|
+Airteagal 8 Stór Lárnach Eorpach ---+Article 8 1. ---+Article 8 2. ---+Article 8 3. ---+Article 8 4. |
Airteagal 8 Stór Lárnach EorpachAirteagal 8 Stór Lárnach Eorpach 1. Bainisteoidh an Coimisiún Stór Lárnach Eorpach chun na tuarascálacha uile ar tharluithe a bhailítear san Aontas a stóráil. 2. Tabharfaidh gach Ballstát, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, an Stór Lárnach Eorpach cothrom le dáta tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht arna storáil sna bunachair shonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(6) a aistriú chuige. 3. Comhaontóidh an Ghníomhaireacht na prótacail theicniúla leis an gCoimisiún chun na tuarascálacha uile ar tharluithe arna mbailiú ag an nGníomhaireacht faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a rialacha cur chun feidhme a aistriú chuig an Stór Lárnach Eorpach, go háirithe i gcás tarluithe a stóráiltear sa Chóras Inmheánach um Thuairisciú ar Tharluithe (CITT) chomh maith leis an bhfaisnéis a bhailítear de bhun Airteagal 4(9) agus Airteagal 5(5). 4. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na socruithe chun an Stór Lárnach Eorpach dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhainistiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|