1. I gcás ina gcinneann údarás réitigh ar ghrúpleibhéal go gcomhlíonann máthairghnóthas deiridh a bhfuil sé freagrach as na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3), tabharfaidh sé fógra gan mhoill faoin bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 73(2) don mhaoirseoir grúpa agus do na comhaltaí eile de choláiste réitigh an ghrúpa atá i gceist.
Sna gníomhaíochtaí réitigh nó sna bearta dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 73(2), pointe (c), féadfar cur chun feidhme grúpscéime réitigh a chur san áireamh, ar grúpscéim arna dréachtú i gcomhréir le hAirteagal 73(7) í in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
|
(a)
|
is dócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart réitigh ar leibhéal an mháthairghnóthais a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 73(2), pointe (c), go gcomhlíonfaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile;
|
|
(b)
|
ní leor gníomhaíochtaí réitigh nó bearta eile ar leibhéal an mháthairghnóthais agus ar an leibhéal sin amháin chun an staid a chobhsú ná ní dócha go mbeidh an toradh is fearr orthu;
|
|
(c)
|
chinn na húdaráis réitigh go gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na foghnóthais a bhfuil siad freagrach astu na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3);
|
|
(d)
|
rachaidh gníomhaíochtaí réitigh nó bearta eile ar ghrúpleibhéal chun tairbhe d’fhoghnóthais an ghrúpa ar bhealach a fhágann go bhfuil grúpscéim réitigh iomchuí.
|