+Airteagal 3a Spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2
---+Airteagal 3a 1.
---+Airteagal 3a 2.
---+Airteagal 3a 3.
---+Airteagal 3a 4.
---+Airteagal 3a 5.
|
Airteagal 3a Spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3a 1.
|
Déanfar meánastaíochtaí CO2 fhlít an Aontais de mhótarfheithiclí nua tromshaothair, seachas feithiclí sainchuspóireacha, feithiclí easbhóthair agus feithiclí sainchuspóireacha easbhóthair a laghdú de réir na gcéatadán seo a leanas i gcomparáid le meánastaíochtaí CO2 thréimhse thuairiscithe na bliana 2019:
(a)
15 %, i gcás foghrúpaí feithiclí 4-UD, 4-RD, 4-LH, 5-RD, 5-LH, 9-RD, 9-LH, 10-RD, 10-LH le haghaidh thréimhse thuairiscithe na mblianta 2025 go 2029,
(b)
45 %, i gcás na bhfoghrúpaí feithiclí uile cé is moite d’fheithiclí seirbhíse le haghaidh thréimhse thuairiscithe na mblianta 2030 go 2034,
(c)
65 %, i gcás na bhfoghrúpaí feithiclí uile le haghaidh thréimhse thuairiscithe na mblianta 2035 go 2039,
(d)
90 %, i gcás na bhfoghrúpaí feithiclí uile le haghaidh thréimhse thuairiscithe na mblianta 2040 agus ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 3a 2.
|
Rannchuideoidh na foghrúpaí feithiclí leis na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le pointe 4.3. d’Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 3a 3.
|
Déanfar na hastaíochtaí CO2 a bhaineann le flít leantóirí nua an Aontais a laghdú i gcomhréir le pointe 4.3 d’Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 3a 4.
|
D’ainneoin Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2017/2400, ní bheidh feithiclí tromshaothair ceadaithe a thagann faoi Airteagal 2(3), an chéad fhomhír, pointe (b) de Rialachán (AE) 2018/858 faoi réir na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a leagtar amach i míreanna 1 go 3 den Airteagal seo, mura roghnaíonn an monaróir na feithiclí tromshaothair sin a áireamh i ríomh a n-astaíochtaí sonracha agus a spriocanna sonracha CO2 agus tuairisciú á dhéanamh ar na feithiclí tromshaothair sin i gcomhréir le Cuid B, d’Iarscríbhinn IV, a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 3a 5.
|
Feithiclí tromshaothair seachas na feithiclí tromshaothair sin dá dtagraítear i mír 4 atá cláraithe lena n-úsáid ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag seirbhísí dóiteáin, ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choinneáil nó ag seirbhísí cúraim leighis phráinnigh, ní bheidh siad faoi réir na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a leagtar amach i míreanna 1 go 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go léiríonn Ballstát amhlaidh sa phróiseas clárúcháin agus tuairiscithe, lena ndearbhaítear, dá bhrí sin, sna sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le Cuid A, d’Iarscríbhinn IV nach féidir fónamh do chuspóir na feithicle tromshaothair ar bhealach comhionann, le feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus gur chun leasa an phobail é, dá bhrí sin, feithicil tromshaothair le hinneall dócháin a chlárú chun an cuspóir sin a chomhlíonadh. Ní bheidh feithiclí tromshaothair a chláraítear lena n-úsáid ag seirbhísí armtha faoi réir cheanglais an Rialacháin seo má chinneann Ballstát gan iad a thuairisciú i gcomhréir le Cuid A, d’Iarscríbhinn IV.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|