|
+Airteagal 34 5. |
Airteagal 34 5.Glacfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach go leor chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartais agus nósanna imeachta a bhunú, a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an cúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36;
(b)
cumhdach na gcúlsócmhainní, lena n-áirítear leithscaradh sócmhainní, mar a shonraítear in Airteagal 37;
(c)
na cearta a dheonaítear do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha, mar a shonraítear in Airteagal 39;
(d)
an sásra trína ndéantar comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint agus a fhuascailt;
(e)
na prótacail chun idirbhearta i gcomharthaí sócmhainn-tagartha a bhailíochtú;
(f)
feidhmiú theicneolaíocht dhílsithe mórleabhar dáilte na n-eisitheoirí, i gcás ina ndéantar na comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint, a aistriú agus a stóráil trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte den sórt sin nó teicneolaíocht chomhchosúil arna hoibriú ag na heisitheoirí nó ag tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann;
(g)
na sásraí chun leachtacht comharthaí sócmhainn-tagartha a áirithiú, lena n-áirítear an beartas bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 45;
(h)
socruithe le heintitis tríú páirtí chun an cúlchiste sócmhainní a fheidhmiú, agus chun na cúlsócmhainní a infheistiú, na cúlsócmhainní a chumhdach agus, i gcás inarb infheidhme, na comharthaí sócmhainn-tagartha a dháileadh ar an bpobal;
(i)
toiliú i scríbhinn ó eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha arna dtabhairt do dhaoine eile a d’fhéadfadh na comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint nó ligean isteach na gcomharthaí sócmhainn-tagartha chun a dtrádála a iarraidh;
(j)
láimhseáil gearán, mar a shonraítear in Airteagal 31;
(k)
coinbhleachtaí leasa, mar a shonraítear in Airteagal 32. I gcás ina ndéanann eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (h), leagfar amach na socruithe sin i gconradh leis na heintitis tríú páirtí. Leis na socruithe conarthacha sin, leagfar amach róil, freagrachtaí, cearta agus oibleagáidí eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus na n-eintiteas tríú páirtí araon. Forálfar le haon socrú conarthach lena ngabhann impleachtaí trasdlínse do rogha gan débhrí maidir leis an dlí is infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|