4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh na cláir lárnacha taifid ar na daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis de bhun an Airteagail seo agus go mbeidh siad in ann iad a nochtadh do na húinéirí tairbhiúla nuair a dhéanfaidh siad iarraidh de bhun Airteagal 15(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/679.
Mar sin féin, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar aon duine a cheadaíonn an clár a shainaithint mar thoradh ar an bhfaisnéis arna soláthar leis na cláir lárnacha i gcás na ndaoine seo a leanas:
|
(a)
|
daoine a ghníomhaíonn chun críche iriseoireachta, tuairiscithe nó aon chineál eile cur in iúl sna meáin a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc nó a chomhrac;
|
|
(b)
|
eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta a bhfuil baint acu le cosc nó comhrac an sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta.
|
Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go staonfaidh eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha ó chéannacht aon chontrapháirtí tríú tír d’údaráis inniúla AML/CFT de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe 44(a) agus (c), de Rialachán (AE) 2024/1624, na cláir lárnacha, a nochtadh chomh fada agus is gá chun anailísí nó imscrúduithe an údaráis sin a chosaint.
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh úinéirí tairbhiúla iarraidh de bhun Airteagal 15(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/679, go gcuirfear faisnéis ar fáil dóibh maidir le feidhm nó gairm bheatha na ndaoine a cheadaigh a bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil.
Chun críocha an tríú fomhír, agus rochtain á hiarraidh acu ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil de bhun an Airteagail seo, cuirfidh na húdaráis in iúl an tréimhse dá n-iarrann siad ar na cláir lárnacha staonadh ón nochtadh, tréimhse nach faide ná 5 bliana, agus na cúiseanna leis an srianadh sin, lena n-áirítear an chaoi a ndéanfadh soláthar na faisnéise cuspóir a n-anailísithe agus a n-imscrúduithe a chur i mbaol. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach nochtann cláir lárnacha céannacht an eintitis a cheadaigh an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, nach ndeonófar aon síneadh a chur leis an tréimhse sin ach amháin ar bhonn iarraidh a bhfuil údar maith léi ón údarás sa tríú tír, ar feadh tréimhse bliana ar a mhéad, agus ina dhiaidh sin go mbeidh ar an údarás sin iarraidh nua a bhfuil údar maith léi ar shíneadh a chur isteach.