+IARSCRÍBHINN V

IARSCRÍBHINN V




IARSCRÍBHINN V

BAINISTIÚ DRAMHAÍOLA

Cuid 1

Diúscairt agus aisghabháil faoi Airteagal 7(2)

Ceadófar na hoibríochtaí diúscartha agus aisghabhála seo a leanas, dá bhforáiltear in Iarscríbhinní I agus II de Threoir 2008/98/EC, chun críocha Airteagal 7(2) nuair a chuirtear i bhfeidhm iad sa chaoi is go n-áiritheofar go ndéanfar an cion truailleán orgánach marthanach a scriosadh nó a chlaochlú go do-aisiompaithe



D9

Cóireáil fhisiciceimiceach.

D10

Loscadh ar tír.

R1

Úsáid go príomha mar bhreosla nó ar mhodh eile chun fuinneamh a ghiniúint, diomaite de dhramhaíl ina bhfuil PCBanna.

R4

Athchúrsáil/gnóthú miotal agus comhdhúile miotail, faoi na coinníollacha seo a leanas: Tá na hoibríochtaí teoranta d'iarmhair ó phróisis déanta iarainn agus cruach amhail deannaigh agus slodaí ó chóireáil gáis nó screamh mhuilinn nó deannaigh scagacháin, ina bhfuil sinc, ó oibreacha cruach, deannaigh ó chórais glantacháin gáis do bhruithneoirí copair agus dramhaíl chomhchosúil agus iarmhair láiste ina bhfuil luaidhe, ó tháirgeadh miotail neamhfheiriúil. Níl dramhaíl ina bhfuil PCBanna san áireamh. Tá na hoibríochtaí teoranta do phróisis le haghaidh aisghabháil iarainn agus cóimhiotal iarainn (foirnéis soinneáin, slocfhoirnéis agus foirnéis theallaigh) agus miotal neamhfheiriúil (próiseas áithe rothlaí Waelz, próisis leáite folcadáin ina n-úsáidtear foirnéisí ceartingearacha nó foirnéisí cothrománacha), ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na saoráidí, mar cheanglais íosta, na teorainneacha astaíochta i leith PCDDanna agus PCDFanna a leagtar síos i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), cibé acu atá nó nach bhfuil na próisis faoi réir na Treorach sin, agus gan dochar d'fhorálacha eile na Treorach.

(1)   

Treoir 2010/75/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

Féadfar réamhchóireáil a dhéanamh roimh scriosadh nó chlaochlú do-aisiompaithe de bhun na Coda seo den Iarscríbhinn seo, ar choinníoll, i gcás substaint a liostaítear in Iarscríbhinn IV a scoitear ón dramhaíl i rith na réamhchóireála, go ndéanfar í a dhiúscairt ina dhiaidh sin de réir na Coda seo den Iarscríbhinn seo. Más rud é nach bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha ach i gcuid de tháirge nó de dhramhaíl, amhail dramhthrealamh, nó nach bhfuil ach cuid den táirge nó den dramhaíl éillithe ag truailleáin orgánacha mharthanacha, déanfar í a scaradh agus a dhiúscairt ina dhiaidh sin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo. Sa bhreis air sin, féadfar oibríochtaí athphacáistithe agus stórála sealadaí a dhéanamh roimh réamhchóireáil den sórt sin nó roimh scriosadh nó claochlú do-aisiompaithe de bhun na coda seo den Iarscríbhinn seo.

Cuid 2

Dramhaíl agus oibríochtaí a bhfuil feidhm ag Airteagal 7(4)(b) maidir leo

Ceadófar na hoibríochtaí seo a leanas chun críocha Airteagal 7(4)(b) maidir leis an dramhaíl a shonraítear, arna sainiú leis an gcód sé dhigit a aicmítear i gCinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún ( 5 ).

Féadfar réamhchóireáil a dhéanamh roimh bhuanstóráil de bhun na coda seo den Iarscríbhinn, ar choinníoll, i gcás substaint a liostaítear in Iarscríbhinn IV a scoitear ón dramhaíl i rith na réamhchóireála, go ndéanfar í a dhiúscairt ina dhiaidh sin i gcomhréir le Cuid 1 den Iarscríbhinn seo. Sa bhreis air sin, is féidir oibríochtaí athphacáistithe agus stórála sealadaí a dhéanamh roimh an réamhchóireáil sin nó roimh bhuanstóráil de bhun na coda seo den Iarscríbhinn seo.



Dramhaíl mar a aicmítear í i gCinneadh 2000/532/CE

Teorainneacha uastiúchana na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn IV (1)

Oibríocht

10

DRAMHAÍL Ó PHRÓISIS THEIRMEACHA

Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhra) (SCCPanna): 10 000 mg/kg;

Aildrin: 5 000 mg/kg;

Clórdán: 5 000 mg/kg;

Clóirdeacón: 5 000 mg/kg;

DDT (1,1,1-tríchlórai-2,2-bios (4-clóraifeinil) eatán): 5 000 mg/kg;

Díldrin: 5 000 mg/kg;

Ionsulfán: 5 000 mg/kg;

Eindrin: 5 000 mg/kg;

Heipteaclór: 5 000 mg/kg;

Heicseabrómaidhéfheinil: 5 000 mg/kg;

Heicseabrómaiciogladóideacán (3): 1 000 mg/kg;

Heicseaclóraibeinséin: 5 000 mg/kg;

Heicseaclórabútaidéin: 1 000 mg/kg;

Heicseaclóraicioglaiheacsáin, lena n-áirítear liondán: 5 000 mg/kg;

Miréis: 5 000 mg/kg;

Peinteaclóraibeinséin: 5 000 mg/kg;

Aigéad sulfónach sárfhluarochtáin agus a dhíorthaigh (PFOS) (C8F17SO2X) (X = OH, Salann miotail (O-M+), hailíd, aimíd, agus díorthaigh eile lena n-áirítear polaiméirí): 50 mg/kg;

Défheinilí Polaclóirínithe (PCB) (6): 50 mg/kg;

►M7

 

Débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna): 5 mg/kg;

 ◄

Naftailéiní polaclóirinithe (*): 1 000 mg/kg;

►M7

 

Suim na dtiúchan éitir teitreabrómaidhéfheinile (C12H6Br4O), éitir peinteabrómaidhéfheinile (C12H5Br5O), éitir heicseabrómaidhéfheinile (C12H4Br6O), éitir heipteabrómaidhéfheinile (C12H3Br7O) agus éitir deacabrómaidhéfheinile (C12Br10O): 10 000 mg/kg;

 ◄

Tocsaiféin: 5 000 mg/kg;

►M7

 

Peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir: 1 000 mg/kg;

Déchófól: 5 000 mg/kg;

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara: 50 mg/kg (PFOA agus a shalainn), 2 000 mg/kg (comhdhúile PFOA-ghaolmhara);

Aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara:

50 mg/kg (PFHxS agus a shalainn), 2 000 mg/kg (comhdhúile PFHxS-ghaolmhara).

 ◄

Ní cheadófar buanstóráil ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(1)  Déanfar an stóráil i gceann de na háiteanna seo a leanas:

— foirmíochtaí carraige crua sábháilte, go domhain faoi thalamh;

— mianaigh salainn;

— líonadh talún do dhramhaíl ghuaiseach, ar choinníoll go ndéanfar an dramhaíl a sholadú nó a pháirtchobhsú i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil mar is gá maidir le haicmiú na dramhaíola i bhfochaibidil 19 03 de Chinneadh 2000/532/CE.

(2)  Urramaíodh forálacha Threoir 1999/31/CE ón gComhairle (4) agus Chinneadh 2003/33/CE ón gComhairle (5).

(3)  Tá sé léirithe gur fearr ó thaobh an chomhshaoil de an oibríocht a roghnaíodh.

10 01

Dramhaíl ó stáisiúin chumhachta agus ó stáisiúin dócháin eile (seachas 19)

►M7  10 01 03 ◄

►M7  Luaith cháithníneach ó mhóin agus ó adhmad neamhchóireáilte ◄

10 01 14 * (2)

Bunluaith, slaig agus deannach coire ó chomhloscadh ina bhfuil substaintí guaiseacha

10 01 16 *

Luaith cháithníneach ó chomhloscadh ina bhfuil substaintí guaiseacha

10 02

Dramhaíl ón tionscal iarainn agus cruach

10 02 07 *

Dramhaíl sholadach ó chóireáil gáis ina bhfuil substaintí guaiseacha

10 03

Dramhaíl ó mhiotalóireacht theirmeach alúmanaim

10 03 04 *

Slaigeanna ó tháirgeadh príomhúil

10 03 08 *

Slaigeanna salainn ó tháirgeadh tánaisteach

10 03 09 *

Dras dubh ó tháirgeadh tánaisteach

10 03 19 *

Deannach gáis múcháin ina bhfuil substaintí guaiseacha

10 03 21 *

Cáithníní agus deannach eile (lena n-áirítear deannach meallmhuilinn) ina bhfuil substaintí guaiseacha

10 03 29 *

Dramhaíl ó chóireáil slaigeanna salainn agus drais dhuibh ina bhfuil substaintí guaiseacha

10 04

Dramhaíl ó mhiotalóireacht theirmeach luaidhe

10 04 01 *

Slaigeanna ó tháirgeadh príomhúil agus ó tháirgeadh tánaisteach

10 04 02 *

Dras agus bearrthaí ó tháirgeadh príomhúil agus ó tháirgeadh tánaisteach

10 04 04 *

Deannach gáis múcháin

10 04 05 *

Cáithníní agus deannach eile

10 04 06 *

Dramhaíl sholadach ó chóireáil gáis

10 05

Dramhaíl ó mhiotalóireacht theirmeach since

10 05 03 *

Deannach gáis múcháin

10 05 05 *

Dramhaíl sholadach ó chóireáil gáis

10 06

Dramhaíl ó mhiotalóireacht theirmeach chopair

10 06 03 *

Deannach gáis múcháin

10 06 06*

Dramhaíl sholadach ó chóireáil gáis

10 08

Dramhaíl ó mhiotalóireacht theirmeach neamhfheiriúil eile

10 08 08 *

Slaig shalainn ó tháirgeadh príomhúil agus ó tháirgeadh tánaisteach

10 08 15 *

Deannach gáis múcháin ina bhfuil substaintí guaiseacha

10 09

Dramhaíl ó phíosaí feiriúla a theilgean

10 09 09 *

Deannach gáis múcháin ina bhfuil substaintí guaiseacha

16

DRAMHAÍL NACH BHFUIL SONRAITHE AR SHLÍ EILE SA LIOSTA

16 11

Líneálacha agus ábhair theasfhulangacha dhramhaíola

16 11 01 *

Líneálacha agus ábhair theasfhulangacha charbónbhunaithe ó phróisis mhiotalóireachta ina bhfuil substaintí guaiseacha

16 11 03 *

Líneálacha agus ábhair theasfhulangacha eile ó phróisis mhiotalóireachta ina bhfuil substaintí guaiseacha

17

DRAMHAÍL TÓGÁLA AGUS SCARTÁLA (LENA nÁIRÍTEAR ITHIR ARNA TOCHAILT AS LÁITHREÁIN ÉILLITHE)

17 01

Coincréit, brící, tíleanna agus earraí ceirmeacha

17 01 06 *

Meascáin de choincréit, brící, tíleanna agus earraí ceirmeacha ina bhfuil substaintí guaiseacha, nó codáin leithleacha díobh

17 05

Ithir (lena n-áirítear ithir arna tochailt as láithreáin éillithe), clocha agus cartadh dreideála

17 05 03 *

Ithir agus clocha ina bhfuil substaintí guaiseacha

►M7  17 05 04 ◄

►M7  Ithir agus clocha seachas iad sin a luaitear in 17 05 03 ◄

17 09

Dramhaíl tógála agus scartála eile

17 09 02 *

Dramhaíl tógála agus scartála ina bhfuil PCB, diomaite de threalamh ina bhfuil PCB

17 09 03 *

Dramhaíl tógála agus scartála eile (lena n-áirítear dramhaíl mheasctha) ina bhfuil substaintí guaiseacha

19

DRAMHAÍL Ó SHAORÁIDÍ BAINISTITHE DRAMHAÍOLA, GLÉASRAÍ CÓIREÁLA DRAMHUISCE LASMUIGH DEN LÁTHAIR AGUS ULLMHÚ UISCE ATÁ CEAPTHA DO THOMHALTAS AN DUINE AGUS UISCE Ó ÚSÁID THIONSCLAÍOCH

19 01

Dramhaíl ó loscadh nó pirealú dramhaíola

19 01 07 *

Dramhaíl sholadach ó chóireáil gáis

19 01 11 *

Bunluaith agus slaig ina bhfuil substaintí guaiseacha

19 01 13 *

Luaith cháithníneach ina bhfuil substaintí guaiseacha

19 01 15 *

Deannach coire ina bhfuil substaintí guaiseacha

19 04

Dramhaíl ghloinithe agus dramhaíl ó ghloiniú

19 04 02 *

Luaith cháithníneach agus dramhaíl eile ó chóireáil gáis múcháin

19 04 03 *

Céim sholadach neamhghloinithe

►M7  20 ◄

►M7  DRAMHAÍL CHATHRACH (DRAMHAÍL TÍ AGUS DRAMHAÍL TRÁCHTÁLA, THIONSCLAÍOCH AGUS INSTITIÚIDEACH DEN CHINEÁL CÉANNA) LENA nÁIRÍTEAR CODÁIN DRAMHAÍOLA A BHAILÍTEAR AR LEITHLIGH ◄

►M7  20 01 ◄

►M7  Codáin dramhaíola a bhailítear ar leithligh (seachas 15 01) ◄

►M7  20 01 41 ◄

►M7  Dramhaíl ó shimléir a scuabadh ◄

(1)   

Tá feidhm ag na teorainneacha seo maidir le líonadh talún do dhramhaíl ghuaiseach, agus maidir leis sin amháin, agus níl feidhm acu maidir le saoráidí buana stórála faoi thalamh do dhramhaíl ghuaiseach, lena n-áirítear mianaigh salainn.

(2)   

Aon dramhaíl a bhfuil réiltín “*” leis meastar gur dramhaíl ghuaiseach í de bhun Threoir 2008/98/CE agus tá sí faoi réir fhorálacha na Treorach sin.

(3)   

Ciallaíonn “heicseabrómaiciogladóideacán” heicseabrómaiciogladóideacán, 1,2,5,6,9,10-heicseabrómaiciogladóideacán agus a dhiaisteiré-isiméirí príomha: alfa-heicseabrómaiciogladóideacán, béite-heicseabrómaiciogladóideacán agus gáma-heicseabrómaiciogladóideacán.

(4)   

Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

(5)   

Cinneadh 2003/33/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena mbunaítear critéir agus nósanna imeachta maidir le glacadh le dramhaíl ag líonadh talún de bhun Airteagal 16 de Threoir 1999/31/CE agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir chéanna (IO L 11, 16.1.2003, lch. 27).

(6)   

Beidh feidhm ag an modh ríofa a leagtar síos sna caighdeáin Eorpacha EN 12766-1 agus EN 12766-2.

▼M7

Is de réir na bhfachtóirí coibhéise tocsaineachta (TEFanna) seo a leanas a ríomhfar an teorainn uastiúchana le haghaidh débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD agus PCDF) agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna):

Fachtóirí coibhéise tocsaineachta (TEFanna) le haghaidh PCDD, PCDF agus dl-PCBanna



PCDD

TEF

2,3,7,8-TeCDD

1

1,2,3,7,8-PeCDD

1

1,2,3,4,7,8-HxCDD

0,1

1,2,3,6,7,8-HxCDD

0,1

1,2,3,7,8,9-HxCDD

0,1

1,2,3,4,6,7,8-HpCDD

0,01

OCDD

0,0003

PCDF

TEF

2,3,7,8-TeCDF

0,1

1,2,3,7,8-PeCDF

0,03

2,3,4,7,8-PeCDF

0,3

1,2,3,4,7,8-HxCDF

0,1

1,2,3,6,7,8-HxCDF

0,1

1,2,3,7,8,9-HxCDF

0,1

2,3,4,6,7,8-HxCDF

0,1

1,2,3,4,6,7,8-HpCDF

0,01

1,2,3,4,7,8,9-HpCDF

0,01

OCDF

0,0003

dl-PCBanna

TEF

PCB 77

0,0001

PCB 81

0,0003

PCB 105

0,00003

PCB 114

0,00003

PCB 118

0,00003

PCB 123

0,00003

PCB 126

0,1

PCB 169

0,03

PCB 156

0,00003

PCB 157

0,00003

PCB 167

0,00003

PCB 189

0,00003

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1021
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.