+Airteagal 59 4.

Airteagal 59 4.

Comhlíonfaidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, na ceanglais shonracha stuamachta seo a leanas maidir leis na rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin i ndáil le gach córas socraíochta urrús:

(a) 

beidh creat stóinsithe agus uirlisí aici chun a cuid rioscaí leachtachta a thomhas, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear rioscaí leachtachta ionlae, maidir le gach airgeadra den chóras socraíochta urrús a ngníomhóidh sí mar ghníomhaire socraíochta ina leith;

(b) 

tomhaisfidh sí agus déanfaidh sí faireachán ar bhonn leanúnach agus tráthúil, agus ar bhonn laethúil ar a laghad, ar a riachtanais leachtachta agus leibhéal na sócmhainní leachtacha a bheidh á sealbhú aici; agus é sin á dhéanamh aici, cinnfidh sí luach na sócmhainní leachtacha atá ar fáil di agus caolchorrlaigh iomchuí na sócmhainní sin á gcur san áireamh aici;

▼M4

(c) 

coimeádfaidh sí nó sé acmhainní leachtacha leordhóthanacha cáilitheacha i ngach airgeadra ábhartha chun seirbhísí socraíochta a sholáthar go tráthúil faoi raon leathan cásanna féideartha struis lena n-áirítear an riosca leachtachta arna ghiniúint ag mainneachtain bheirt rannpháirtithe ar a laghad, lena n-áirítear a máthairghnóthais agus a fochuideachtaí nó a mháthairghnóthais agus a fhochuideachtaí, a bhfuil na neamhchosaintí is mó aici nó aige ina leith;

(d) 

maolóidh sí nó sé na rioscaí leachtachta comhfhreagracha le hacmhainní leachtacha cáilitheacha i ngach airgeadra ábhartha, amhail airgead tirim ag banc ceannais na heisiúna agus ag institiúidí airgeadais inchairde eile, línte geallta creidmheasa nó socruithe comhchosúla agus comhthaobhacht an-leachtach nó infheistíochtaí atá ar fáil gan stró agus in-chomhshóite in airgead tirim le socruithe cistiúcháin ard-iontaofa agus réamhshocraithe, fiú amháin faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, agus déanfaidh sí nó sé a riosca leachtachta a shainaithint agus a thomhas agus déanfaidh sí nó sé faireachán air, ar riosca é a eascraíonn as na hinstitiúidí éagsúla airgeadais a úsáidtear chun a rioscaí leachtachta a bhainistiú;

(e) 

i gcás ina n-úsáidtear socruithe cistiúcháin ard-iontaofa agus réamhshocraithe, línte geallta creidmheasa nó socruithe comhchosúla, ní roghnóidh sí nó sé ach institiúidí airgeadais inchairde mar sholáthraithe leachtachta; déanfaidh sí nó sé teorainneacha comhchruinnithe iomchuí a bhunú agus a chur i bhfeidhm i gcás gach ceann de na soláthraithe leachtachta comhfhreagracha lena n-áirítear a máthairghnóthas agus a fochuideachtaí nó a mháthairghnóthas agus a fhochuideachtaí;

▼B

(f) 

cinnfidh sí an leor na hacmhainní comhfhreagracha trí thástáil struis chuimsitheach a dhéanamh go rialta agus déanfaidh sí tástáil ar an méid sin;

(g) 

déanfaidh sí anailís agus pleanálfaidh sí an bealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh leachtachta neamhurraithe gan choinne a d’fhéadfadh a bheith ann, agus glacfaidh sí rialacha agus nósanna imeachta chun pleananna den sórt sin a chur chun feidhme;

(h) 

i gcás ina mbeidh rogha phraiticiúil aici agus í sin ar fáil di, gan dochar do rialacha incháilitheachta an bhainc cheannais, beidh rochtain aici ar chuntais an bhainc cheannais agus ar sheirbhísí eile de chuid an bhainc cheannais chun a bainistiú ar na rioscaí leachtachta a bharrfheabhsú agus cuirfidh institiúidí creidmheasa an Aontais na hiarmhéideanna comhfhreagracha airgid i dtaisce i gcuntais thiomnaithe le bainc cheannais eisiúna an Aontais;

▼M4

(i) 

beidh socruithe ard-iontaofa agus réamhshocraithe aici nó aige chun a áirithiú gur féidir léi nó leis an chomhthaobhacht a sholáthair cliant mainneachtana di nó dó a chomhshó go tráthúil in airgead tirim agus, i gcás ina n-úsáidtear socruithe neamhgheallta, suífidh sí nó sé gur sainaithníodh agus gur maolaíodh aon rioscaí féideartha gaolmhara;

▼B

(j) 

tuairisceoidh sí go rialta do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 60(1) faoin mbealach ina ndéanann sí a rioscaí leachtachta a thomhas, a bhainistiú agus ina ndéanann sí faireachán orthu, rioscaí leachtachta ionlae san áireamh, agus déanfaidh sí an méid sin a nochtadh don phobal.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0909
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.