+Airteagal 13 10.

Airteagal 13 10.

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthrófar gás do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 agus déanfaidh siad a ndícheall teacht ar chomhaontú maidir le socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais. Déanfar na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a chomhaontú idir na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu lena chéile nó, i gcomhréir le mír 2, a bhfuil nasc eatarthu trí thríú tír, agus tuairisceofar iad sna pleananna éigeandála faoi seach a bheidh acu. Féadfar na heilimintí seo a leanas, i measc nithe eile, a chuimsiú sna socruithe sin:

(a) 

sábháilteacht oibríochtúil na líonraí;

(b) 

cur i bhfeidhm praghsanna gáis agus an mhodheolaíocht chun iad a shocrú, agus aird á tabhairt ar an tionchar ar fheidhmiú an mhargaidh;

(c) 

idirnaisc a úsáid, lena n-áirítear acmhainn dhéthreoch agus gás a stóráil faoi thalamh;

(d) 

na toirteanna gáis nó an mhodheolaíocht chun iad a shocrú;

(e) 

catagóirí na gcostas a chaithfear a chumhdach trí chúiteamh cothrom, pras, a bhféadfaí damáistí do thionsclaíocht chiorraithe a bheith ar áireamh ann;

(f) 

léiriú ar conas a d’fhéadfaí an cúiteamh cóir a ríomh.

Beidh ar áireamh sa socrú airgeadais a chomhaontaítear idir na Ballstáit sula n-iarrtar an dlúthpháirtíocht forálacha lenar féidir an cúiteamh cóir a ríomh i leith na gcostas ábhartha réasúnta uile, ar a laghad, a thabhaítear agus dlúthpháirtíocht á soláthar agus gealltanas go n-íocfar an cúiteamh sin.

Soláthrófar, le sásra cúitimh ar bith, dreasachtaí chun páirt a ghlacadh i réitigh mhargadhbhunaithe amhail ceantanna agus sásraí maidir le freagairt ar éileamh. Ní chruthófar dreasachtaí saobha leis, lena n-áirítear i dtéarmaí airgeadais, do rannpháirtithe sa mhargadh chun a gcuid gníomhaíochta a chur siar go dtí go gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm. Déanfar gach sásra cúitimh, nó achoimre orthu ar a laghad, a áireamh sna pleananna éigeandála.

I gcás ina dtiocfaidh costais réasúnacha nua shuntasacha chun cinn, mar thoradh ar imeachtaí breithiúnacha de bhun mhír 8, an dara fomhír, pointe (c), tar éis an rialú ex post a thabhairt i gcrích, cuirfidh an Ballstát is soláthraí an Ballstát iarrthach ar an eolas láithreach. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, an Ghníomhaireacht, rialú ex post nua de bhun mhír 8c. Tá toradh an rialaithe nua ex post sin gan dochar don oibleagáid atá ar Bhallstát is soláthraí cúiteamh a thabhairt do chustaiméirí faoin dlí náisiúnta agus don cheart atá acu cúiteamh cóir a fháil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.