7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád sna cláir lárnacha leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta, agus cuirfidh siad sásraí ar bun chuige sin. Chun na críche sin, cuirfidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas ar a laghad i bhfeidhm:
|
(a)
|
fíoróidh eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha, laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheith curtha isteach agus ar bhonn tráthrialta ina dhiaidh sin, go bhfuil an fhaisnéis sin leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta;
|
|
(b)
|
na húdaráis inniúla, más iomchuí agus a mhéid nach gcuireann ceanglas den sórt seo isteach gan chúis ar a bhfeidhmeanna, tuairisceoidh siad do na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha aon neamhréireachtaí a thagann dá n-aire idir an fhaisnéis atá ar fáil sna cláir lárnacha agus an fhaisnéis atá ar fáil dóibh féin.
|
Beidh méid agus minicíocht an fhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ar comhréir leis na rioscaí a bhaineann leis na catagóirí eintiteas dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla a shainaithnítear de bhun Airteagal 7(3), pointe (d) agus Airteagal 8(4), pointe (c).
Faoin 10 Iúil 2028, eiseoidh an Coimisiún moltaí maidir leis na modhanna agus na nósanna imeachta a bheidh le húsáid ag eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha chun faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhíorú agus ag eintitis faoi oibleagáid agus údaráis inniúla chun neamhréireachtaí maidir le faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a shainaithint agus a thuairisciú.