+IARSCRÍBHINN IX
|
IARSCRÍBHINN IX
IARSCRÍBHINN IX
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haerárthaí gan foireann
1. CEANGLAIS FHÍOR-RIACHTANACHA MAIDIR LE DEARADH, TÁIRGEADH, COTHABHÁIL AGUS OIBRIÚ AERÁRTHAÍ GAN FOIREANN
|
1.1.
|
Ní mór d'oibreoir agus do chianphíolóta aerárthaigh gan foireann a bheith ar an eolas faoi na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais agus faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme a bhaineann leis na hoibríochtaí atá beartaithe, go háirithe chomh fada is a bhaineann na rialacha sin le sábháilteacht, príobháideachas, cosaint sonraí, dliteanas, árachas, slándáil agus caomhnú an chomhshaoil. Ní mór d'oibreoir agus do chianphíolóta aerárthaigh gan foireann a bheith in ann sábháilteacht na hoibríochta a áirithiú agus ní mór dó a bheith ábalta a áirithiú freisin go mbeidh spás imleor le haghaidh sábháilteachta idir an t-aerárthach gan foireann agus daoine ar an talamh agus úsáideoirí eile an aerspáis. Áirítear leis sin eolas maith a bheith acu ar na treoracha oibriúcháin arna gcur ar fáil ag an táirgeoir, ar aerárthaí gan foireann a úsáid san aerspás ar bhealach sábháilte agus ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus eolas maith acu ar fheidhmiúlachtaí ábhartha uile an aerárthaigh gan foireann, ar na rialacha aeir is infheidhme agus ar nósanna imeachta BAT/SAL.
|
|
1.2.
|
Ní mór aerárthach gan foireann a dhearadh agus a thógáil sa dóigh go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm a bheartaítear dó, agus sa dóigh gur féidir é a oibriú, a choigeartú agus a chothabháil gan daoine a chur i mbaol.
|
|
1.3.
|
Más gá rioscaí a mhaolú i dtaca le sábháilteacht, príobháideachas, cosaint sonraí pearsanta, slándáil agus an comhshaol, ar rioscaí iad a bhaineann le hoibriú an aerárthaigh, ní mór na sainghnéithe comhfhreagracha agus na sainfheidhmiúlachtaí comhfhreagracha a bheith ag roinnt le haerárthach gan foireann lena gcuirtear san áireamh prionsabal an príobháideachais agus prionsabal na cosanta sonraí pearsanta d'aon ghnó agus mar ghnáthchuid den chóras. De réir mar a bheidh gá leis, ní mór a áirithiú trí bhíthin na ngnéithe agus na bhfeidhmiúlachtaí sin gur féidir an t-aerárthach, agus cineál agus cuspóir na hoibríochta, a shainaithint go héasca; agus ní mór a áirithiú dá mbíthin go mbeidh na teorainneacha, na toirmisc nó na dálaí is infheidhme á gcomhlíonadh, go háirithe maidir le hoibriú an aerárthaigh i gcriosanna geografacha faoi leith, thar achair áirithe ón oibreoir agus ag airdí faoi leith.
|
|
1.4.
|
Ní mór don eagraíocht atá freagrach as dearadh nó as margú na n-aerárthaí gan foireann eolas a chur ar fáil d'oibreoir aerárthaigh gan foireann agus, más iomchuí, don eagraíocht chothabhála maidir leis an gcineál gníomhaíochtaí ar dearadh an t-aerárthach gan foireann ina comhair maille leis na srianta a bhaineann leis agus aon eolas is gá chun an t-aerárthach a oibriú go sábháilte, lena n-áirítear feidhmiú oibríochtúil agus comhshaoil, treoracha i leith aeracmhainneachta agus nósanna imeachta éigeandála. Cuirfear an t-eolas sin ar fáil ar bhealach soiléir, comhsheasmhach agus gan athbhrí. Maidir le haerárthaí gan foireann ar féidir iad a úsáid in oibríochtaí nach gá deimhniú nó dearbhú ina leith, ní mór an deis a bheith ann srianta a thabhairt isteach maidir lena n-acmhainní oibríochtúla a chomhlíonfaidh na rialacha aerspáis is infheidhme maidir le hoibríochtaí den sórt sin.
|
2. CEANGLAIS FHÍOR-RIACHTANACHA BHREISE MAIDIR LE DEARADH, TÁIRGEADH, COTHABHÁIL AGUS OIBRIÚ AERARTHAÍ GAN FOIREANN DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 56(1) AGUS (5)
Agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 á gcur san áireamh, ní foláir na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh chun sábháilteacht a áirithiú do dhaoine ar an talamh agus d'úsáideoirí eile an aerspáis le linn don aerárthach gan foireann a bheith á oibriú, agus leibhéal riosca na hoibríochta á chur san áireamh, más gá:
2.1. Aeracmhainneacht
|
2.1.1.
|
Ní mór aerárthach gan foireann a dhearadh, nó ní mór gnéithe nó mionsonraí a bheith ann, ar bhealach gur féidir sábháilteacht an duine a bhfuil an t-aerárthach gan foireann á oibriú aige nó sábháilteacht tríú páirtithe san aer nó ar an talamh, lena n-áirítear réadmhaoin, a léiriú go sásúil.
|
|
2.1.2.
|
Maidir leis an tsláine táirge a bhaineann le haerárthaí gan foireann ní mór í a bheith comhréireach leis an riosca a ghabhann leis na dálaí eitilte intuartha uile.
|
|
2.1.3.
|
Ní mór an t-aerárthach gan foireann a bheith inrialaithe agus so-innealta go sábháilte, de réir mar a bheidh gá leis faoi na dálaí intuartha oibríochtúla go léir lena n-áirítear i ndiaidh do cheann amháin de na córais, nó, más iomchuí, do níos mó ná ceann amháin de na córais, cliseadh. Ní mór dálaí a bhfuil gné dhaonna ag baint leo a chur san áireamh go hiomchuí, go háirithe i dtaca leis an eolas atá ar fáil faoi chúinsí a chuidíonn le daoine an teicneolaíocht lena mbaineann a oibriú go sábháilte.
|
|
2.1.4.
|
Maidir le haerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, lena liáin, lena bpáirteanna agus lena dtrealamh neamhshuiteáilte, agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, ní mór iad a bheith in ann feidhmiú mar atá beartaithe faoi aon dálaí oibríochtúla ar féidir coinne a bheith leo, le linn na hoibríochta ar dearadh na haerarthaí sin ina comhair, agus lasmuigh di, ar bhealach leordhóthanach.
|
|
2.1.5.
|
Maidir le haerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, lena liáin, lena bpáirteanna agus lena dtrealamh neamhshuiteáilte, agus an trealamh lena ndéantar an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda, arna meas iontu féin agus ó thaobh an ghaoil atá eatarthu, ní mór iad a dhearadh sa dóigh go laghdófaí a dhóchúla atá sé go dtarlódh dála cliste agus déine na héifeachta a d'fhéadfadh a bheith aige ar dhaoine ar an talamh agus ar úsáideoirí eile an aerspáis, ar bhonn na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 4(2).
|
|
2.1.6.
|
Aon trealamh arb é is feidhm dó aerárthaí gan foireann a oibriú go cianda agus a bhaineann le hoibriú an aerárthaigh, ní mór é a bheith socraithe chun oibríochtaí eitilte a éascú, lena n-áirítear feasacht staide a chur ar fáil, agus chun aon staid nó aon éigeandálaí a bhfuiltear ag súil leo a bhainistiú.
|
|
2.1.7.
|
I gcás eagraíochtaí atá bainteach le dearadh aerárthaí gan foireann, le dearadh inneall agus le dearadh lián, ní mór dóibh réamhchúraimí, ar léir ón taithí a fuarthas orthu go dtí seo go mbíonn tionchar dearfach acu ar an leibhéal sábháilteachta, a ghlacadh d'fhonn guaiseacha a eascróidh as dálaí seachtracha agus inmheánacha a bhaineann le haerárthaí gan foireann agus lena gcórais a laghdú. Áirítear leis sin an t-aerárthach gan foireann a chosaint ar chur isteach trí mheán leictreonach.
|
|
2.1.8.
|
Ní mór d'airíonna leordhóthanacha inatáirgthe agus feidhmiú leordhóthanach inatáirgthe, atá i gcomhréir leis na hairíonna deartha, a theacht as na próisis, na hábhair agus na comhpháirteanna lena monaraítear an t-aerárthach gan foireann.
|
2.2. Eagraíochtaí
Ní mór d'eagraíochtaí atá bainteach le dearadh aerárthaí, lena dtáirgeadh, lena gcothabháil, lena n-oibriú, agus le seirbhísí gaolmhara agus le hoiliúint ghaolmhar na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
ní mór na hacmhainní is gá a bheith ag an eagraíocht le haghaidh a raon oibre agus ní mór di a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha agus an gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 58 agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57 agus is ábhartha dá gníomhaíocht;
(b)
ní mór don eagraíocht córas bainistíochta a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ar bun d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha iomchuí, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú go leanúnach. Ní mór an córas bainistíochta sin a bheith comhréireach le cineál gníomhaíochta na heagraíochta agus le méid na heagraíochta;
(c)
ní mór don eagraíocht córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta d'fhonn rannchuidiú leis an tsábháilteacht a fheabhsú go leanúnach. Ní mór don chóras tuairiscithe sin a bheith comhréireach le cineál gníomhaíochta na heagraíochta agus le méid na heagraíochta;
(d)
ní mór don eagraíocht socruithe le heagraíochtaí eile a bhunú, más ábhartha, d'fhonn a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha ar bhonn leanúnach.
2.3. Daoine atá páirteach in oibriú aerárthaí gan foireann
Beidh ag aon duine atá páirteach in oibriú aerárthaigh gan foireann, lena n-áirítear an cianphíolóta, an t-eolas agus na scileanna is gá d'fhonn sábháilteacht na hoibríochta a áirithiú, agus é sin i gcomhréir leis an riosca a bhaineann leis an gcineál oibríochta atá i gceist. Léireoidh an duine sin freisin go bhfuil sé folláin a dhóthain, más gá sin chun na rioscaí a bhaineann leis an oibríocht atá i gceist a mhaolú.
2.4. Oibríochtaí
|
2.4.1.
|
Tá oibreoir aerárthaigh gan foireann freagrach as an aerárthach sin a oibriú agus ní mór dó aon bhearta iomchuí a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht na hoibríochta.
|
|
2.4.2.
|
Ní mór eitilt a dhéanamh i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le comhlíonadh a ndualgas agus atá forordaithe don limistéar, don aerspás, do na haeradróim agus do na suíomhanna a bhfuil sé i gceist feidhm a bhaint astu, agus, más infheidhme, na córais BAT/SAL lena mbaineann.
|
|
2.4.3.
|
Ní mór oibríochtaí i gcás aerárthaí gan foireann sábháilteacht tríú páirtithe ar an talamh agus sábháilteacht úsáideoirí eile an aerspáis a áirithiú chomh maith le rioscaí a laghdú a eascróidh as dálaí seachtracha dochracha agus dálaí inmheánacha dochracha, lena n-áirítear dálaí comhshaoil, trí spás iomchuí scoite a choinneáil ag gach céim den eitilt.
|
|
2.4.4.
|
Ní ceadmhach aerárthach gan foireann a oibriú mura mbeidh sé i staid aeracmhainneach agus mura mbeidh na comhpháirteanna agus na seirbhísí is gá le haghaidh na hoibríochta atá i gceist ar fáil agus inseirbhíse.
|
|
2.4.5.
|
I gcás aerárthaí gan foireann agus oibríochtaí le haerárthaí gan foireann, ní mór na cearta ábhartha a ráthaítear faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh.
|
|
2.4.6.
|
Ní mór d'oibreoir aerárthaigh gan foireann a áirithiú go bhfuil an trealamh aerloingseoireachta, cumarsáide, faireacháin, braite agus seachanta is gá ar an aerárthach, maille le haon trealamh eile a mheastar a bheith riachtanach d'fhonn sábháilteacht na heitilte atá i gceist a áirithiú, agus cineál na hoibríochta, rialacháin aerthráchta agus rialacha an aeir is infheidhme ag aon chéim den eitilt á gcur san áireamh.
|
2.5. Ceanglais bhunriachtanacha a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach agus speictrim raidió, le haghaidh aerárthaí gan foireann, chomh maith lena n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte, a bhfuil a ndearadh deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 56(1) agus atá beartaithe a fheidhmiú ar mhinicíochtaí a leithdháiltear de réir Rialacháin Raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide le haghaidh úsáid aerloingseoireachta chosanta agus ar na minicíochtaí sin amháin
|
2.5.1.
|
Déanfar na haerárthaí sin gan foireann, na hinnill, liáin, páirteanna agus an trealamh neamhshuiteáilte a dhearadh agus a tháirgeadh ar bhealach lena n-áiritheofar an méid seo a leanas, agus aird á tabhairt ar an úrscothacht:
(a)
ní mó an suaitheadh leictreamaighnéadach a ghintear leo ná an leibhéal nach féidir le trealamh raidió agus teileachumarsáide nó trealamh eile oibriú os a chionn mar atá beartaithe; an suaitheadh leictreamaighnéadach a ghintear leo, ní sháraítear leis an leibhéal os a chionn nach féidir le trealamh raidió agus teileachumarsáide nó trealamh eile oibriú mar a bheartaítear; agus
(b)
tá imdhíonacht acu ar an suaitheadh leictreamaighnéadach, ar imdhíonacht í atá ar leibhéal lena ligtear dóibh oibriú nach dtagann díghrádú do-ghlactha ar an úsáid atá beartaithe dóibh.
|
|
2.5.2.
|
Déanfar na haerárthaí sin gan foireann, na hinnill, liáin, páirteanna agus an trealamh neamhshuiteáilte a dhearadh agus a tháirgeadh ar bhealach, ag féachaint don úrscothacht, lena n-áiritheofar go mbaintear leas éifeachtach leo as úsáid éifeachtúil speictrim raidió, agus go dtacaítear go héifeachtach leo leis an úsáid sin, chun trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint.
|
3. CEANGLAIS FHÍOR-RIACHTANACHA COMHSHAOIL MAIDIR LE hAERÁRTHAÍ GAN FOIREANN
Comhlíonfaidh aerárthaí gan foireann na ceanglais feidhmíochta comhshaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
4. CEANGLAIS BHUNRIACHTANACHA MAIDIR LE hAERÁRTHAÍ GAN FOIREANN, AGUS A gCUID OIBREOIRÍ, A CHLÁRÚ AGUS MAIDIR LE hAERÁRTHAÍ GAN FOIREANN A MHARCÁIL
|
4.1.
|
Gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago, déanfar aerárthaí gan foireann a bhfuil a ndearadh faoi réir deimhniúchán de bhun Airteagal 56(1), déanfar iad a chlárú i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57.
|
|
4.2.
|
Déanfar oibreoirí aerárthaí gan foireann a chlárú i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57, i gcás ina ndéanann siad aon cheann de na nithe seo a leanas a oibriú:
(a)
aerárthaí gan foireann ar féidir leo, i gcás imbhuailte, fuinneamh cinéiteach atá os cionn 80 giúl a aistriú chuig duine;
(b)
aerárthaí gan foireann a bhfuil rioscaí ag baint lena n-oibriú, ar rioscaí maidir le príobháideachas, le cosaint sonraí pearsanta, leis an tslándáil nó leis an gcomhshaol iad;
(c)
aerárthaí gan foireann a bhfuil a ndearadh faoi réir deimhniúchán de bhun Airteagal 56(1).
|
|
4.3.
|
I gcás ina mbeidh ceanglas clárúcháin infheidhme de bhun phointe 4.1 nó phointe 4.2, déanfar na haerárthaí gan foireann, lena mbaineann, a mharcáil agus a shainaithint ina n-aonar, i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 57.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|