+IARSCRÍBHINN VII LIOSTA AN AONTAIS DE THIONSCADAIL LEASA CHOITINN AGUS DE THIONSCADAIL CHOMHLEASA (“LIOSTA AN AONTAIS”),

IARSCRÍBHINN VII LIOSTA AN AONTAIS DE THIONSCADAIL LEASA CHOITINN AGUS DE THIONSCADAIL CHOMHLEASA (“LIOSTA AN AONTAIS”),




IARSCRÍBHINN VII

LIOSTA AN AONTAIS DE THIONSCADAIL LEASA CHOITINN AGUS DE THIONSCADAIL CHOMHLEASA (“LIOSTA AN AONTAIS”),

(dá dtagraítear in Airteagal 3(4))

A.   NA PRIONSABAIL A CHUIRTEAR I BHFEIDHM AGUS LIOSTA AN AONTAIS Á BHUNÚ

(1) Braislí de thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa

Tá roinnt tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa ina gcuid de bhraisle toisc go bhfuil siad idirspleách, go bhfuil siad in iomaíocht le chéile nó go bhféadfaidís a bheith in iomaíocht le chéile. Tarraingíodh suas na cineálacha braislí tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa seo a leanas:

(a) 

Sainítear braisle tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa idirspleách mar “Bhraisle X, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa seo a leanas:”. Bunaítear braisle den sórt sin chun tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa a shainaithint ar tionscadail iad a bhfuil gá leo uile chun aghaidh a thabhairt ar an scrogall céanna thar theorainneacha tíre agus lena soláthraítear sineirgí i gcás ina gcuirtear chun feidhme i dteannta a chéile iad. Sa chás seo, déanfar na tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa uile a chur chun feidhme chun na tairbhí uile-Aontais a bhaint amach;

(b) 

Sainítear braisle tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht le chéile mar “Bhraisle X, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de na tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa seo a leanas:”. Le braisle den sórt sin léirítear éiginnteacht maidir lena thromchúisí atá na scrogaill thar theorainneacha tíre. Sa chás seo, ní gá na tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa uile a áirítear sa bhraisle a chur chun feidhme. Fágtar faoin margadh é a chinneadh cé acu tionscadal amháin, roinnt tionscadal nó na tionscadail leasa choitinn nó na tionscadail chomhleasa uile a chuirfear chun feidhme, faoi réir an fhormheasa pleanála, ceada agus rialála is gá. Déanfar athmheasúnú ar an ngá atá leis na tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa – agus maidir leis na riachtanais inniúlachta freisin – i bpróiseas sainaitheanta tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa ina dhiaidh sin;

(c) 

Sainítear braisle tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa atá in iomaíocht le chéile mar “Bhraisle X, lena n-áirítear ceann de na tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa seo a leanas:”. Le braisle den sórt sin, tugtar aghaidh ar an scrogall céanna. Mar sin féin, bíonn cinnteacht níos mó ag baint lena thromchúisí atá an scrogall ná mar a bhíonn i gcás braisle tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht le chéile, agus dá bhrí sin rinneadh cinneadh nach gá ach an t-aon tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa amháin a chur chun feidhme. Fágtar faoin margadh é a chinneadh cén tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa a chuirfear chun feidhme, faoi réir an fhormheasa pleanála, ceada agus rialála is gá. I gcás inar gá, déanfar an gá atá leis na tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa a athmheas i bpróiseas sainaitheanta tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa ina dhiaidh sin.

Tá na tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa uile faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2022/869.

(2) Láimhseáil fostáisiún agus stáisiún comhbhrúiteora

Meastar fostáisiúin agus stáisiúin leictreachais droim le droim agus stáisiúin chomhbhrúiteora a bheith ina gcodanna de thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa má tá suíomh geografach acu ar línte tarchuir nó in aice le píblínte, de réir mar a bheidh. Meastar gur tionscadail leasa choitinn neamhspleácha a bhíonn i bhfostáisiúin, stáisiúin droim le droim agus stáisiúin chomhbhrúiteora agus liostaítear go sainráite ar liosta an Aontais iad más éagsúil a suíomh geografach le suíomh línte tarchuir nó píblínte, de réir mar a bheidh. Tá siad faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/869.

(3) Tionscadail nach meastar a bheith ina dtionscadail leasa choitinn ná ina dtionscadail chomhleasa a thuilleadh, agus tionscadail atá tagtha chun bheith ina gcuid de thionscadail leasa choitinn nó tionscadail chomhleasa eile

Meastar nach tionscadail leasa choitinn ná tionscadail chomhleasa a thuilleadh iad roinnt tionscadal atá ar an gcéad liosta de chuid an Aontais ar cheann amháin nó ar bhreis agus ceann amháin de na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

coimisiúnaíodh an tionscadal cheana féin nó coimisiúnófar é faoi mhí an Mhárta 2026 agus mar sin de ní rachadh forálacha Rialachán (AE) 2022/869 chun tairbhe dó;

(b) 

ní chomhlíontar na critéir ghinearálta leis an tionscadal de réir sonraí nua;

(c) 

níor cuireadh an tionscadal isteach arís le bheith roghnaithe mar thionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa;

(d) 

níor thug Ballstát, a mbaineann an tionscadal lena chríoch, a fhormheas; nó

(e) 

rangaíodh an tionscadal níos ísle ná tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa eile is iarrthóirí sa phróiseas roghnúcháin.

Féadfar na tionscadail sin (ach amháin na tionscadail a coimisiúnaíodh nó atá le coimisiúnú faoi mhí an Mhárta 2026) a mheas lena gcuimsiú sa chéad liosta eile de chuid an Aontais más rud é nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna gan iad a chuimsiú i liosta reatha an Aontais.

Ní tionscadail leasa choitinn ná tionscadail chomhleasa iad na tionscadail sin ach, ar chúiseanna trédhearcachta agus soiléireachta, liostaítear iad lena n-uimhreacha bunaidh tionscadail leasa choitinn nó tionscadail comhleasa i gcuid C den Iarscríbhinn seo mar “Tionscadail nach meastar a bheith ina dtionscadail leasa choitinn ná ina dtionscadail chomhleasa a thuilleadh”.

Le linn a bpróiseas cur chun feidhme, tharla sé go raibh roinnt tionscadal atá ar an gcéad liosta de chuid an Aontais ina gcodanna lárnacha de (bhraislí de) thionscadail leasa choitinn nó tionscadail chomhleasa eile.

Ní mheastar a thuilleadh gur tionscadail leasa choitinn ná tionscadail chomhleasa neamhspleácha iad na tionscadail sin ach, ar chúiseanna trédhearcachta agus soiléireachta, liostaítear iad lena n-uimhreacha bunaidh tionscadail leasa choitinn nó tionscadail comhleasa bunaidh i gcuid C den Iarscríbhinn seo mar “Tionscadail atá anois ina gcodanna lárnacha de thionscadail leasa choitinn nó tionscadail chomhleasa eile”.

(4) Codanna neamh-incháilithe de na tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa

I measc roinnt tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa, tá infheistíocht neamh-incháilithe amháin nó níos mó. Ní mheasfar na hinfheistíochtaí seo a leanas mar chuid de Liosta an Aontais:

(a) 

treisithe inmheánacha le haghaidh thionscadal “MEDLINK” (cuid de thionscadal comhleasa 1.35), is é sin an líne tharchuir srutha ailtéarnaigh idir Annaba agus Tougourt san Ailgéir, agus an líne tharchuir srutha ailtéarnaigh idir De Jebil agus Marsa Dhib sa Túinéis;

(b) 

treisithe inmheánacha le haghaidh an Idirnascaire idir Subotica (RS) agus Sándorfalva (HU) (cuid de thionscadal comhleasa 2.12), is é sin an líne lastuas idir Novi Sad 3 go Sombor 3, an líne lastuas idir Srbobran agus Sremska Mitrovica 2, agus atógáil fhostáisiún Subotica 3;

(c) 

treisithe inmheánacha le haghaidh an Idirnaisc idir Wadi El Natroon (EG) agus Mesogeia/St Stefanos (EL) [ar a dtugtar “GREGY Interconnector” faoi láthair] (cuid de thionscadal comhleasa 2.13) – codanna inmheánacha in EG;

(d) 

treisithe inmheánacha le haghaidh an idirnaisc idir Bobov Dol (BG) agus Leskovac 2 (RS) [ar a dtugtar “Central Balkan Corridor” faoi láthair] (cuid de thionscadal comhleasa 2.26), eadhon uasghrádú na líne lastuas idir Nis 2 agus Krusevac 1, uasghrádú fhostáisiún Krusevac 1, uasghrádú líne lastuas Krusevac 1 agus Kraljevo 3, uasghrádú na líne lastuas idir Kraljevo agus Pozega, fostáisiún nua Pozega, an líne lastuas nua idir Jagodina agus Pozarevac, uasghrádú na líne lastuas idir Pozega agus Vardiste, agus an fostáisiún nua in Pozarevac 3;

(e) 

codanna inmheánacha de chnámh droma na Spáinne (cuid de thionscadal leasa choitinn 9.1.3): Coruña – Zamora, Huelva – Algeciras, Castilla y León (idir Zamora agus Haro), Guitiriz – Zamora, agus nasc Castilla La Mancha agus Mhaidrid;

(f) 

cuid inmheánach Freiburg – Offenbach sa Ghearmáin (cuid de thionscadal leasa choitinn 9.2.1);

(g) 

Cuid Limistéar Limburg agus a nasc leis an gcnámh droma Thuaidh-Theas in Oirthear NL (cuid de thionscadal leasa choitinn 9.6);

(h) 

an cuid inmheánach sa Ghearmáin ag tosú gar do Bremen agus ag dul i dtreo Hanover (cuid de thionscadal leasa choitinn 9.7.4);

(i) 

an cuid inmheánach sa Fhrainc ó Port-de-la-Nouvelle trí Barbaira (cuid de thionscadal leasa choitinn 9.27.2);

(j) 

an cuid inmheánach sa Fhrainc Bordeaux – Lussagnet (cuid de thionscadal leasa choitinn 9.27.3);

(k) 

an chuid inmheánach sa Ghearmáin a thosaíonn gar do Bremen agus a théann ó dheas (cuid de thionscadal leasa choitinn 9.28);

(l) 

an chuid inmheánach sa Ríocht Aontaithe ó Bacton go dtí gréasán hidrigine inmheánach na Ríochta Aontaithe (cuid de thionscadal comhleasa 9.35);

(m) 

na codanna inmheánacha sa Túinéis de Chonair Hidrigine na hAfraice Thuaidh (cuid de thionscadal comhleasa 10.12);

(n) 

an chuid inmheánach sa tSualainn a nascann Kiruna le Luleå den Nordic Hydrogen Route – Bothnian Bay (cuid de thionscadal leasa choitinn 11.1);

(o) 

na codanna inmheánacha san Fhionlainn (tugtar tagairtí geografacha mar thásca): Mäntsälä, Imatra, Kouvola, Kotka; líne inmheánach na Conaire Nordaí Hidrigine Baltaí in LT a nascann le Klaipėda (cuid de thionscadal leasa choitinn 11.2);

(p) 

cuid na Sualainne – na Fionlainne agus an nascadh Bhailitheoir Hidrigine Mhuir Bhailt le hoileán Gotland (cuid de thionscadal leasa choitinn 11.3).

(5) Uimhriú na dtionscadal ar liosta an Aontais

Na tionscadail atá ar an gcéad liosta de chuid an Aontais, coinneoidh siad a n-uimhir bhunaidh tionscadail leasa choitinn/tionscadail comhleasa ar liosta reatha an Aontais. Sannfar uimhir nua uathúil tionscadail leasa choitinn/tionscadail comhleasa do thionscadail a áirítear as an nua ar liosta reatha an Aontais.

B.   LIOSTA AN AONTAIS DE THIONSCADAIL LEASA CHOITINN AGUS TIONSCADAIL CHOMHLEASA

(1) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (NSI West Electricity)

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

1.1

Idirnasc na Portaingéile – na Spáinne idir Beariz – Fontefría (ES), Fontefria (ES) – Ponte de Lima (PT) agus Ponte de Lima – Vila Nova de Famalicão (PT), lena n-áirítear fostáisiúin in Beariz (ES), Fontefría (ES) agus Ponte de Lima (PT)

1.2

Idirnasc idir Gatica (ES) agus Cubnezais (FR) [ar a dtugtar “Biscay Gulf” faoi láthair]

1.3

Idirnasc idir La Martyre (FR) agus an tOileán Mór nó Cnoc Rátha (IE) [ar a dtugtar “Celtic Interconnector” faoi láthair]

1.4

1.4.1  Líne inmheánach ó Emden-Oirthear go Osterath chun an acmhainneacht a mhéadú ón nGearmáin Thuaidh go dtí Dúiche na Réine [ar a dtugtar “A-Nord” faoi láthair]

1.5

Líne inmheánach sa Ghearmáin idir Brunsbüttel/Wilster agus Großgartach/Grafenrheinfeld chun an acmhainneacht a mhéadú ag na teorainneacha Thuaidh agus Theas [ar a dtugtar “Suedlink” faoi láthair]

1.6

Líne inmheánach idir Osterath agus Philippsburg (DE) chun an acmhainneacht ag na teorannacha Thiar a mhéadú [ar a dtugtar “Ultranet” faoi láthair]

1.7

1.7.1  Idirnasc idir Navarra (ES) agus Landes (FR) [ar a dtugtar “Pyrenean crossing 1” faoi láthair]

1.7.2  Idirnasc idir réigiún Aragón (ES) agus Marsillon (FR) [ar a dtugtar “Pyrenean crossing 2” faoi láthair]

1.8

Idirnasc idir Lonny (FR) agus Gramme (BE)

1.9

Línte inmheánacha ag teorainn thuaidh na Beilge idir Zandvliet agus Lillo-Liefkenshoek (BE), agus idir Liefkenshoek agus Mercator, lena n-áirítear fostáisiún in Lillo (BE) [ar a dtugtar “BRABO II + III” faoi láthair]

1.10

Idirnasc idir mórthír na hIodáile agus an Chorsaic – (FR) agus an tSairdín (IT) [ar a dtugtar “SACOI 3” faoi láthair]

1.11

Tionscadal Sínte Stórála Kaunertal (AT)

1.12

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Íonúcháin-Pumpála NAVALEO (ES)

1.13

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála Bhéal Átha Gabhann (IE)

1.14

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála RIEDL (DE)

1.16

Stóráil Fuinnimh le hAer Comhbhrúite Mhol Hidrigine Glas na Danmhairge (DK)

1.17

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála WSK PULS (DE)

1.18

Stóráil Fuinnimh Hiodrálach Inchúlaithe Pumpála AGUAYO II (ES)

1.22

Líne inmheánach idir limistéar Bordeaux agus limistéar Nantes (FR) [ar a dtugtar “GiLA” faoi láthair]

1.23

Líne inmheánach idir Montalto agus Avenza (IT) [ar a dtugtar “HG North Tyrrhenian Corridor” faoi láthair]

1.24

Líne inmheánach idir Ovelgönne/Rastede/Wiefelstede/Westerstede agus Bürstadt agus Marxheim (Taunus) (DE) [ar a dtugtar “Rhine-Main-Link” faoi láthair]

1.25

Rialaitheoir Eangaí Ar Líne “PSKW-Rio” (DE)

1.26

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála CHR IRENE (ES)

1.27

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála PSP CONSO II (ES)

1.28

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála Villarosa (IT)

1.29

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála Taccu Sa Pruna (IT)

1.30

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála Favazzina (IT)

1.31

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpál Serra Del Corvo (IT)

1.32

Stóráil Fuinnimh le hAer Comhbhrúite “CAES Ahaus, an Ghearmáin” (DE)

Tionscadail chomhleasa arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

1.19

Idirnasc idir an tSicil (IT) agus nód na Túinéise (TN) [ar a dtugtar “ELMED” faoi láthair]

1.20

Idirnasc idir limistéar Zeebrugge (BE) agus Kemsley, Kent (an Ríocht Aontaithe) [ar a dtugtar “Cronos” faoi láthair]

1.21

Idirnasc idir limistéir Emden (DE) agus Corringham, Essex (an Ríocht Aontaithe) [ar a dtugtar “Tarchon” faoi láthair]

1.33

Idirnasc idir Fearann na Coille (IE) agus Turleenan (an Ríocht Aontaithe) [ar a dtugtar “North-South interconnector” faoi láthair] (Uimh. 2.13.1 ar an gceathrú liosta de thionscadail leasa choitinn)

1.34

Idirnasc idir Maigh Nuad (IE) agus Bodelwyddan (an Ríocht Aontaithe) [ar a dtugtar “MaresConnect” faoi láthair]

1.35

Idirnasc idir La Spezia (IT) agus Annaba (DZ) agus idir Suvereto (IT) agus Marsa Dhib (TN) [ar a dtugtar “Medlink” faoi láthair]

(2) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (NSI East Electricity)

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

2.1

Braisle idir an Ostair agus an Ghearmáin, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

2.1.1  Idirnasc idir Isar/Altheim/Ottenhofen (DE) – St. Peter (AT)

2.1.3  Líne inmheánach idir Westtirol – Zell-Ziller (AT)

2.1.4  Idirnascaire idir Pleinting (DE) – St. Peter (AT)

2.2

Líne inmheánach sa Ghearmáin idir Wolmirstedt agus Isar [ar a dtugtar “SuedOstLink” faoi láthair]

2.3

Braisle línte inmheánacha sa tSeicia, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

2.3.2  Líne inmheánach idir Prestice agus Kocin

2.3.3  Líne inmheánach idir Kocin agus Mirovka

2.4

Idirnascaire idir Würmlach (AT) – Somplago (IT)

2.5

Braisle idir an Ungáir agus an Rómáin, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

2.5.1  Idirnascaire idir Józsa (HU) agus Oradea (RO)

2.5.2  Líne inmheánach idir Urechesti (RO) agus Targu Jiu (RO)

2.5.3  Líne inmheánach idir Targu Jiu (RO) agus Paroseni (RO)

2.5.4  Líne inmheánach idir Paroseni (RO) agus Baru Mare (RO)

2.5.5  Líne inmheánach idir Baru Mare (RO) agus Hasdat (RO)

2.5.6  Uasghrádú fhostáisiún Rosiori (RO)

2.5.7  Idirnascaire idir Nadab (RO) agus Bekescsaba (HU)

2.6

Braisle idir Iosrael, an Chipir agus an Ghréig [ar a dtugtar “Great Sea Interconnector” faoi láthair], lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

2.6.1  Idirnasc idir Hadera (IL) agus Kofinou (CY)

2.6.2  Idirnasc idir Kofinou (CY) agus Korakia na Créite (EL)

2.7

Idirnascaire idir Otrokovice (CZ) – Ladce (SK)

2.8

Idirnascaire idir réigiún Lienz (AT) – Veneto (IT)

2.9

Stóráil fuinnimh hidrileictrigh pumpála in Amfilochia (EL)

2.10

Córas stórála fuinnimh i gceallraí Ptolemaida (EL)

2.11

Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Íonúcháin-Pumpála in Čierny Váh (SK) arna Nuachóiriú [ar a dtugtar “SE Integrator” faoi láthair]

2.14

Líne inmheánach idir Villanova agus Fano (IT) [ar a dtugtar “Adriatic HVDC link” faoi láthair]

2.15

Líne inmheánach idir Lienz, Malta agus Obersielach (AT)

2.16

Idirnasc idir Hradec (CZ) agus Röhrsdorf (DE)

2.17

Idirnasc idir Galatina (IT) agus Thesprotia (EL) [ar a dtugtar “GRITA 2” faoi láthair]

2.18

Líne inmheánach idir St. Peter agus Dürnrohr (AT)

2.19

Líne inmheánach idir Foggia agus Forli (IT) [ar a dtugtar “HG Adriatic Corridor” faoi láthair]

2.20

Idirnasc idir Sajóivánka (HU) – Rimavská Sobota (SK) (Uimh. 3.17 ar an gceathrú liosta tionscadal leasa choitinn)

2.21

Stóráil fuinnimh hidrileictrigh pumpála in Yadenitsa (BG) (Uimh. 3.23 ar an gceathrú liosta tionscadal leasa choitinn)

2.22

Stóráil fuinnimh hidrileictrigh pumpála in Kozjak (SI)

2.23

Stóráil fuinnimh hidrileictrigh pumpála in Batak (BG)

2.24

Stóráil fuinnimh hidrileictrigh pumpála Dospat (BG)

Tionscadail chomhleasa arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

2.12

Idirnascaire idir Subotica (RS) agus Sándorfalva (HU) [ar a dtugtar “Pannonian Corridor” faoi láthair]

2.13

Idirnasc idir cladach Sidi Barrani (EG) agus Mesogeia/St Stefanos (EL) [ar a dtugtar “GREGY Interconnector” faoi láthair]

2.25

An dara hidirnasc idir Villanova (IT) agus Lastva (ME)

2.26

An t-idirnasc idir Bobov Dol (BG) agus Leskovac 2 (RS) [ar a dtugtar “Central Balkan Corridor” faoi láthair]

2.27

Idirnasc idir Anaklia (GE) agus Constanta Sud (RO) [ar a dtugtar “Black Sea interconnection cable” faoi láthair]

2.28

Idirnasc idir Mukacheve (UA) agus Veľké Kapušany (SK)

2.29

Idirnasc idir Artsyz (UA) agus Isaccea (RO)

(3) Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa leictreachas (BEMIP Electricity)

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

3.2

Stóráil fuinnimh hidrileictrigh pumpála san Eastóin

3.3

Córas leictreach na Stát Baltach a chomhtháthú agus a shioncronú le líonraí na hEorpa, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

3.3.3  Líne inmheánach idir Paide agus Sindi (EE)

3.3.5  Gnéithe bonneagair eile a bhaineann le cur chun feidhme shioncronú chóras na Stát Baltach le líonra mhór-roinn na hEorpa

3.3.6  Idirnasc idir an Liotuáin agus an Pholainn [ar a dtugtar “Harmony Link” faoi láthair]

3.3.11  Líne inmheánach idir Dunowo agus Żydowo Kierzkowo (PL)

3.3.12  Líne inmheánach idir Piła Krzewina agus Żydowo Kierzkowo (PL)

3.3.13  Líne inmheánach idir Morzyczyn-Dunowo-Słupsk-Żarnowiec (PL)

3.3.14  Líne inmheánach idir Żarnowiec-Gdańsk/Gdańsk Przyjaźń-Gdańsk Błonia (PL)

3.5

An ceathrú hidirnasc idir an Fhionlainn agus an tSualainn [ar a dtugtar “Aurora line 2” faoi láthair]

3.6

Idirnasc idir an Fhionlainn agus an Eastóin [ar a dtugtar “Estlink 3” faoi láthair]

3.7

Idirnasc idir an Fhionlainn agus an tSualainn [ar a dtugtar “Fenno-Skan 3” faoi láthair]

3.8

Idirnasc idir an tSualainn agus an Danmhairg [ar a dtugtar “Upgrade to Konti-Skan” faoi láthair]

3.9

Tionscadal neartaithe trasteorann na Laitvia agus na Liotuáine

3.10

Stóráil fuinnimh hidrileictrigh pumpála san Fhionlainn [ar a dtugtar “Kemijoki PSP” faoi láthair”]

(4) Eangacha amach ón gcósta na bhfarraigí thuaidh (NSOG):

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

4.2

Idirnascaire hibrideach amach ón gcósta idir an Bheilg agus an Danmhairg [ar a dtugtar “Triton Link” faoi láthair]

4.3

Fostáisiún ardvoltais amach ón gcósta agus nasc le Menuel (FR) [ar a dtugtar “Offshore Wind Connection Centre Manche 1” faoi láthair]

4.4

Fostáisiún ardvoltais amach ón gcósta agus nasc le Tourbe (FR) [ar a dtugtar “Offshore Wind Connection Centre Manche 2” faoi láthair]

4.7

Nasc Gaoithe amach ón gCósta Fécamp-Grand Large 1 (FR)

4.8

Nasc Gaoithe amach ón gCósta Fécamp-Grand Large 2 (FR)

4.9

Idirnascaire hibrideach amach ón gcósta idir an Ghearmáin agus an Ísiltír

Tionscadail chomhleasa arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

4.5

Idirnascaire ilchuspóireach idir Oileán Princess Elisabeth (BE) agus Kent (an Ríocht Aontaithe) [ar a dtugtar “Nautilus” faoi láthair]

4.6

Idirnasc HVDC ilchuspóireach idir an Bhreatain Mhór agus an Ísiltír [ar a dtugtar “LionLink” faoi láthair]

4.10

Idirnascaire hibrideach amach ón gcósta idir an Ríocht Aontaithe agus an Ghearmáin [ar a dtugtar “HansaLink - Phase 1” faoi láthair]

(5) Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh i dtaca le heangaí amach ón gcósta (BEMIP offshore):

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

5.1

Idirnascaire Hibrideach na Laitvia agus na hEastóine amach ón gcósta [ar a dtugtar “Elwind” faoi láthair]

5.2

Idirnascaire Hibrideach amach ón gcósta “Bornholm Energy Island” (BEI) idir an Danmhairg agus an Ghearmáin

(6) Eangaí amach ón gcósta an Deiscirt agus an Iarthair (SW offshore):

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

6.1

Nasc Gaoithe amach ón gCósta Occitanie (FR)

6.2

Nasc Gaoithe amach ón gCósta PACA (FR)

6.3

Nasc Gaoithe amach ón gCósta Golfe de Lion Centre (FR)

(7) Eangacha amach ón gcósta an Deiscirt agus an Oirthir (SE offshore):

Níor cuireadh aon tionscadal isteach don chonair seo.

(8) Eangacha amach ón gcósta san Atlantach:

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

8.1

Nasc Gaoithe amach ón gCósta na Briotáine Theas (FR)

8.2

Nasc Gaoithe amach ón gCósta an Atlantaigh Thoir Oléron 1 (FR)

8.3

Nasc Gaoithe amach ón gCósta an Atlantaigh Thoir Oléron 2 (FR)

8.4

Nasc Gaoithe amach ón gcósta Golfe de Gascogne Sud (FR)

8.5

Nasc Gaoithe amach ón gcósta Bretagne Nord-Ouest (FR)

(9) Idirnaisc hidrigine in Iarthar na hEorpa (“HI West”):

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

9.1

Conair na Portaingéile – na Spáinne – na Fraince – na Gearmáine:

9.1.1  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Phortaingéil

9.1.2  Idirnascaire hidrigine idir an Phortaingéil agus an Spáinn

9.1.3  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Spáinn

9.1.4  Idirnascaire hidrigine idir an Spáinn agus an Fhrainc [ar a dtugtar “BarMar” faoi láthair]

9.1.5  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Fhrainc á nascadh leis an nGearmáin [ar a dtugtar “HyFen” faoi láthair]

9.1.6  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin á nascadh leis an bhFrainc [ar a dtugtar “H2Hercules South-West” faoi láthair]

9.2

Gleannta hidrigine trasteorann idir an Fhrainc agus an Ghearmáin:

9.2.1  Gleann hidrigine sa Ghearmáin go dtí teorainn na Fraince [ar a dtugtar “RHYn” faoi láthair]

9.2.2  Gleann hidrigine sa Fhrainc go dtí teorainn na Gearmáine [ar a dtugtar “Mosahyc” faoi láthair]

9.3

Bonneagar inmheánach hidrigine sa Fhrainc go dtí teorainn na Beilge [ar a dtugtar “Franco-Belgian H2 corridor” faoi láthair]

9.4

Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar “H2ercules West” faoi láthair]

9.5

Bonneagar inmheánach hidrigine sa Bheilg [ar a dtugtar “Belgian Hydrogen Backbone” faoi láthair]

9.6

Bonneagar inmheánach hidrigine san Ísiltír [ar a dtugtar “National Hydrogen Backbone” faoi láthair]

9.7

Idirnascairí hidrigine “National Hydrogen Backbone” (NL) – an Ghearmáin

An chuid Ghearmánach:

9.7.1  Idirnascaire hidrigine ón gcnámh droma Thuaidh Theas san Oirthear go Oude (NL) [ar a dtugtar “H2ercules North” faoi láthair]

9.7.2  Idirnascaire hidrigine ón gcnámh droma Thuaidh Theas san Oirthear go Vlieghuis (NL) - Vlieghuis - Ochtrup (DE)

9.7.3  Idirnascaire hidrigine ón Ísiltír go dtí an Ghearmáin [ar a dtugtar “Delta Rhine Corridor H2” faoi láthair]

9.7.4  Idirnascaire hidrigine idir an Ghearmáin agus an Ísiltír 2 [ar a dtugtar “Hyperlink” faoi láthair]

9.7.5  Idirnascaire hidrigine ón gcnámh droma Thuaidh-Theas in Winterswijk/Vreden go dtí an Ghearmáin [ar a dtugtar “H2ercules North-West” faoi láthair]

9.8

Píblíne hidrigine na Gearmáine amach ón gcósta [ar a dtugtar “AquaDuctus” faoi láthair]

9.9

Idirnascaire hidrigine idir an Danmhairg agus an Ghearmáin:

9.9.1  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar “HyperLink III” faoi láthair]

9.9.2  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Danmhairg [ar a dtugtar “DK Hydrogen Pipeline West” faoi láthair]

9.10

Saoráidí glactha amóinia sa Bheilg:

9.10.1  Saoráid glactha amóinia Antuairp

9.10.2  Saoráid glactha amóinia Amplifhy Antuairp

9.10.3  Saoráid glactha amóinia Zeebrugge New Molecules

9.10.4  Saoráid glactha amóinia Antuairp VEPA

9.11

Saoráidí glactha amóinia sa Ghearmáin:

9.11.1  Teirminéal shaoráid glactha amóinia Brunsbüttel

9.11.3  Saoráid glactha amóinia Wilhelmshaven (Uniper)

9.12

9.12.2  Saoráid glactha amóinia Amplifhy Rotterdam

9.13

Saoráid glactha amóinia Dunkerque (FR)

9.15

Saoráidí leictrealóra sa Spáinn:

9.15.4  Leictrealóir Valle andaluz del hidrógeno verde – Huelva

9.15.5  Leictrealóir ghleann Asturias H2

9.15.6  Leictrealóir Valdo Eume

9.15.7  Leictrealóir Catalina

9.15.8  Leictrealóir ErasmoPower2X

9.16

Saoráidí leictrealóra sa Fhrainc:

9.16.6  Leictrealóir GHYga H2

9.16.7  Leictrealóir H2V 59

9.17

9.17.4  Leictrealóir ScheldeH2 (NL)

9.18

Saoráidí leictrealóra sa Ghearmáin:

9.18.3  Leictrealóir Rheinfelden

9.18.4  Leictrealóir GreenRoot

9.20

Stóráil Hidrigine na Danmhairge (DK)

9.21

Stóráil Hystock Opslag H2 (NL)

9.22

Stóráil hidrigine sa Ghearmáin:

9.22.1  Stóráil hidrigine Salthy Harsefeld

9.22.3  Stóráil hidrigine Salthy Harsefeld II A+B

9.22.4  Stóráil hidrigine EWE Huntorf

9.22.5  Stóráil hidrigine UST Krummhörn

9.22.6  Stóráil NWKG H2

9.22.7  Stóráil hidrigine EWE Jemgum

9.22.8  Gasunie SpHyGER Etzel

9.22.9  Méadú Stórála RWE H2 Gronau-Epe (Uimh 9.22.2 ar an gcéad liosta de chuid an Aontais)

9.22.10  Stóráil RWE H2 Gronau-Epe - an dara méadú

9.22.11  Stóráil hidrigine UST Epe

9.24

Stóráil hidrigine sa Spáinn:

9.24.1  Stóráil H2 ó thuaidh –1

9.24.2  Stóráil H2 ó thuaidh – 2

9.26

Idirnascairí hidrigine idir an Fhrainc, Lucsamburg agus an Bheilg:

9.26.1  Idirnascaire hidrigine idir an Fhrainc agus Lucsamburg [ar a dtugtar “Hy4link (FR)” faoi láthair]

9.26.2  Píblíne inmheánach hidrigine i Lucsamburg go dtí teorainn na Beilge [ar a dtugtar “Hy4link (LU)” faoi láthair]

9.27

Bonneagar inmheánach hidrigine sa Fhrainc ó Bhordeaux go cósta na Meánmhara:

9.27.1  MidHY

9.27.2  HySoW an Mheánmhuir

9.27.3  HySoW an tAtlantach

9.28

Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar “HyperLink 4-5” faoi láthair]

9.29

Conair hidrigine na hIodáile – na hEilvéise – na Gearmáine:

9.29.1  Bonneagar inmheánach hidrigine san Iodáil ó Poggio Renatico go dtí teorainn na hEilvéise

9.29.2  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar “Alpine HyWay” faoi láthair]

9.30

Saoráidí leictrealóra sa Danmhairg:

9.30.1  Leictrealóir HØST PtX Esbjerg (ar a dtugtaí Jyske Banke Nord PtX) (Uimh. 9.19 ar an gcéad liosta de chuid an Aontais)

9.30.2  Leictrealóir Hela

9.30.3  Leictrealóir Vidar

9.30.4  Leictrealóir Plug Idomlund

9.30.5  Leictrealóir Esbjerg

9.31

Leictrealóir H2Austria&Bavaria+Store (AT)

9.32

Leictrealóir CHYMIA (BE)

9.33

Stóráil hidrigine sa Fhrainc:

9.33.1  Stóráil GeoH2 (Uimh. 9.23 ar an gcéad liosta de chuid an Aontais)

9.33.2  Stóráil HyPSTER_3

9.33.3  Stóráil HySoW

Tionscadail chomhleasa arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

9.34

Bonneagar inmheánach hidrigine san Eilvéis (cuid den chonair hidrigine idir an Iodáil - an Eilvéis - an Ghearmáin) [ar a dtugtar “Alpine H2 corridor” faoi láthair])

9.35

Idirnascaire hidrigine idir an Bheilg agus an Ríocht Aontaithe

(10) Idirnaisc hidrigine i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (HI East):

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

10.1

Conair SoutH2 An Túinéis – An Iodáil – An Ostair – An Ghearmáin:

10.1.1  Bonneagar inmheánach hidrigine san Iodáil [ar a dtugtar “Italian H2 Backbone” faoi láthair]

10.1.2  Bonneagar inmheánach hidrigine san Ostair [ar a dtugtar “H2 Readiness of the TAG pipeline system” faoi láthair]

10.1.3  Bonneagar inmheánach hidrigine san Ostair [ar a dtugtar “H2 Backbone WAG and Penta West” faoi láthair]

10.1.4  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar “HyPipe Bavaria – The Hydrogen Hub” faoi láthair]

10.2

Idirnasc Hidrigine idir an tSeicia agus an Ghearmáin:

10.2.1  Bonneagar inmheánach hidrigine sa tSeicia i dtreo na Gearmáine[ar a dtugtar “Czech H2 Backbone West” faoi láthair]

10.2.2  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar “FLOW East – Making Hydrogen Happen” faoi láthair]

10.2.3  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar “H2ercules Network South-East” faoi láthair]

10.3

Idirnasc hidrigine idir an Ghréig agus an Bhulgáir:

10.3.1  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghréig i dtreo theorainn na Bulgáire [ar a dtugtar “H2DRIA pipeline” faoi láthair]

10.3.2  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Bhulgáir i dtreo theorainn na Gréige

10.5

Conair Hidrigine Lár na hEorpa idir an Úcráin – an tSlóvaic – an tSeicia – an Ghearmáin:

10.5.1  Bonneagar inmheánach hidrigine sa tSlóvaic [ar a dtugtar “Slovak Hydrogen Backbone” faoi láthair]

10.5.2  Bonneagar inmheánach hidrigine sa tSeicia [ar a dtugtar “Czech Hydrogen Backbone North” faoi láthair]

10.6

Idirnasc hidrigine idir an tSlóvaic agus an Ungáir:

10.6.1  Bonneagar inmheánach hidrigine sa tSlóvaic [ar a dtugtar “SK-HU H2 corridor” faoi láthair]

10.6.2  Bonneagar inmheánach hidrigine san Ungáir [ar a dtugtar “HU/SK hydrogen corridor” faoi láthair]

10.7

Conair hidrigine idir an Ghréig agus an Iodáil:

10.7.1  Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghréig [ar a dtugtar “Komnina – Florovouni pipeline” faoi láthair]

10.7.2  Píblíne hidrigine amach ón gcósta idir an Ghréig agus an Iodáil [ar a dtugtar “H2 Poseidon pipeline” faoi láthair]

10.8

Saoráid glactha amóinia, Críochfort Fuinnimh Iónach (GR)

10.9

Saoráid leictrealóra Thalis 1 (GR)

10.10

Stóráil hidrigine EWE Ruedersdorf (DE)

10.11

Stóráil Hidrigine faoi Thalamh Fiume Treste Livello (IT)

Tionscadail chomhleasa arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

10.12

Píblíne hidrigine amach ón gcósta idir an Túinéis agus an Iodáil [ar a dtugtar “North Africa Hydrogen Corridor” faoi láthair] (cuid de chonair SoutH2)

10.13

Bonneagar inmheánach hidrigine san Úcráin [ar a dtugtar “Central European Hydrogen Corridor (UKR part)” faoi láthair]

(11) Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh i dtaca le hidrigin (BEMIP Hydrogen):

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:



Uimh.

Sainmhíniú

11.1

Idirnascaire hidrigine idir an tSualainn agus an Fhionlainn [ar a dtugtar “Nordic Hydrogen Route – Bothnian Bay” faoi láthair]

11.2

Idirnascaire hidrigine idir an Fhionlainn, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn agus an Ghearmáin [ar a dtugtar “Nordic-Baltic Hydrogen Corridor” faoi láthair]

11.3

Idirnascaire hidrigine idir an Fhionlainn agus an Ghearmáin [ar a dtugtar “Baltic Sea Hydrogen Collector” faoi láthair]

11.4

Idirnaisc H2 An Ghearmáin – an Pholainn [ar a dtugtar “Pomeranian Green Hydrogen cluster” faoi láthair]

11.5

Saoráidí leictrealóra san Fhionlainn:

11.5.1  Porvoo Phase 2

11.5.2  Tionscadal FOX

11.5.3  Tionscadal Plug Power Kristinestad

(12) Eangacha cliste leictreachais an Réimse Théamaigh Tosaíochta a chur in úsáid:

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réimse téamach:



Uimh.

Sainmhíniú

12.2

CARMEN (BG, RO), chun comhar trasteorann agus comhroinnt sonraí idir OCTanna a dhaingniú, comhar idir OCTanna agus OCDanna a fheabhsú, tacú le leathnú eangach agus acmhainneacht a mhéadú chun foinsí nua fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú agus cobhsaíocht, slándáil agus solúbthacht na n-eangach a fheabhsú

12.3

Danube InGrid (HU, SK), chun iompar agus gníomhaíochtaí na n-úsáideoirí margaidh uile a bhfuil baint acu le líonraí leictreachais na hUngáire agus na Slóvaice a chomhtháthú go héifeachtúil

12.4

Gabreta Smart Grids (CZ, DE), chun an acmhainneacht óstála eangach a mhéadú, faireachán agus rialú eangacha MV ó chian a chumasú, agus faire eangach agus pleanáil líonraí na n-eangach a fheabhsú

12.5

GreenSwitch (AT, HR, SI), chun an acmhainneacht óstála a mhéadú le haghaidh foinsí dáilte in-athnuaite agus comhtháthú éifeachtúil ualaí nua, rud a fheabhsóidh inbhreathnaitheacht an líonra dáileacháin agus a mhéadóidh an acmhainneacht trasteorann

12.6

Selena (CZ, HU, SK), chun slándáil, éifeachtúlacht agus athléimneacht fuinnimh a fheabhsú i bPoblacht na Seice, san Ungáir agus sa tSlóvaic trína ngréasáin dáileacháin leictreachais a nuachóiriú agus a chomhtháthú

12.7

Tune (HU, SI, SK), chun cur leis an inrialaitheacht agus na líonraí cumhachta a neartú sa tSlóivéin, sa tSlóvaic agus san Ungáir

(13) Líonra dé-ocsaíde carbóin trasteorann an Réimse Théamaigh Tosaíochta:

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réimse téamach:



Uimh.

Sainmhíniú

13.1

Cuirfidh CO2 TransPorts bonneagar ar bun chun gabháil, iompar agus stóráil CO2 ar mórscála a éascú ó limistéir chalafoirt Rotterdam, Antuairp agus na Mara Thuaidh

13.2

Aramis - tionscadal trasteorann iompair agus stórála CO2, iontógáil ó astaírí i gcúlchríoch limistéar calafoirt Rotterdam, iompar píbe chuig stóráil ar scairbh ilchríochach na hÍsiltíre

13.4

Bifrost - tionscadal iompair agus stórála ag a bhfuil stóráil amach ó chósta in DK ó astaírí ón Danmhairg, ón nGearmáin agus ón bPolainn

13.5

Callisto - forbairt mhol ilmhódach CO2 sa Mheánmhuir ina stóráiltear astaíochtaí CO2 ón bhFrainc agus ón Iodáil i láithreáin stórála amach ó chósta Ravenna

13.6

CCS Baltic Consortium – iompar trasteorann CO2 trí phíblíne agus ar iarnród/trucail idir an Laitvia agus an Liotuáin, mar aon le críochphort ilmhódach LCO2 atá bunaithe in Klaipeda

13.7

Delta Rhine Corridor – tionscadal chun CO2 a iompar trí phíblínte ó astaírí i limistéar Ruhr na Gearmáine agus i limistéar Rotterdam na hÍsiltíre go dtí stóráil amach ó chósta na hÍsiltíre

13.8

EU2NSEA – líonra trasteorann CO2 arna fhorbairt idir an Bheilg, an Ghearmáin agus an Iorua chun CO2 a bhailiú freisin ó DK, FR, LV, NL, PL agus SE, mar aon le stóráil ar scairbh ilchríochach na hIorua

13.10

Norne - bonneagar iompair sa Danmhairg mar aon le stóráil ar talamh agus stóráil fhéideartha amach ón gcósta; déanfaidh astaírí, ó DK, SE, BE agus an Ríocht Aontaithe den chuid is mó, an t-iompar chuig DK ar long

13.11

Prinos – Apollo CO2 – Stóráil amach ón gcósta ag ceantar Prinos le haghaidh astaíochtaí ó EL, trí phíblíne, agus ó BG, HR, CY, EL, IT agus SI ar long

13.12

Pycasso – iompar agus stóráil CO2 i láithreán stórála ar tír in iardheisceart FR, astaírí tionsclaíocha ó FR agus ES

13.15

BaltiCO2Net - áirítear sa tionscadal 17 dtionscnamh gabhála ag láithreáin astaíochtaí tionsclaíocha i gcúig Bhallstát de chuid an Aontais (DK, DE, LV, PL, SE) agus tá sé beartaithe stóráil a dhéanamh ar tír sa Danmhairg

13.16

ECO2CEE - críochfort LCO2 in Gdansk a fhaigheann CO2 ón tionscal sa Pholainn trí phíblíne agus críochfort Klaipeda a fhaigheann CO2 ón ngléasra Liotuánach trí phíopa nó ar iarnród/trucail (Uimh. 13.3 ar an gcéad liosta de chuid an Aontais)

Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réimse téamach:



Uimh.

Sainmhíniú

13.13

“Northern Lights” – tionscadal nasctha trasteorann CO2 idir roinnt tionscnamh gabhála Eorpach (an Bheilg, an Ghearmáin, Éire, an Fhrainc, an tSualainn, i measc tíortha eile) le hiompar ar long go dtí stóráil ar scairbh ilchríochach na hIorua

13.14

Nautilus CCS - Astaíochtaí ó limistéir Le Havre, Dunkirk, Duisburg agus Rogaland le gabháil agus le hiompar ar long chuig linnte éagsúla sa Mhuir Thuaidh (síneadh le hUimh. 12.8 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn)

13.17

Atlas – stóráil i láithreán Atlas (NO) amach ón gcósta agus iompar ar shoithí tointeála CO2 ag a bhfuil acmhainneacht díluchtúcháin dhíreach agus aonad Bailiúcháin, Stórála agus Díluchtúcháin Ar Snámh mar rogha le haghaidh CO2 arna ghabháil ag láithreáin thionsclaíocha san Aontas

13.18

Carbon Connect – mór-phíblíne thrasteorann fhomhuirí ~200 km chun CO2 antrapaigineach a iompar ó Zeebrugge (an Bheilg) go dtí earnáil na Ríochta Aontaithe i nDeisceart na Mara Thuaidh agus é a stóráil

13.19

Eangach Iompair Carbóin na Gearmáine - tá sé beartaithe leis an tionscadal gréasán fairsing píblínte CO2 a thógáil agus a oibriú sa Ghearmáin, lena n-iompraítear astaíochtaí chuig linnte CO2 i dTuaisceart na hEorpa agus an eangach a nascadh le heangacha náisiúnta éagsúla

(14) Eangacha cliste gáis an Réimse Théamaigh Tosaíochta:



Uimh.

Sainmhíniú

14.1

GREENCONNECT (eangach le haghaidh gás in-athnuaite lena gcumasaítear líonraí éifeachtúla agus oibríocht trasteorann idirnasc agus tarchuir fuinnimh ghlan-nialasaigh nua)

14.2

Tionscadal Eangaí Gáis Cliste na Cróite agus na Slóivéine

14.3

Tionscadal SmartSwitch – Córas Tarchurtha Gáis na Gréige agus na Bulgáire atá ann cheana a dhéanamh cliste chun hidrigin agus gáis in-athnuaite a chomhtháthú sa ghréasán

(15) Tionscadail a bhfuil a stádas mar thionscadail leasa choitinn á choinneáil acu (maolú ar Airteagal 24):



Uimh.

Sainmhíniú

15.1

Nascadh Mhálta le líonra gáis na hEorpa – nasc píblíne leis an Iodáil ag Gela

15.2

Píblíne ó chúlchistí gáis na Meánmhara Thoir go dtí mórthír na Gréige tríd an gCipir agus an gCréit [ar a dtugtar “EastMed Pipeline” faoi láthair], mar aon le stáisiún méadraithe agus rialála ag Megalopoli

C.   LIOSTAÍ DE NA “TIONSCADAIL NACH MEASTAR A BHEITH INA dTIONSCADAIL LEASA CHOITINN NÁ INA dTIONSCADAIL CHOMHLEASA A THUILLEADH” AGUS DE NA “TIONSCADAIL ATÁ ANOIS INA gCODANNA LÁRNACHA DE THIONSCADAIL EILE LEASA CHOITINN AGUS TIONSCADAIL EILE CHOMHLEASA”

(1) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (“NSI West Electricity”)

Uimhreacha Tionscadal Leasa Choitinn/Tionscadal Comhleasa na dtionscadal nach meastar a bheith ina dtionscadail leasa choitinn ná ina dtionscadail chomhleasa a thuilleadh



1.4.2

1.4.3

1.15

(2) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (NSI East Electricity)

Uimhreacha Tionscadal Leasa Choitinn/Tionscadal Comhleasa na dtionscadal nach meastar a bheith ina dtionscadail leasa choitinn ná ina dtionscadail chomhleasa a thuilleadh



2.1.2

2.3.1

(3) Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa leictreachas (“BEMIP Electricity”)

Uimhreacha Tionscadal Leasa Choitinn/Tionscadal Comhleasa na dtionscadal nach meastar a bheith ina dtionscadail leasa choitinn ná ina dtionscadail chomhleasa a thuilleadh



3.1

3.3.1

3.3.2

3.3.4

3.3.7

3.3.8

3.3.9

3.3.10

3.3.15

3.4.1

3.4.2

(4) Eangacha amach ón gcósta na bhfarraigí thuaidh (NSOG)

Uimhreacha Tionscadal Leasa Choitinn/Tionscadal Comhleasa na dtionscadal nach meastar a bheith ina dtionscadail leasa choitinn ná ina dtionscadail chomhleasa a thuilleadh



4.1

(9) Idirnaisc hidrigine in Iarthar na hEorpa (HI West)

Uimhreacha Tionscadal Leasa Choitinn/Tionscadal Comhleasa na dtionscadal nach meastar a bheith ina dtionscadail leasa choitinn ná ina dtionscadail chomhleasa a thuilleadh



9.11.2

9.12.1

9.12.3

9.14

9.15.1

9.15.2

9.15.3

9.16.1

9.16.2

9.16.3

9.16.4

9.16.5

9.17.1

9.17.2

9.17.3

9.18.1

9.18.2

9.19

9.22.2

9.25

(10) Idirnaisc hidrigine i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (HI East)

Tionscadail atá anois ina gcodanna lárnacha de thionscadail eile leasa choitinn nó de thionscadail eile chomhleasa



Uimhir bhunaidh tionscadail leasa choitinn/tionscadail comhleasa an tionscadail

Uimhir tionscadail leasa choitinn/tionscadail comhleasa ina bhfuil an tionscadal comhtháite anois

10.4

10.5 agus 10.13

(12) Eangacha cliste leictreachais an Réimse Théamaigh Tosaíochta a chur in úsáid

Uimhreacha Tionscadal Leasa Choitinn/Tionscadal Comhleasa na dtionscadal nach meastar a bheith ina dtionscadail leasa choitinn ná ina dtionscadail chomhleasa a thuilleadh



12.1

(13) Líonra dé-ocsaíde carbóin trasteorann an Réimse Théamaigh Tosaíochta

Uimhreacha Tionscadal Leasa Choitinn/Tionscadal Comhleasa na dtionscadal nach meastar a bheith ina dtionscadail leasa choitinn ná ina dtionscadail chomhleasa a thuilleadh



13.9

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.