1. Bunóidh gach Ballstát socrú maoiniúcháin amháin nó níos mó chun a áirithiú go mbeidh cistí leordhóthanacha ar fáil don údarás réitigh trí ranníocaíochtaí ex ante nó ranníocaíochtaí ex post nó meascán díobh sin ó ghnóthais árachais agus athárachais atá údaraithe sa Bhallstát sin agus ó bhrainsí de chuid an Aontais de ghnóthais tríú tír atá lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit sin chun íocaíocht na difríochta le scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí nó creidiúnaithe eile dá dtagraítear in Airteagal 57 a chumhdach ar a laghad.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht socruithe maoiniúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid freisin chun costais eile a bhaineann le húsáid uirlisí réitigh a chumhdach, a mhéid is gá socruithe maoiniúcháin a úsáid chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.
Féadfaidh na Ballstáit an struchtúr riaracháin céanna a úsáid dá socruithe maoiniúcháin agus dá scéimeanna ráthaíochta árachais, agus Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á chur san áireamh (26).