|
+Airteagal 28a 3. |
Airteagal 28a 3.Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 1 chun a chur ar chumas custaiméirí díscor a sheachaint, lena bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh:
(a)
cóid dheonacha a chur chun cinn do sholáthróirí agus do chustaiméirí maidir le cásanna custaiméirí atá i riaráistí a chosc agus a bhainistiú; féadfaidh baint a bheith ag na socruithe sin leis an tacaíocht do chustaiméirí chun a n-úsáid fuinnimh agus a gcostais fuinnimh a bhainistiú, lena n-áirítear rabhadh a thabhairt maidir le mórmheaduithe neamhghnácha arda fuinnimh nó úsáid ard neamhghnách le linn shéasúr an gheimhridh agus an tsamhraidh, pleananna íocaíochta solúbtha iomchuí, bearta comhairle fiachais, léamha féinmhéadraithe, agus cumarsáid fheabhsaithe le custaiméirí agus gníomhaireachtaí tacaíochta a chur ar fáil;
(b)
oideachas agus feasacht na gcustaiméirí maidir lena gcearta i ndáil le bainistiú fiachais a chur chun cinn;
(c)
rochtain ar mhaoiniú, dearbháin nó fóirdheontais chun tacú le billí a íoc;
(d)
a mholadh agus a éascú go léifí méadair gach trí mhí, nó i gcás inarb ábhartha le haghaidh tréimhsí billeála níos giorra, i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm córas ina léann an custaiméir deiridh féin an méadar go tráthrialta chun oibleagáidí phointí 2(a) agus (b) d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh i ndáil le minicíocht na billeála agus soláthar na faisnéise billeála. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|