+Airteagal 48n Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM
---+Airteagal 48n 1.
---+Airteagal 48n 1a.
---+Airteagal 48n 2.
---+Airteagal 48n 2a.
---+Airteagal 48n 3.
---+Airteagal 48n 3a.
---+Airteagal 48n 4.
---+Airteagal 48n 5.

Airteagal 48n Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48n 1.
Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointí (a) agus (b), a thugtar do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2), cuirfear deireadh leo an 1 Eanáir 2022. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.
Airteagal 48n 1a.
Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí a fhormhuiníonn tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (c), a thugtar do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2), cuirfear deireadh leo an 1 Eanáir 2026. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.
Airteagal 48n 2.
Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointí (a) agus (b), lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar lámh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Mar sin féin, ní dhéanfar iarratais ar údarú ag riarthóirí tagarmhairc chriticiúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointí (a) agus (c), agus iarratais ar aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32 a fuair údaráis inniúla iad roimh an 1 Deireadh Fómhair 2021, a aistriú chuig ÚEUM, agus glacfaidh an t-údarás inniúil ábhartha an cinneadh chun tagarmharc criticiúil a údarú nó chun aitheantas a thabhairt don tagarmharc.

Airteagal 48n 2a.
Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí a fhormhuiníonn tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (c), lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar lámh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo.

Mar sin féin, maidir le hiarratais ar fhormhuiniú a fhaigheann údaráis inniúla, faoin 1 Deireadh Fómhair 2025 ní aistreofar iad chuig ÚEUM, agus is é an t-údarás inniúil ábhartha a dhéanfaidh an cinneadh chun iad a údarú nó a fhormhuiniú.

Airteagal 48n 3.
Áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar aon taifid atá ann cheana agus aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointí (a) agus (b), a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus, in aon chás faoin 1 Eanáir 2022. Tabharfaidh na húdaráis inniúla sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n-éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir leis na riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointí (a) agus (b).
Airteagal 48n 3a.
Áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar aon taifid atá ann cheana agus aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (c), a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus in aon chás faoin 1 Eanáir 2026. Tabharfaidh na húdaráis inniúla sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n-éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir leis na riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (c).
Airteagal 48n 4.
Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n-údarás inniúil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 48n 5.
Maidir le haon údarú ar riarthóirí tagarmhairc chriticiúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointí (a) agus (c), aon aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32 ag údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus aon údarú nó clárú ar riarthóir a fhormhuiníonn tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír nó a bhfuil sé beartaithe aige iad a fhormhuiniú, a dheonaíonn údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé de bheith bailí tar éis aistriú na n-inniúlachtaí chuig ÚEUM.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.