+Airteagal 30 2.

Airteagal 30 2.

Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a áirithiú le go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla chun na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad a fhorchur agus chun na bearta riaracháin seo a leanas, ar a laghad, a ghlacadh i gcás ina dtarlaíonn na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (i) den chéad fhomhír de mhír 1:

(a) 

ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompar agus scor den iompar sin a dhéanamh arís;

(b) 

forghéilleadh na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;

(c) 

rabhadh poiblí ina léirítear an duine atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe;

(d) 

tarraingt siar nó fionraí an údaraithe atá ag gnólacht infheistíochta;

▼M5

(e) 

cosc sealadach ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, feidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta, agus i riarthóirí tagarmhairc nó i ranníocóirí faoi mhaoirseacht;

(f) 

i gcás sáruithe leantacha ar Airteagal 14 nó 15, cosc 10 mbliana ar a laghad ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, riarthóir tagarmhairc nó ranníocóir faoi mhaoirseacht, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, feidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta, agus i riarthóirí tagarmhairc nó i ranníocóirí faoi mhaoirseacht;

(g) 

cosc sealadach ar dhuine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, riarthóir tagarmhairc nó ranníocóir faoi mhaoirseacht, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, déileáil ar a chuntas féin;

▼B

(h) 

pionóis airgid riaracháin uasta de suas le trí oiread na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcásanna inar féidir iad sin a chinneadh;

(i) 

maidir le duine nádúrtha, pionóis airgid riaracháin uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:

(i) 

i gcás sáruithe ar Airteagal 14 agus Airteagal 15, EUR 5 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(ii) 

i gcás sáruithe ar Airteagal 16 agus Airteagal 17, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014; agus

(iii) 

i gcás sáruithe ar Airteagail 18, 19 agus 20, EUR 500 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014; agus

▼M5

(j) 

maidir le daoine dlítheanacha, smachtbhannaí airgid riaracháin uasta arb ionann iad agus na méideanna seo a leanas ar a laghad:

(i) 

i gcás sáruithe ar Airteagail 14 agus 15, 15 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta nó EUR 15 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(ii) 

i gcás sáruithe ar Airteagal 16, 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó EUR 2 500 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(iii) 

i gcás sáruithe ar Airteagal 17, 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta. I gcás ina measann na húdaráis inniúla go mbeadh an méid le haghaidh an smachtbhanna riaracháin bunaithe ar an láimhdeachas bliantúil iomlán díréireach íseal i ndáil leis na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 31(1), pointí (a), (b), agus (d) go (h), áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis sin smachtbhannaí riaracháin de EUR 2 500 000 ar a laghad a fhorchur. I gcás inar FBM an duine dlítheanach, féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh na húdaráis sin, mar mhalairt air sin, smachtbhannaí riaracháin de EUR 1 000 000 ar a laghad a fhorchur nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, na luachanna comhfhreagracha san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(iv) 

i gcás sáruithe ar Airteagail 18 agus 19, 0,8  % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta. I gcás ina measann na húdaráis inniúla go mbeadh an méid le haghaidh an smachtbhanna riaracháin bunaithe ar an láimhdeachas bliantúil iomlán díréireach íseal i ndáil leis na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 31(1), pointí (a), (b), agus (d) go (h), áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis sin smachtbhannaí riaracháin de EUR 1 000 000 ar a laghad a fhorchur. I gcás inar FBM an duine dlítheanach, féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh na húdaráis sin, mar mhalairt air sin, smachtbhannaí riaracháin de EUR 400 000 ar a laghad a fhorchur nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, na luachanna comhfhreagracha san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(v) 

i gcás sáruithe ar Airteagal 20, 0,8  % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, na luachanna comhfhreagracha san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014.

▼B

Tá tagairtí d’údaráis inniúla sa mhír seo, beidh siad gan dochar do chumas an údaráis inniúil a chuid feidhmeanna a fheidhmiú in aon cheann de na slite dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (j), i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina mháthairghnóthas nó ina fhochuideachta de mháthairghnóthas nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú de bhun Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), is é a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach de réir na dtreoracha ábhartha cuntasaíochta – Treoir 86/635/CEE ón gComhairle ( 16 ) le haghaidh na mbanc agus Treoir 91/674/CEE ón gComhairle ( 17 ) le haghaidh na ngnóthas árachais – de réir na gcuntas deireanach comhdhlúite atá ar fáil agus iad formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.