Airteagal 57
Coimirce le haghaidh scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí nó creidiúnaithe eile
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinnfear leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 56 gur mó na caillteanais a thabhaigh aon scairshealbhóir, sealbhóir polasaí, tairbhí, éilitheoir nó creidiúnaí eile dá dtagraítear in Airteagal 55, nó, i gcás inarb ábhartha, sa scéim ráthaíochta árachais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, ná na caillteanais a thabhódh sé i gcás foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, go mbeidh sé i dteideal íocaíocht na difríochta.