+Airteagal 2 Raon Feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 1a.
---+Airteagal 2 1b.
---+Airteagal 2 1c.
---+Airteagal 2 2.
|
Airteagal 2 Raon Feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le tagarmharcanna a sholáthar, sonraí ionchuir a rannchuidiú le tagarmharc agus tagarmharc a úsáid laistigh den Aontas.
|
|
Airteagal 2 1a.
|
Níl feidhm ag Teidil II agus III, cé is moite d’Airteagail 23a, 23b agus 23c, ná ag Teidil IV, V agus VI ach amháin i ndáil le tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.
|
|
Airteagal 2 1b.
|
De mhaolú ar mhír 1a den Airteagal seo, tá feidhm ag Airteagal 13(1), pointe (d), agus Airteagal 27(2aa) maidir le gach tagarmharc a úsáidtear san Aontas arna sholáthar ag na riarthóirí seo a leanas:
(a)
riarthóirí a áirítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36; nó
(b)
riarthóirí ar cuid de ghrúpa iad ag a bhfuil riarthóir amháin ar a laghad atá ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36.
|
|
Airteagal 2 1c.
|
De mhaolú ar mhír 1a den Airteagal seo, tá feidhm ag Airteagal 19 maidir le haon tagarmharc tráchtearraí atá bunaithe ar shonraí ionchuir arna rannchuidiú, mura gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is tagarmharc sonraí rialáilte atá ann;
(b)
is tagarmharc é atá bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht iad a bhformhór;
(c)
is tagarmharc criticiúil é agus is ór, airgead nó platanam atá sa bhunsócmhainn.
|
|
Airteagal 2 2.
|
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
(b)
údarás poiblí, i gcás ina rannchuidíonn sé sonraí le tagarmharcanna chun críocha beartas poiblí, ina soláthraíonn sé tagarmharcanna den sórt sin nó ina rialaíonn sé an soláthar sin, chun na gcríoch sin, lena n-áirítear bearta fostaíochta, gníomhaíocht eacnamaíochta, agus boilsciú;
(c)
contrapháirtí lárnach (CPL), i gcás ina soláthraíonn sé praghsanna tagartha nó praghsanna socraíochta a úsáidtear chun críocha bhainistíocht riosca CPLanna nó socraíochta;
(d)
praghas tagartha aonair a sholáthar d'aon ionstraim airgeadais a liostaítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
(e)
an preas, na meáin agus iriseoirí eile más rud é nach ndéanann siad ach tagarmharc a fhoilsiú nó tagairt do thagarmharc mar chuid dá ngníomhaíochtaí iriseoireachta gan aon smacht acu ar sholáthar an tagarmhairc sin;
(f)
duine nádúrtha nó dlítheanach a dheonaíonn creidmheas i gcúrsa thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin, nó a gheallann é sin a dhéanamh, gan ach sa mhéid ina bhfoilsíonn an duine sin rátaí iasachta athraitheacha nó seasta féin an duine sin, nó ina gcuireann sé ar fáil don phobal iad, ar rátaí iad arna socrú trí chinntí inmheánacha agus gan feidhm a bheith acu ach amháin maidir le conarthaí airgeadais arna ndéanamh ag an duine sin nó ag cuideachta laistigh den ghrúpa céanna lena gcuid cliant faoi seach;
▼M6
(g)
tagarmharc tráchtearraí bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí ar eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht a bhformhór agus nach mó meánluach barúlach iomlán na n-ionstraimí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc níos mó ná EUR 200 milliún thar thréimhse 12 mhí ina leith;
▼B
(h)
soláthróir innéacsanna i ndáil le hinnéacs arna sholáthar ag an soláthróir sin más rud é go bhfuil an soláthróir innéacsanna sin aineolach agus nach bhfuil sé réasúnta go bhféadfadh sé a bheith eolach go n-úsáidtear an t-innéacs sin chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointe (3) d'Airteagal 3(1);
▼M3
(i)
spot-tagarmharc malairte eachtraí a d’ainmnigh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 18a(1).
▼B
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|