|
+Airteagal 26 Cóireáil sceidealta ---+Article 26 1. ---+Article 26 2. ---+Article 26 3. ---+Article 26 4. ---+Article 26 5. ---+Article 26 6. ---+Article 26 7. ---+Article 26 8. ---+Article 26 9. |
Airteagal 26 Cóireáil sceidealtaAirteagal 26 Cóireáil sceidealta A. Nós imeachta um údarú 1. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 20(1) den bhun-Rialachán, déanfaidh an duine árachaithe doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil a thíolacadh d’institiúid na háite fanachta. Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh an institiúid inniúil an institiúid a iompróidh costas na cóireála sceidealta; sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(4) agus in Airteagal 27(5) den bhun-Rialachán agus ina ndéanfar na sochair chomhchineáil arna soláthar i mBallstát an chónaithe a aisíoc ar bhonn méideanna socraithe, ciallóidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe. 2. Mura bhfuil cónaí ar an duine árachaithe sa Bhallstát inniúil, iarrfaidh sé údarú ar institiúid na háite cónaithe a sheolfaidh ar aghaidh chuig an institiúid inniúil gan mhoill é. Sa chás seo, deimhneoidh institiúid na háite cónaithe i ndearbhú cibé acu an bhfuil coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh i mBallstát an chónaithe. Ní fhéadfaidh an institiúid inniúil diúltú an t-údarú arna iarraidh a dheonú, ach amháin i gcás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh i mBallstát cónaithe an duine árachaithe, i gcomhréir le measúnú institiúid na háite cónaithe, nó i gcás ina bhféadfar an chóireáil chéanna a sholáthar sa Bhallstát inniúil féin, laistigh de theorainn ama atá inchosanta ó thaobh an leighis de, ag cur san áireamh staid sláinte reatha an duine lena mbaineann chomh maith leis an gcúrsa is dóigh a bheadh ag an tinneas atá ar an duine lena mbaineann. Cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir lena cinneadh. Mura mbeidh freagra faighte laistigh de na spriocdhátaí a leagtar amach lena reachtaíocht náisiúnta, measfar go mbeidh an t-údarú deonaithe ag an institiúid inniúil. 3. Má tá gá ag duine árachaithe, nach bhfuil cónaí air sa Bhallstát inniúil, le cóireáil phráinneach shár-riachtanach agus nach féidir an t-údarú a dhiúltú i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán, deonóidh institiúid na háite cónaithe an t-údarú thar ceann na hinstitiúide inniúla, agus cuirfidh institiúid na háite cónaithe an institiúid inniúil ar an eolas láithreach. Glacfaidh an institiúid inniúil leis na cinntí agus leis na roghanna cóireála ó na dochtúirí arna bhformheas ag institiúid na háite cónaithe a eisíonn an t-údarú maidir leis an ngá atá le cóireáil phráinneach, shár-riachtanach. 4. Aon tráth i rith an nós imeachta lena ndeonaítear an t-údarú, forchoimeádfaidh an institiúid inniúil an ceart chun an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir a roghnóidh sí sa Bhallstát fanachta nó cónaithe. 5. Cuirfidh institiúid na háite fanachta, gan dochar d’aon chinneadh maidir le húdarú, an institiúid inniúil ar an eolas, más cosúil go bhfuil sé iomchuí ó thaobh an leighis de, an chóireáil a chumhdaítear leis an údarú atá ann cheana a fhorlíonadh. B. Costas na sochar comhchineáil arna dtabhú ag an duine árachaithe a ghlanadh 6. Gan dochar do mhír 7, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 25(4) agus (5) den Rialachán cur chun feidhme. 7. Má d’iompair an duine árachaithe féin costais uile nó cuid de chostais na cóireála leighis arna húdarú, agus más ísle méid na gcostais a bhfuil sé d’oibleagáid ar an institiúid inniúil iad a aisíoc le hinstitiúid na háite fanachta nó leis an duine árachaithe i gcomhréir le mír 6 (costas iarbhír) ná méid na gcostas a bheadh uirthi a ghabháil uirthi féin as an gcóireáil chéanna sa Bhallstát inniúil (costas barúlach), aisíocfaidh an institiúid inniúil leis nó léi, arna iarraidh sin dó, costas na cóireála a thabhaigh an duine árachaithe go dtí méid na difríochta atá idir an costas barúlach agus an costas iarbhír. Ní fhéadfaidh méid na haisíocaíochta, áfach, dul thar mhéid na gcostas a thabhaigh an duine árachaithe iarbhír agus féadfar a chur san áireamh leis an méid a bheadh le híoc ag an duine árachaithe dá mba rud é gur sa Bhallstát inniúil a seachadadh an chóireáil. C. Costais taistil agus fanachta mar chuid de chóireáil sceidealta a ghlanadh 8. I gcás ina bhforálfar le reachtaíocht náisiúnta na hinstitiúide inniúla d’aisíoc costas taistil agus costas fanachta atá doscartha ó chóireáil an duine árachaithe, gabhfaidh an institiúid seo uirthi féin na costais don duine lena mbaineann agus, más gá, do dhuine a chaithfidh é thionlacan, nuair a dheonófar údarú i gcás cóireála i mBallstát eile. D. Daoine den teaghlach 9. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 8 mutatis mutandis maidir le daoine de theaghlach na ndaoine árachaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|