+84. Agus beartais agus cleachtais luacha saothair na hinstitiúide á measúnú acu, ba cheart …

84. Agus beartais agus cleachtais luacha saothair na hinstitiúide á measúnú acu, ba cheart …

Agus beartais agus cleachtais luacha saothair na hinstitiúide á measúnú acu, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar Airteagail 74, 92, 94 den Treoir 2013/36/AE, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923 agus le Treoirlínte an ÚBE maidir le beartais fhreagracha luacha saothair a bheith á gcomhlíonadh ag an institiúid20 . Sa chomhthéacs seo, ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

  • a. cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus cleachtais luacha saothair atá iomchuí agus inscne-neodrach curtha i bhfeidhm ag an institiúid maididr le gach ball foirne, formheasta, athbhreithnithe agus maoirsithe go rialta ag an gcomhlacht bainistíochta, agus cibé an gcloíonn nó nach gcloíonn na beartais sin leis na ceanglais dhlíthiúla agus rialála is infheidhme;
  • b. cibé acu atá nó nach bhfuil na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh páirteach i ndearadh na mbeartas luacha saothair agus cibé an bhfíoraíonn nó nach bhfíoraíonn siad go ndéantar athbhreithniú, faireachán agus nuashonrú cuí orthu;
  • c. cibé an gcuireann nó nach gcuireann na beartais agus na cleachtais luacha saothair le bainistíocht riosca atá sláintiúil agus éifeachtach, lena n-áirítear trí inghlacthacht riosca na hinstitiúide a chur san áireamh maidir le rioscaí ESG, agus cibé acu atá nó nach bhfuil ag teacht le straitéisí gnó agus riosca na hinstitiúide, lena cultúr riosca agus a luachanna corparáideacha, le leasanna fadtéarmacha na hinstitiúide agus le bearta chun coimhlintí leasa a sheachaint, agus cibé an dtugann nó nach dtugann siad dreasachtaí le haghaidh inghlacthacht riosca iomarcach;
  • d. cibé acu atá nó nach bhfuil an institiúid tar éis gach ball dá foireann a shainaithint a bhfuil tionchar suntasach ag a ngníomhaíochtaí ar a phróifíl riosca i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla agus rialála is infheidhme;
  • e. cibé acu atá nó nach bhfuil cóimheas iomchuí ann idir luach saothair athraitheach agus luach saothair seasta, agus cibé an sáraíonn nó nach sáraíonn comhpháirt an luacha saothair athraithigh 100% den chomhpháirt luacha saothair sheasta (nó 200% le ceadú na scairshealbhóirí) i gcás a foirne sonraithe;
  • f. cibé acu atá nó nach bhfuil leithdháileadh cuí déanta ag an institiúid de na comhpháirteanna seasta agus athraitheacha, gan aon úsáid a bhaint as feithiclí ná cleachtais chun dul timpeall ar cheanglais luacha saothair;
  • g. cibé acu atá nó nach bhfuil luach saothair athraitheach bunaithe ar fheidhmíocht (agus critéir airgeadais agus neamhairgeadais araon á gcur san áireamh) agus cibé an gcloíonn nó nach gcloíonn an institiúid le ceanglais dhlíthiúla agus rialála ghaolmhara maidir le tréimhsí iarchurtha agus coinneála, íocaíocht in ionstraimí, agus clásail aisghlámtha agus malus.

20 ÚBE/GL/2021/04

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.