t-ionchas ama de 1 bhliain amháin, measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil sé láidir;

Airteagal 51 (d)

a cheangal ar an institiúid na nithe seo a leanas a sholáthar:

(i)

sampla de shuíomhanna sa tsamhail riosca mainneachtana;

(ii)

an liosta d’fhachtóirí riosca a chomhfhreagraíonn do na suíomhanna dá dtagraítear i bpointe (i).

Airteagal 51 2

Le linn do na húdaráis inniúla an sampla dá dtagraítear i bpointe (d)(i) a iarraidh, áiritheoidh siad go mbeidh éagsúlacht sna suíomhanna a sholáthraítear, agus, i gcás inarb infheidhme, go n-áireofar idir shuíomhanna a ndéantar glanluacháil orthu agus shuíomhanna nach ndéantar glanluacháil orthu.

Airteagal 51 3

Chun críocha phointe (b), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear leis na critéir i mbeartais inmheánacha na hinstitiúide go bhfuil an ghlanluacháil agus an fálú éifeachtúil, i gcás ina dtarlaíonn teagmhas creidmheasa nó aon teagmhas eile freisin.

Airteagal 51 4

Chun críocha phointe (d), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

Airteagal 51 (a)

leis na suíomhanna a mhapálann an institiúid ar fhachtóirí riosca, áirithítear nach ndéantar neamhchosaintí ar oibleagáideoirí éagsúla a ghlanluacháil, agus nach ndéantar glanluacháil den sórt sin ach amháin i gcás suíomhanna a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais céanna de chuid an oibleagáideora chéanna;

Airteagal 51 (b)

déantar neamhchosaintí ar oibleagáideoirí éagsúla a mhapáil ar fhachtóirí riosca éagsúla, nó tá fachtóir riosca boinn ann chun na difríochtaí sna neamhchosaintí sin a ghabháil, agus gabhtar an riosca boinn idir oibleagáideoirí ar cuid d’innéacsanna creidmheasa iad mar aon le hoibleagáideoirí eile;

Airteagal 51 (c)

i gcás suíomhanna in ionstraimí airgeadais éagsúla den oibleagáideoir céanna, maidir leis an anailís arna déanamh ag an institiúid chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh riosca boinn mór sna straitéisí fálaithe teacht chun cinn i ngeall ar chineálacha éagsúla táirgí, sinsearacht sa struchtúr caipitiúil, measúnuithe creidmheasa inmheánacha nó seachtracha, aibíocht, nó bliain eisiúna, cé acu atá nó nach bhfuil an anailís sin láidir.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.