+Airteagal 74 Rialachas inmheánach agus pleananna téarnaimh agus réitigh
---+Airteagal 74 1.
---+Airteagal 74 2.
---+Airteagal 74 3.
|
Airteagal 74 Rialachas inmheánach agus pleananna téarnaimh agus réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 74 1.
|
Beidh socruithe stóinsithe rialachais ag institiúidí, lena n-áirítear:
(a)
struchtúr soiléir eagraíochtúil ina mbeidh línte freagrachta atá dea-shainithe trédhearcach comhsheasmhach;
(b)
próisis éifeachtacha chun na rioscaí ar a bhfuil siad neamhchosanta nó ar a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus chun faireachán a dhéanamh ar na rioscaí sin, lena n-áirítear rioscaí CSR sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
(c)
sásraí leordhóthanacha rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta;
(d)
córais gréasán agus faisnéise a chuirtear ar bun agus a bhainistítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554;
(e)
beartais agus cleachtais luacha saothair atá comhsheasmhach le bainistiú riosca fónta agus éifeachtach agus a chuireann chun cinn é, lena n-áirítear trí fhonn riosca na n-institiúidí i dtéarmaí rioscaí CSR a chur san áireamh.
Beidh na beartais agus na cleachtais luacha saothair dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), inscne-neodrach.
|
|
Airteagal 74 2.
|
Beidh na socruithe, próisis, agus sásraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo cuimsitheach agus comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar cuid iad de shamhail ghnó agus de ghníomhaíochtaí na hinstitiúide. Cuirfear san áireamh na critéir theicniúla a bhunaítear in Airteagal 75 go hAirteagal 95.
|
|
Airteagal 74 3.
|
Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an socruithe, próisis, agus sásraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus a bhfuil i mír 2 den Airteagal seo á thabhairt san áireamh. Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir le beartais inscne-neodracha um luach saothair in institiúidí. Laistigh de 2 bhliain dháta foilsithe na dtreoirlínte dá dtagraítear sa dara fomhír, agus bunaithe ar an bhfaisnéis a bhaileoidh na húdaráis inniúla, eiseoidh ÚBE tuairisc faoi chur i bhfeidhm na mbeartas inscne-neodrach um luach saothair sna hinstitiúidí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|