+Airteagal 33 Imscrúduithe ginearálta
---+Airteagal 33 1
---+Airteagal 33 2
---+Airteagal 33 3
---+Airteagal 33 4
---+Airteagal 33 5
---+Airteagal 33 6
|
Airteagal 33 Imscrúduithe ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1
|
1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA gach imscrúdú is gá a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1). Chuige sin, cumhachtófar d’oifigigh agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ESMA an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
scrúdú a dhéanamh ar aon taifead, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a gcúraimí, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
|
|
(b)
|
cóipeanna deimhnithe a thógáil nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
|
|
(c)
|
aon duine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) nó a n-ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir an imscrúdaithe, agus na freagraí a thaifeadadh;
|
|
(d)
|
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe;
|
|
(e)
|
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
|
|
|
Airteagal 33 2
|
2. Déanfaidh oifigigh agus daoine eile arna n-údarú ag ESMA chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonrófar leis an údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 37(1) i gcás nach soláthraítear na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a éilítear nó an fhaisnéis a sholáthair na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) nó i gcás ina bhfuil na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar leis na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 36 i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthair na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 33 3
|
3. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) den Rialachán seo faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá ndéantar foráil in Airteagal 37 den Rialachán seo, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 33 4
|
4. In am trátha sula ndéanfar an t-imscrúdú, cuirfidh ESMA údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ina chríoch ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine arna n-údarú ag ESMA chun críocha an imscrúdaithe. Ar iarraidh a fháil ó ESMA, tabharfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann cúnamh do na daoine údaraithe sin agus a ndualgais á gcur i gcrích acu. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar an imscrúdú freisin arna iarraidh sin.
|
|
Airteagal 33 5
|
5. Más gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta i gcás iarraidh ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
|
|
Airteagal 33 6
|
6. I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 5, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar an imscrúdaithe. Le linn dó fíorú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ESMA amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ESMA faoi réir a hathbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|