2. Gan dochar do ghinearáltacht na gceanglas faoi mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmiscfear na daoine dá dtagraítear i mír 1 faisnéis rúnda a fhaightear le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla a nochtadh nó faisnéis a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás ar faisnéis í a fhaightear ó údarás maoirseachta nó ó údarás réitigh i dtaca le feidhmeanna an údaráis sin, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
déantar an nochtadh i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna faoin Treoir seo;
|
|
(b)
|
déantar an nochtadh i bhfoirm achomair nó chomhchoiteann sa chaoi nach féidir na heintitis aonair dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), a shainaithint;
|
|
(c)
|
déantar an nochtadh le toiliú sainráite roimh ré ón údarás nó ón eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), a sholáthair an fhaisnéis.
|
Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1, go ndéanfaidh siad measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag nochtadh faisnéise ar leas an phobail i ndáil le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha agus dlítheanacha, ar chuspóirí cigireachtaí, ar imscrúduithe agus ar iniúchtaí.
An nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áireofar leis measúnú sonrach ar na héifeachtaí atá le haon nochtadh ábhar agus mionsonraí pleananna réamhghabhálacha téarnaimh agus pleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagail 5, 7, 9, 10 agus 12 agus toradh aon mheasúnaithe arna dhéanamh faoi Airteagail 6, 8 agus 13.
Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le haon duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1, go mbeidh sé faoi réir dliteanas sibhialta i gcás sárú ar an Airteagal seo.