+IARSCRÍBHINN VII
|
IARSCRÍBHINN VII
IARSCRÍBHINN VII
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haeradróim
1. SAINTRÉITHE FISICEACHA, BONNEAGAR AGUS TREALAMH
1.1. Limistéar gluaiseachta
|
1.1.1.
|
Beidh limistéar ainmnithe i ngach aeradróm ina bhféadfaidh aerárthaí tuirlingt agus éirí de thalamh, limistéar lena gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
na toisí agus na tréithe sin a ghabhfaidh leis an limistéar seo, beidh siad oiriúnach do na haerárthaí a bhfuil sé beartaithe go n-úsáidfidh siad an áis sin;
(b)
beidh neart iompair sa limistéar seo, más infheidhme, ar leor é chun oibríochtaí atriallacha na n-aerárthaí atá beartaithe a iompar. Maidir leis na limistéir sin nach bhfuil oibríochtaí atriallacha beartaithe dóibh, is leor go mbeadh sé d'acmhainn iontu an t-aerárthach féin a iompar;
(c)
beidh an limistéar tuirlingthe agus éirí de thalamh deartha sa chaoi go ndéanfar uisce a thaoscadh agus nach mbeidh uisce bodhar ina riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí;
(d)
ní chruthóidh an fhána ná athruithe ar fhána sa limistéar sin riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí;
(e)
beidh saintréithe dromchla an limistéir tuirlingthe agus éirí de thalamh oiriúnach chun go n-úsáidfeadh na haerárthaí atá beartaithe iad; agus
(f)
beidh an limistéar sin saor ó ábhair a d'fhéadfadh riosca do-ghlactha a chruthú d'oibríochtaí aerárthaí.
|
|
1.1.2.
|
I gcás ina mbeidh níos mó ná limistéar ainmnithe amháin tuirlingthe agus éirí de thalamh ann, beidh siad leagtha amach sa chaoi nach gcruthófar riosca do-ghlactha d'oibríochtaí aerárthaí dá ndeasca.
|
|
1.1.3.
|
Beidh an limistéar ainmnithe tuirlingthe agus éirí de thalamh timpeallaithe ag limistéir shainithe. Tá na limistéir sin ceaptha aerárthaí a bheidh ag eitilt os a gcionn a chosaint le linn oibríochtaí éirí de thalamh nó oibríochtaí tuirlingthe nó chun na hiarmhairtí a mhaolú i gcás gearrthuirlingthe, nó i gcás imeacht ó thaobh nó imeacht ó dheireadh an limistéir éirí de thalamh agus tuirlingthe, agus comhlíonfaidh na limistéir sin na coinníollacha seo a leanas:
(a)
beidh toisí na limistéar sin oiriúnach do na hoibríochtaí aerárthaí réamh-mheasta;
(b)
ní chruthóidh an fhána ná athruithe ar fhána sna limistéir sin riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí;
(c)
coinneofar na limistéir sin saor ó ábhair a d'fhéadfadh riosca do-ghlactha a chruthú d'oibríochtaí na n-aerárthaí. Ní chuirfear cosc mar gheall air sin ar threalamh inbhriste a shuí sna limistéir sin, i gcás ina mbeadh gá leis chun cuidiú le hoibríochtaí na n-aerárthaí; agus
(d)
maidir le gach ceann de na limistéir sin, beidh neart iompair ann ar leor é chun fónamh dá chuspóir.
|
|
1.1.4.
|
Na limistéir sin in aeradróm, mar aon lena ngarthimpeallachtaí, a bheidh in úsáid agus aerárthaí á n-inleadh nó á bpáirceáil, déanfar iad a dhearadh ionas go bhféadfar na haerárthaí, a bhfuil coinne leo go n-úsáidfidh siad an áis áirithe lena mbaineann, a oibriú go sábháilte faoi na dálaí go léir a bhfuil pleanáil déanta ina leith, agus comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:
(a)
beidh neart iompair sna limistéir sin ar leor é chun oibríochtaí atriallacha na n-aerárthaí atá beartaithe a iompar, cé is moite de limistéir a meastar ina leith nach n-úsáidfear iad ach go hócáideach agus gur leor go mbeidh sé d'acmhainn iontu an t-aerárthach féin a iompar;
(b)
beidh na limistéir sin deartha sa chaoi go ndéanfar uisce a thaoscadh agus nach mbeidh uisce bodhar ina riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí;
(c)
ní chruthóidh an fhána ná athruithe ar fhána sna limistéir sin riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí;
(d)
beidh saintréithe dromchla na limistéar sin oiriúnach chun go n-úsáidfeadh na n-aerárthaí atá beartaithe iad; agus
(e)
déanfar na limistéir sin a choinneáil saor ó ábhair a d'fhéadfadh riosca do-ghlactha a chruthú do na haerárthaí. Ní chuirfear cosc mar gheall air sin ar threalamh páirceála, a mbeadh gá leis don limistéar sin, a shuí i suíomhanna sainaitheanta nó i gcriosanna sainaitheanta.
|
|
1.1.5.
|
Déanfar bonneagar eile atá beartaithe chun go n-úsáidfeadh na haerárthaí iad a dhearadh sa chaoi nach gcruthóidh úsáid an bhonneagair sin riosca do-ghlactha do na haerárthaí a bheidh ag baint úsáid as.
|
|
1.1.6.
|
Beidh déanmhais, foirgnimh, limistéir threalaimh nó réimsí stórála suite agus deartha sa chaoi nach gcruthófar riosca do-ghlactha d'oibríochtaí na n-aerárthaí dá ndeasca.
|
|
1.1.7.
|
Déanfar meáin oiriúnacha a sholáthar ionas nach bhféadfaidh daoine neamhúdaraithe, feithiclí neamhúdaraithe ná ainmhithe atá mór a ndóthain chun riosca do-ghlactha a chruthú d'oibríochtaí aerárthaí dul isteach sa limistéar gluaiseachta, ach sin gan dochar d'fhorálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le cosaint ainmhithe.
|
1.2. Glanspásanna ó chonstaicí
|
1.2.1.
|
Déanfar bealaí nó limistéir isteach agus amach a bhunú chun aerárthaí atá ar tí tuirlingt in aeradróm, nó ar tí imeacht as aeradróm a chosaint. Déanfaidh na bealaí nó na limistéir sin an glanspás riachtanach ó chonstaicí atá suite sa cheantar timpeall ar an aeradróm a sholáthar agus lánaird á tabhairt ar na saintréithe fisiceacha áitiúla.
|
|
1.2.2.
|
Beidh na glanspásanna ó chonstaicí sin oiriúnach don chéim den eitilt agus don chineál oibríochta atá á cur i gcrích. Déanfar an trealamh a chur san áireamh, freisin, trealamh atá á úsáid chun suíomh an aerárthaigh a chinneadh.
|
1.3. Trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht, lena n-áirítear áiseanna amhairc agus neamhamhairc
|
1.3.1.
|
Beidh na háiseanna oiriúnach don fheidhm, beidh siad inaitheanta agus déanfaidh siad faisnéis gan athbhrí a sholáthar d'úsáideoirí faoi na dálaí oibríochtúla go léir atá beartaithe.
|
|
1.3.2.
|
Feidhmeoidh an trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht mar a bheidh beartaithe faoi na dálaí oibríochtúla réamh-mheasta. Ní dhéanfaidh trealamh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht riosca do-ghlactha a chruthú do shábháilteacht eitlíochta faoi dhálaí oibríochtúla ná i gcás ina dtarlaíonn cliseadh.
|
|
1.3.3.
|
Déanfar na háiseanna agus a gcóras soláthair cumhachta leictreachais a dhearadh sa chaoi nach mbeidh sé mar thoradh orthu, i gcás ina dtarlaíonn cliseadh, go dtabharfar faisnéis mhí-oiriúnach, mhíthreorach nó uireasach d'úsáideoirí ná go gcuirfear isteach ar sheirbhís fhíor-riachtanach.
|
|
1.3.4.
|
Déanfar meáin oiriúnacha chosanta a sholáthar chun damáiste do na háiseanna sin, nó cur isteach orthu, a sheachaint.
|
|
1.3.5.
|
Ní chuirfidh foinsí radaíochta ná nithe gluaiste ná nithe seasta isteach ar fheidhmiú na gcóras cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais aerloingseoireachta.
|
|
1.3.6.
|
Déanfar faisnéis faoi oibriú agus úsáid trealaimh aeradróim a bhaineann le sábháilteacht a chur ar fáil don fhoireann ábhartha, lena n-áireofar léirithe soiléire ar na dálaí ina bhféadfaí rioscaí do-ghlactha a chruthú maidir le sábháilteacht eitlíochta.
|
1.4. Sonraí aeradróim
|
1.4.1.
|
Déanfar sonraí atá ábhartha maidir leis an aeradróm agus leis na seirbhísí atá ar fáil a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta.
|
|
1.4.2.
|
Beidh na sonraí sin cruinn, inléite, iomlán agus gan athbhrí. Déanfar an bharántúlacht agus leibhéil iomchuí sláine a choinneáil ar bun.
|
|
1.4.3.
|
Déanfar na sonraí a chur ar fáil do na húsáideoirí agus do na soláthraithe ábhartha SAL go tráthúil, agus úsáid á baint as modh cumarsáide atá slán agus gasta chuige sin.
|
2. OIBRÍOCHTAÍ AGUS BAINISTIÚ
2.1. Freagrachtaí an oibreora aeradróim
Is é an t-oibreoir aeradróim atá freagrach as oibriú an aeradróim. Seo a leanas freagrachtaí an oibreora aeradróim:
(a)
beidh an acmhainn is gá ag an oibreoir aeradróim, cibé acu go díreach é nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, chun oibriú sábháilte na n-aerárthaí ag an aeradróm a áirithiú. Ar na hacmhainní sin beidh áiseanna, pearsanra, trealamh agus ábhar, doiciméadacht cúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist;
(b)
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim a fhíorú go mbeidh ceanglais phointe 1 á gcomhlíonadh i gcónaí nó glacfaidh sé bearta iomchuí chun na rioscaí a bhaineann le neamhchomhlíonadh a mhaolú. Déanfar nósanna imeachta a bhunú agus a chur i bhfeidhm d'fhonn na húsáideoirí go léir a chur ar an eolas go luath maidir leis na bearta sin;
(c)
bunóidh an t-oibreoir aeradróim clár oiriúnach aeradróim maidir le bainistiú riosca ar fhiadhúlra agus cuirfidh sé an clár sin chun feidhme, cibé acu go díreach é nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe;
(d)
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim, cibé acu go díreach é nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, go ndéanfar gluaiseacht feithiclí agus gluaiseacht daoine sa limistéar gluaiseachta agus i limistéir eile oibríochta a chomhordú le gluaiseacht aerárthaí d'fhonn imbhuailtí nó damáiste d'aerárthaí a sheachaint;
(e)
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim go mbunófar nósanna imeachta, más iomchuí, chun go maolófar ar na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí aeradróim a dhéantar sa gheimhreadh, le linn drochaimsire, nuair a bhíonn laghdú ar léargas nó san oíche, agus go gcuirfear na nósanna imeachta sin chun feidhme;
(f)
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile chun a áirithiú go gcomhlíonfar ar bhonn leanúnach na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a bhaineann le haeradróim. Ar na heagraíochtaí sin beidh, inter alia, oibreoirí aerárthaí, soláthraithe seirbhísí ANS, soláthraithe seirbhísí láimhseála ar an talamh, soláthraithe AMS agus eagraíochtaí eile a bhféadfadh a ngníomhaíochtaí nó a dtáirgí tionchar a bheith acu ar shábháilteacht aerárthaí;
(g)
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim a fhíorú go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag eagraíochtaí atá bainteach le stóráil agus le dáileadh breosla/fuinnimh tiomána d'aerárthaí d'fhonn a áirithiú go bhfuil breosla/fuinnimh tiomána nach bhfuil éillithe agus atá ceart de réir na sonraíochta ar fáil d'aerárthaí;
(h)
cuirfear lámhleabhair maidir le hoibriú agus cothabháil trealaimh aeradróim ar fáil, cuirfear na lámhleabhair sin i bhfeidhm sa chleachtas agus clúdófar iontu treoracha cothabhála agus deisiúcháin, faisnéis maidir le seirbhísiú, fabhtcheartú agus nósanna imeachta cigireachta;
(i)
bunóidh an t-oibreoir aeradróim plean éigeandála don aeradróm, go díreach nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, lena gclúdófar cásanna éigeandála a d'fhéadfadh a bheith ann ag an aeradróm nó ina thimpeallacht, agus cuirfidh sé an plean sin chun feidhme. Déanfar an plean sin a chomhordú, más iomchuí, le plean éigeandála an phobail;
(j)
áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim, cibé acu go díreach é nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, go soláthrófar seirbhísí tarrthála agus dóiteáin aeradróim leordhóthanacha. Déanfaidh na seirbhísí sin freagairt do theagmhas nó do thionóisc go pras agus cuimseoidh siad, ar a laghad, trealamh, oibreáin mhúchta dóiteáin agus líon dóthanach pearsanra;
(k)
déanfaidh an t-oibreoir aeradróim pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte, agus iad sin amháin, a fhostú i gcomhair oibríochtaí aeradróim agus oibríochtaí cothabhála, agus déanfaidh sé, cibé acu go díreach é nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun d'fhonn a áirithiú go leanfaidh an pearsanra ábhartha uile de bheith inniúil;
(l)
aon duine a gceadaítear rochtain gan tionlacan dó nó di ar limistéar gluaiseachta nó ar limistéir oibríochta eile, áiritheoidh an t-oibreoir aeradróim go mbeidh sé nó sí cuí-oilte agus cuícháilithe le haghaidh na rochtana sin;
(m)
beidh an pearsanra tarrthála comhraic dóiteáin cuí-oilte agus cuícháilithe chun oibriú i dtimpeallacht an aeradróim. Déanfaidh an t-oibreoir aeradróim, go díreach nó de thoradh socruithe le tríú páirtithe, cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun d'fhonn a áirithiú go leanfaidh an pearsanra sin de bheith inniúil; agus
(n)
déanfaidh an pearsanra tarrthála agus comhraic dóiteáin go léir, a bhféadfadh sé go mba ghá dóibh gníomhú in éigeandálaí eitlíochta, a ndea-shláinte chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go sásúil a léiriú go tréimhsiúil, agus cineál na gníomhaíochta á chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn dea-shláinte, lena gcuimsítear dea-shláinte choirp agus mheabhrach, nach bhfuil aon ghalar ná aon mhíchumas ar an duine seo den phearsanra a d'fhágfadh nach mbeadh sé in ann:
—
na cúraimí is gá chun oibriú i gcásanna éigeandála eitlíochta a chur i gcrích;
—
na dualgais a shanntar dó tráth ar bith a dhéanamh; nó
—
a thimpeallacht a bhrath i gceart.
2.2. Córais bhainistíochta
|
2.2.1.
|
Más iomchuí de réir an chineáil gníomhaíochta a dhéanfar agus mhéid na heagraíochta féin, ní mór don oibreoir aeradróim córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú ar bhonn leanúnach.
|
|
2.2.2.
|
Déanfaidh an t-oibreoir aeradróim córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe 2.2.1 d'fhonn cur leis an iarracht cúrsaí sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach. Beidh na páirtithe atá liostaithe i bpointe 2.1(f) i gceist in anailísiú na faisnéise a éiríonn as an gcóras tuairiscithe tarluithe, más iomchuí. Beidh an córas tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.
|
|
2.2.3.
|
Déanfaidh an t-oibreoir aeradróim lámhleabhar a fhorbairt don aeradróm agus oibreoidh sé i gcomhréir leis an lámhleabhar sin. Beidh sa lámhleabhar sin na treoracha, an fhaisnéis agus na nósanna imeachta uile is gá don aeradróm, don chóras bainistíochta agus iad siúd is gá chun gur féidir leis an bpearsanra oibríochtaí agus cothabhála a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
|
3. TIMPEALLACHT AERADRÓIM
|
3.1.1.
|
Déanfar an t-aerspás timpeall ar limistéir gluaiseachta aeradróim a chosaint ar chonstaicí ionas go bhféadfar na hoibríochtaí aerárthaí atá beartaithe a dhéanamh ag na haeradróim gan riosca do-ghlactha a chruthú mar thoradh ar chonstaicí a thiocfadh chun cinn mórthimpeall an aeradróim. Déanfar dromchlaí faireacháin constaicí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, dá bhrí sin, agus déanfar faireachán orthu go leanúnach chun aon chur isteach ar na dromchlaí sin a shainaithint.
|
|
3.1.2.
|
Beidh gá le measúnú chun a shuí an gcruthaíonn aon chur isteach a dhéantar ar na dromchlaí sin riosca do-ghlactha. Bainfear amach aon ní ar riosca do-ghlactha é nó déanfar gníomhaíocht mhaolaithe iomchuí chun na haerárthaí a úsáideann an t-aeradróm a chosaint.
|
|
3.1.3.
|
Déanfar aon cheann de na constaicí sin a bheidh fágtha ar an dromchla a chur in iúl i bhfoilseachán agus, de réir an riachtanais a bheidh leis, déanfar é a mharcáil agus, nuair is gá, déanfar infheicthe é trí bhíthin soilse.
|
|
3.2.
|
Déanfar faireachán ar ghuaiseacha a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine agus le húsáid talún, amhail na míreanna ar an liosta seo a leanas, cé nach liosta cuimsitheach é. Déanfar an riosca a chruthófar dá ndroim a mheasúnú agus a mhaolú más iomchuí:
(a)
aon fhorbairt ar úsáid talún nó aon athrú ar úsáid talún i limistéar an aeradróim;
(b)
aon suaiteacht a d'fhéadfadh teacht chun cinn i ngeall ar chonstaicí;
(c)
úsáid soilse guaiseacha, mearbhallacha agus míthreoracha;
(d)
dallraitheacht i ngeall ar dhromchlaí móra an-fhrithchaiteach;
(e)
cruthú limistéar a d'fhéadfadh gníomhaíochtaí fiadhúlra a spreagadh mórthimpeall limistéar gluaiseachta an aeradróim; nó
(f)
foinsí radaíochta dofheicthe nó nithe gluaiseachta nó nithe seasta a d'fhéadfadh cur isteach ar fheidhmíocht na gcóras cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais aerloingseoireachta, nó a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar an bhfeidhmíocht sin.
|
|
3.3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar plean éigeandála le haghaidh staideanna éigeandála eitlíochta a tharlaíonn i limistéar áitiúil an aeradróim.
|
4. SEIRBHÍSÍ LÁIMHSEÁLA AR AN TALAMH
4.1. Freagrachtaí an tsoláthraí seirbhísí láimhseála ar an talamh
Tá an soláthraí seirbhíse láimhseála ar an talamh freagrach as oibriú sábháilte a chuid gníomhaíochtaí ag an aeradróm. Seo a leanas freagrachtaí an tsoláthraí:
(a)
beidh na hacmhainní uile is gá ag an soláthraí chun soláthar sábháilte na seirbhíse ag an aeradróm a áirithiú. Áirítear ar na hacmhainní sin áiseanna, pearsanra, trealamh agus ábhar, gan a bheith teoranta dóibh;
(b)
comhlíonfaidh an soláthraí na nósanna imeachta atá sa lámhleabhar aeradróim, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le gluaiseacht a chuid feithiclí, trealamh agus pearsanra agus an riosca a bhaineann le hoibríochtaí aeradróim a dhéantar sa gheimhreadh, istoíche agus i ndrochaimsir;
(c)
cuirfidh an soláthraí na seirbhísí láimhseála ar an talamh ar fáil i gcomhréir le nósanna imeachta agus treoracha an oibreora aerárthaigh ar a bhfreastalaíonn sé;
(d)
áiritheoidh an soláthraí go mbeidh lámhleabhair maidir le hoibriú agus cothabháil trealaimh láimhseála ar an talamh ar fáil, go gcuirfear na lámhleabhair sin i bhfeidhm sa chleachtas agus go gclúdófar iontu treoracha oibriúcháin, cothabhála agus deisiúcháin, faisnéis maidir le seirbhísiú, fabhtcheartú agus nósanna imeachta cigireachta;
(e)
déanfaidh an soláthraí pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte, agus iad sin amháin, a fhostú agus déanfaidh sé cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun d'fhonn a áirithiú go leanfaidh an pearsanra ábhartha uile de bheith inniúil;
(f)
áiritheoidh an soláthraí go mbeidh a phearsanra corpacmhainneach agus meabhairacmhainneach chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go sásúil, agus an cineál gníomhaíochta agus go háirithe an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an ngníomhaíocht ar an tsábháilteacht, agus ar an tslándáil ó thaobh na sábháilteachta de, á gcur san áireamh.
4.2. Córais bhainistíochta
|
4.2.1.
|
De réir mar a bheidh iomchuí don chineáil gníomhaíochta a dhéanfar agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór don soláthraí córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach. Déanfar na córais sin a chomhordú le córas bainistíochta an oibreora aeradróim.
|
|
4.2.2.
|
Déanfaidh an soláthraí córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe 4.2.1 d'fhonn cur leis an gcuspóir maidir le cúrsaí sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach. Gan dochar d'oibleagáidí eile maidir le tuairisciú, tarchuirfidh an soláthraí gach tarlú chuig córas tuairiscithe an oibreora aeradróim, oibreoir an aerárthaigh agus, más ábhartha, chuig córas tuairiscithe an tsoláthraí seirbhísí aerthráchta. Beidh an córas tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.
|
|
4.2.3.
|
Déanfaidh an soláthraí lámhleabhar a fhorbairt don tseirbhís láimhseála ar an talamh agus oibreoidh sé i gcomhréir leis an lámhleabhar sin. Beidh sa lámhleabhar sin na treoracha, an fhaisnéis agus na nósanna imeachta uile is gá don tseirbhís, don chóras bainistíochta agus chun gur féidir do phearsanra na seirbhíse a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
|
5. SEIRBHÍSÍ BAINISTÍOCHTA NAPRÚIN (AMS)
|
5.1.
|
Cuirfidh an soláthraí AMS a chuid seirbhísí ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta oibríochta a áirítear i lámhleabhar an aeradróim.
|
|
5.2.
|
De réir mar is iomchuí don chineál gníomhaíochta a dhéanfar agus do mhéid na heagraíochta féin, déanfaidh an soláthraí AMS córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear bainistíocht sábháilteachta, le háirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.
|
|
5.3.
|
Déanfaidh an soláthraí AMS socruithe foirmiúla a bhunú le hoibreoir an aeradróim agus le soláthraí na seirbhísí aerthráchta lena gcuirfear síos ar raon feidhme na seirbhísí a chuirfear ar fáil.
|
|
5.4.
|
Déanfaidh an soláthraí AMS córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe 5.2 d'fhonn cur leis an gcuspóir maidir leis an leibhéal sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach. Tarchuirfidh an soláthraí gach tarlú chuig córas tuairiscithe an oibreora aeradróim, agus, más ábhartha, chuig córas tuairiscithe soláthraí na seirbhísí aerthráchta.
|
|
5.5.
|
Glacfaidh an soláthraí AMS páirt sna cláir sábháilteachta a bhunóidh an t-oibreoir aeradróim.
|
6. EILE
Gan dochar d'fhreagrachtaí an oibreora aerárthaigh, déanfaidh an t-oibreoir aeradróim a áirithiú maidir le haerárthaí nach bhfuil dearadh agus nósanna imeachta oibríochta an aeradróim sin beartaithe dóibh de ghnáth, nach mbainfidh siad úsáid as an aeradróm ná as codanna den aeradróm, ach amháin i gcásanna éigeandála aerárthaigh, nuair a chuirtear aerárthach ar mhalairt slí chuig aeradróm eile, nó faoi dhálaí eile a bheidh sonraithe i ngach cás ar leith.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|