+Airteagal 74 Réiteach grúpa lena mbaineann máthairghnóthas deiridh
---+Airteagal 74 1
---+Airteagal 74 2
---+Airteagal 74 3
---+Airteagal 74 4
---+Airteagal 74 5
---+Airteagal 74 6
---+Airteagal 74 7
---+Airteagal 74 8
---+Airteagal 74 9
|
Airteagal 74 Réiteach grúpa lena mbaineann máthairghnóthas deiridh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 74 1
|
1. I gcás ina gcinneann údarás réitigh ar ghrúpleibhéal go gcomhlíonann máthairghnóthas deiridh a bhfuil sé freagrach as na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3), tabharfaidh sé fógra gan mhoill faoin bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 73(2) don mhaoirseoir grúpa agus do na comhaltaí eile de choláiste réitigh an ghrúpa atá i gceist.
Sna gníomhaíochtaí réitigh nó sna bearta dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 73(2), pointe (c), féadfar cur chun feidhme grúpscéime réitigh a chur san áireamh, ar grúpscéim arna dréachtú i gcomhréir le hAirteagal 73(7) í in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
|
(a)
|
is dócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart réitigh ar leibhéal an mháthairghnóthais a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 73(2), pointe (c), go gcomhlíonfaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile;
|
|
(b)
|
ní leor gníomhaíochtaí réitigh nó bearta eile ar leibhéal an mháthairghnóthais agus ar an leibhéal sin amháin chun an staid a chobhsú ná ní dócha go mbeidh an toradh is fearr orthu;
|
|
(c)
|
chinn na húdaráis réitigh go gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na foghnóthais a bhfuil siad freagrach astu na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3);
|
|
(d)
|
rachaidh gníomhaíochtaí réitigh nó bearta eile ar ghrúpleibhéal chun tairbhe d’fhoghnóthais an ghrúpa ar bhealach a fhágann go bhfuil grúpscéim réitigh iomchuí.
|
|
|
Airteagal 74 2
|
2. I gcás nach n-áirítear grúpscéim réitigh leis na gníomhaíochtaí nó na bearta arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal a chinneadh tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí an choláiste réitigh.
|
|
Airteagal 74 3
|
3. I gcás ina n-áirítear grúpscéim réitigh leis na gníomhaíochtaí nó na bearta arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, beidh an ghrúpscéim réitigh i bhfoirm cinneadh comhpháirteach de chuid an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal agus na n-údarás réitigh atá freagrach as na foghnóthais arna gcumhdach ag an ngrúpscéim réitigh.
Féadfaidh EIOPA, arna iarraidh sin d’údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
|
Airteagal 74 4
|
4. I gcás nach n-aontaíonn údarás réitigh leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal nó i gcás ina n-imíonn sé uaithi, nó ina measann sé, ar mhaithe le cobhsaíocht airgeadais, gur gá dó gníomhaíochtaí réitigh neamhspleácha nó bearta eile seachas na bearta sin arna moladh sa ghrúpscéim réitigh a dhéanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), déanfaidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:
|
(a)
|
na cúiseanna leis an easaontas nó na cúiseanna a bhaineann le himeacht ón ngrúpscéim réitigh a leagan amach go mion;
|
|
(b)
|
fógra a thabhairt don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus do na húdaráis réitigh eile arna gcumhdach leis an ngrúpscéim réitigh faoi na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a);
|
|
(c)
|
an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus na húdaráis réitigh eile arna gcumhdach ag an ngrúpscéim réitigh a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí nó faoi na bearta atá beartaithe acu a dhéanamh.
|
Agus na cúiseanna atá lena easaontas á leagan amach aige, tabharfaidh an t-údarás réitigh lena mbaineann aird chuí ar na pleananna réitigh grúpa, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí réitigh neamhspleácha nó na bearta a dhéanfaidh sé ar chobhsaíocht airgeadais, acmhainní fioscacha, scéimeanna ráthaíochta árachais agus aon shocruithe maoiniúcháin sna Ballstáit lena mbaineann agus ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta eile ar chodanna eile den ghrúpa.
|
|
Airteagal 74 5
|
5. Féadfaidh údaráis réitigh a aontaíonn leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir le grúpscéim réitigh lena gcumhdaítear grúpeintitis ina mBallstáit faoi seach agus ní bheidh na húdaráis réitigh a easaontaíonn rannpháirteach sa chinneadh sin.
|
|
Airteagal 74 6
|
6. Aithneofar an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 3 nó 5 agus na gníomhaíochtaí réitigh agus na bearta réitigh dá dtagraítear i mír 4 mar chinntí dochloíte agus cuirfidh na húdaráis réitigh i bhfeidhm sna Ballstáit lena mbaineann iad.
|
|
Airteagal 74 7
|
7. Déanfaidh na húdaráis na gníomhaíochtaí réitigh agus na bearta réitigh uile dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 gan mhoill, agus aird chuí á tabhairt acu ar phráinn an cháis.
|
|
Airteagal 74 8
|
8. I gcás nach gcuirtear grúpscéim réitigh chun feidhme, comhoibreoidh na húdaráis réitigh go dlúth le chéile laistigh den choláiste réitigh, agus gníomhaíocht réitigh á déanamh acu i ndáil le haon ghrúpeintiteas, chun straitéis réitigh chomhordaithe a bhaint amach le haghaidh na ngrúpeintiteas uile dá ndéantar difear.
|
|
Airteagal 74 9
|
9. Cuirfidh na húdaráis réitigh a dhéanann gníomhaíocht réitigh i ndáil le haon ghrúpeintiteas comhaltaí an choláiste réitigh ar an eolas go tráthrialta agus go hiomlán faoi na gníomhaíochtaí nó faoi na bearta sin agus faoin dul chun cinn leanúnach ina leith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|