+Airteagal 124 Tuarascáil an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta chuig na comhaltaí agus chuig na fostaithe
---+Airteagal 124 1.
---+Airteagal 124 2.
---+Airteagal 124 3.
---+Airteagal 124 4.
---+Airteagal 124 5.
---+Airteagal 124 6.
---+Airteagal 124 7.
---+Airteagal 124 8.
---+Airteagal 124 9.
---+Airteagal 124 10.
|
Airteagal 124 Tuarascáil an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta chuig na comhaltaí agus chuig na fostaithe
Tuarascáil an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta chuig na comhaltaí agus chuig na fostaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 124 1.
|
Déanfaidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta gach cuideachta atá ag cumasc tuarascáil a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe ina dtugtar míniú agus bonn cirt le gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chumaisc trasteorann. agus ina dtugtar míniú ar impleachtaí an chumaisc trasteorann d'fhostaithe. Déanfar, go háirithe, míniú a thabhairt inti ar impleachtaí an chumaisc trasteorann do ghnó na cuideachta amach anseo.
|
|
Airteagal 124 2.
|
Áireofar roinn do chomhaltaí agus roinn d'fhostaithe sa tuarascáil freisin. Féadfaidh an chuideachta cinneadh a dhéanamh cibé acu aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn sin nó tuarascálacha ar leith a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe faoi seach ina mbeidh an roinn ábhartha.
|
|
Airteagal 124 3.
|
Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
an cúiteamh airgid agus an modh a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid a ríomh;
(b)
an cóimheas malartaithe scaireanna agus an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna a ríomh, i gcás inarb infheidhme;
(c)
impleachtaí an chumaisc trasteorann do chomhaltaí;
(d)
na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 126a.
|
|
Airteagal 124 4.
|
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí uile na cuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 124 5.
|
Sa roinn den tuarascáil d'fhostaithe, míneofar go háirithe an méid seo a leanas:
(a)
impleachtaí an chumaisc trasteorann ar chaidrimh fostaíochta, mar aon le, i gcás inarb infheidhme, aon bhearta chun na caidrimh sin a choimirciú;
(b)
aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme nó ar shuíomh láithreacha gnó na cuideachta;
(c)
conas a dhéanann na tosca a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) difear d'fhochuideachtaí ar bith de chuid na cuideachta.
|
|
Airteagal 124 6.
|
Cuirfear an tuarascáil nó na tuarascálacha ar fáil in aon chás go leictreonach, in éineacht le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, má tá fáil orthu, do na comhaltaí agus d'ionadaithe fhostaithe gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc nó, sa chás nach bhfuil ionadaí ar bith dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin, nach lú ná sé seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126. I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála, i gcomhréir le hAirteagal 126(3), áfach, cuirfear an tuarascáil ar fáil sé seachtaine ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile nó na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.
|
|
Airteagal 124 7.
|
I gcás ina bhfaighidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá ag cumasc tuairim ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 in am iomchuí ó ionadaithe na bhfostaithe nó, i gcás nach ann d'aon ionadaí den sórt sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoi réir dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil í.
|
|
Airteagal 124 8.
|
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil a bhaineann le fostaithe i gcás nach bhfuil aon fhostaithe ag cuideachta atá ag cumasc ná ag a fochuideachtaí, más ann dóibh, cé is moite díobh sin ar cuid den chomhlacht riaracháin nó bainistíochta iad.
|
|
Airteagal 124 9.
|
I gcás ina ndéantar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 4 agus nach bhfuil an roinn d'fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 ag teastáil faoi mhír 8, ní bheidh gá leis an tuarascáil.
|
|
Airteagal 124 10.
|
Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar do na cearta faisnéise agus na cearta comhairliúcháin is infheidhme agus do na nósanna imeachta dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Threoir 2002/14/CE agus Threoir 2009/38/CE a thrasuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|