+Airteagal 56 Luacháil ar dhifríocht sa láimhseáil
---+Airteagal 56 1
---+Airteagal 56 2
---+Airteagal 56 3
---+Airteagal 56 4
|
Airteagal 56 Luacháil ar dhifríocht sa láimhseáil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 56 1
|
1. Chun a mheasúnú an ndéanfaí scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí agus creidiúnaithe eile, a láimhseáil ar bhealach níos fearr dá rachadh an gnóthas faoi réiteach faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh duine neamhspleách luacháil a luaithe is féidir tar éis an ghníomhaíocht réitigh nó na gníomhaíochtaí réitigh a dhéanamh. Beidh an luacháil sin éagsúil leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 23.
|
|
Airteagal 56 2
|
2. Leis an luacháil dá dtagraítear i mír 1, cinnfear:
|
(a)
|
an chaoi a láimhseálfaí scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí, creidiúnaithe eile nó na scéimeanna ráthaíochta árachais ábhartha dá rachadh an gnóthas faoi réiteach, ar ina leith a rinneadh an ghníomhaíocht réitigh nó na gníomhaíochtaí réitigh, i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64;
|
|
(b)
|
láimhseáil iarbhír scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí agus creidiúnaithe eile agus an gnóthas faoi réiteach á réiteach;
|
|
(c)
|
an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an láimhseáil dá dtagraítear i bpointe (a) agus an láimhseáil dá dtagraítear i bpointe (b).
|
|
|
Airteagal 56 3
|
3. Leis an luacháil:
|
(a)
|
glacfar leis go rachadh an gnóthas faoi réiteach, ar ina leith a dhéanfaí an ghníomhaíocht réitigh nó na gníomhaíochtaí réitigh, i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64;
|
|
(b)
|
glacfar leis nach mbeidh éifeacht tugtha don ghníomhaíocht réitigh ná do na gníomhaíochtaí réitigh;
|
|
(c)
|
cuirfear san áireamh meastachán atá réasúnta ó thaobh na tráchtála de ar chostais athsholáthair, lena n-áirítear táillí bróicéireachta agus scoir, na bpolasaithe a ceannaíodh cheana le haghaidh cohóirt iomchuí sealbhóirí polasaí an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64;
|
|
(d)
|
tabharfar neamhaird ar aon soláthar i leith tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách don ghnóthas faoi réiteach.
|
|
|
Airteagal 56 4
|
4. Ceapfaidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht lena ndéantar an luacháil dá dtagraítear san Airteagal seo a shonrú, go háirithe an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a láimhseálfaí scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí agus creidiúnaithe eile dá rachadh an gnóthas faoi réiteach i mbun imeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64, mar aon leis an modheolaíocht chun meastachán a dhéanamh ar na costais athsholáthair.
Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|