+Airteagal 7 Bearta chun dul i ngleic le teipeanna socraíochta
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.
---+Airteagal 7 9.
---+Airteagal 7 10.
|
Airteagal 7 Bearta chun dul i ngleic le teipeanna socraíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibríonn sé, bunóidh TLU córas a dhéanann faireachán ar theipeanna socraíochta i gcás idirbhearta sna hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Tabharfaidh TLU tuarascálacha tráthrialta don údarás inniúil agus do na húdaráis ábhartha maidir le líon agus le mionsonraí na dteipeanna socraíochta agus aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear na bearta atá beartaithe ag TLU agus ag a rannpháirtithe chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht socraíochta. Fógróidh TLU na tuarascálacha sin i bhfoirm chomhiomlánaithe gan ainmneacha ar bhonn bliantúil. Roinnfidh na húdaráis inniúla le ÚEUM aon fhaisnéis ábhartha maidir le teipeanna socraíochta.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibríonn sé, bunóidh TLU nósanna imeachta lena n-éascaítear socrú idirbheart in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nach bhfuil socraithe ar an dáta socraíochta atá beartaithe. Leis na nósanna imeachta sin, déanfar foráil do shásra pionóis a fheidhmeoidh mar bhac éifeachtach ar rannpháirtithe is cúis le teipeanna socraíochta. Roimh dó na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú, rachaidh TLU i gcomhairle leis na hionaid trádála ábhartha agus leis na CPLanna ábhartha a soláthróidh sé seirbhísí socraíochta ina leith. Áireofar ar an sásra pionóis dá dtagraítear sa chéad fhomhír pionóis airgid thirim le haghaidh rannpháirtithe is cúis le teipeanna socraíochta (‘rannpháirtithe a bhfuil ag teip orthu’). Ríomhfar pionóis airgid thirim ar bhonn laethúil i ndáil le gach lá gnó a bhíonn teip ann idirbheart a shocrú tar éis an dáta socraíochta atá beartaithe go dtí go socrófar an t-idirbheart nó go dtí go gcuirfear an t-idirbheart ar ceal go déthaobhach. Ní dhéanfar na pionóis airgid thirim a chumrú mar fhoinse ioncaim don TLU.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Ní bheidh feidhm ag an sásra pionóis dá dtagraítear i mír 2 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
teipeanna socraíochta nach bhfuil a mbunchúis inchurtha i leith na rannpháirtithe san idirbheart;
(b)
oibríochtaí nach meastar gur oibríochtaí trádála iad;
(c)
idirbhearta ar ina leith is CPL an rannpháirtí a bhfuil ag teip air, ach amháin i gcás idirbhearta a dhéanann CPL i gcás nach n-idirchuireann sé é féin idir na contrapháirtithe; nó
(d)
idirbhearta ina dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne an rannpháirtí a bhfuil ag teip air.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Féadfaidh CPL sásra a bhunú ina rialacha chun caillteanais a chumhdach a d’fhéadfadh sé a thabhú mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 2, an tríú fomhír.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí pharaiméadair a shonrú chun ríomh a dhéanamh ar leibhéal díspreagtha agus comhréireach le haghaidh na bpionós airgid thirim dá dtagraítear i mír 2, an tríú fomhír, den Airteagal seo bunaithe ar an méid seo a leanas ar fad:
(b)
leachtacht na hionstraime airgeadais;
(d)
fad na teipe socraíochta.
Agus na paraiméadair dá dtagraítear sa chéad fhomhír á sonrú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh leibhéal na dteipeanna socraíochta de réir aicme ionstraimí airgeadais agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag rátaí úis ísle nó diúltacha ar dhreasachtaí contrapháirtithe agus ar theipeanna socraíochta. Leis na paraiméadair a úsáidtear chun pionóis airgid thirim a ríomh, áiritheofar ardleibhéal araíonachta socraíochta agus feidhmiú réidh agus ordúil na margaí airgeadais lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na paraiméadair chun leibhéal na bpionós airgid thirim a ríomh ar bhonn tráthrialta agus gach 4 bliana ar a laghad chun athmheasúnú a dhéanamh ar a iomchuí agus a éifeachtaí atá na pionóis airgid thirim maidir le leibhéal teipeanna socraíochta a bhaint amach san Aontas a mheastar a bheith inghlactha ag féachaint don tionchar ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais.
|
|
Airteagal 7 6.
|
Faoin 17 Eanáir 2026, foilseoidh ÚEUM liosta de na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó a imréitítear trí CPL agus coinneoidh sé cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin é.
|
|
Airteagal 7 7.
|
Bunóidh TLUnna, CPLanna agus ionaid trádála nósanna imeachta lena gcuirtear ar a gcumas, i gcomhairle lena n-údaráis inniúla faoi seach, aon rannpháirtí a dteipeann air ar bhonn seasta agus córasach na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a sholáthar ar an dáta socraíochta atá beartaithe a fhionraí agus ainm an rannpháirtí sin a nochtadh don phobal tar éis deis a thabhairt don rannpháirtí sin a bharúlacha a thíolacadh agus ar an gcoinníoll go gcuirtear údaráis inniúla TLUnna, na CPLanna agus na n-ionad trádála, agus an rannpháirtí féin ar an eolas mar is iomchuí, agus sa chás sin amháin. Chomh maith le dul i gcomhairle sula ndéantar aon fhionraí, cuirfidh na TLUnna, na CPLanna agus na hionaid trádála na húdaráis inniúla faoi seach ar an eolas gur fionraíodh rannpháirtí. Cuirfidh an t-údarás inniúil na húdaráis ábhartha ar an eolas láithreach gur fionraíodh rannpháirtí. Nuair a nochtar fionraí go poiblí, ní bheidh sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
) ann. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le rannpháirtithe a bhfuil ag teip orthu ar CPLanna iad nó i gcásanna ina dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne an rannpháirtí a bhfuil ag teip air.
|
|
Airteagal 7 8.
|
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina bhfuil an príomhionad chun scaireanna a thrádáil lonnaithe i dtríú tír. Cinnfear láthair an phríomhionaid chun scaireanna a thrádáil i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.
|
|
Airteagal 7 9.
|
Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
bunchúiseanna na dteipeanna socraíochta a mheastar nach bhfuil siad inchurtha i leith na rannpháirtithe san idirbheart faoi mhír 3, pointe (a), den Airteagal seo; agus
(b)
na himthosca nach meastar gur oibríochtaí trádála faoi mhír 3, pointe (b), den Airteagal seo iad oibríochtaí.
|
|
Airteagal 7 10.
|
Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
mionsonraí an chórais lena ndéantar faireachán ar theipeanna socraíochta agus na tuarascálacha maidir le teipeanna socraíochta dá dtagraítear i mír 1;
(b)
na próisis chun pionóis airgid thirim agus aon fháltais eile a d’fhéadfadh teacht as pionóis den sórt sin a bhailiú agus a ath-leithdháileadh i gcomhréir le mír 2;
(c)
na coinníollacha faoina meastar go dteipeann ar rannpháirtí, ar bhonn seasta agus córasach, na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 7 a sholáthar.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|