+Airteagal 26 Pionóis
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 1a.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 2a.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 4a.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.
|
Airteagal 26 Pionóis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Dearbhóir SCCT údaraithe a mhainníonn, faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, an líon deimhnithe SCCT a ghéilleadh a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí atá leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana féilire roimhe sin, beidh sé faoi dhliteanas pionós a íoc. Beidh an pionós sin comhionann leis an bpionós i leith astaíochtaí iomarcacha a leagtar amach in Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE, agus a ardaítear de bhun Airteagal 16(4) den Treoir sin, agus beidh sé infheidhme sa bhliain a allmhairítear na hearraí. Beidh feidhm ag an bpionós sin i gcás gach deimhnithe SCCT nach bhfuil géillte ag an dearbhóir SCCT údaraithe.
|
|
Airteagal 26 1a.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina mainníonn dearbhóir SCCT údaraithe an líon ceart deimhnithe SCCT a ghéilleadh de thoradh faisnéis mhícheart arna soláthar ag tríú páirtí, eadhon oibreoir, fíoraitheoir nó duine neamhspleách a dheimhníonn doiciméadacht an phraghais carbóin dá dtagraítear in Airteagal 9(2), féadfaidh an t-údarás inniúil an pionós dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a laghdú. An pionós a fhorchuirtear dá réir sin, beidh sé éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus tabharfar san áireamh leis go háirithe fad, tromchúis, raon feidhme, cineál intinniúil nó athdhéanamh an neamhchomhlíonta nó leibhéal comhair an dearbhóra SCCT údaraithe leis an údarás inniúil.
|
|
Airteagal 26 2.
|
I gcás ina ndéanann duine seachas dearbhóir SCCT údaraithe earraí a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, beidh an duine sin faoi dhliteanas pionós a íoc. Beidh an pionós sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus, ag brath go háirithe ar fad, tromchúis, raon, cineál intinniúil agus atarlú an neamhchomhlíonta sin agus ar leibhéal chomhoibriú an duine leis an údarás inniúil, beidh a mhéid ó thrí oiread go cúig oiread an phionóis dá dtagraítear i mír 1, a bheidh infheidhme sa bhliain a dtugtar isteach na hearraí, i gcás gach deimhnithe SCCT nach bhfuil géillte ag an duine.
|
|
Airteagal 26 2a.
|
Beidh feidhm ag mír 2 freisin maidir leis na hallmhaireoirí nach dearbhóirí SCCT údaraithe iad, i gcás ina sáraíonn siad an tairseach mhais-bhunaithe aonair. Chun na críche sin, cuirfear san áireamh na hastaíochtaí iomlána atá leabaithe sna hearraí a d’allmhairigh allmhaireoir den sórt sin sa bhliain féilire ábhartha. Nuair a bheidh an pionós íoctha ag an allmhaireoir, scaoilfear é ón oibleagáid dearbhú SCCT a chur isteach agus ón oibleagáid deimhnithe SCCT i leith na n-allmhairí sin a ghéilleadh. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás inniúil an pionós dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo a laghdú i gcás inar sháraigh allmhaireoir an tairseach mhais-bhunaithe aonair faoi oiread nach mó ná 10 % den tairseach sin nó i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 17(7a). Beidh pionós den sórt sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus ní bheidh sé níos ísle ná an pionós dá bhforáiltear i mír 1. Nuair a bheidh an pionós íoctha ag an allmhaireoir, scaoilfear é ón oibleagáid dearbhú SCCT a chur isteach agus ón oibleagáid deimhnithe SCCT a ghéilleadh.
|
|
Airteagal 26 3.
|
Tríd an bpionós a íoc i gcomhréir le míreanna 1 agus 1a, ní scaoilfear dearbhóir SCCT údaraithe ón oibleagáid an líon deimhnithe SCCT atá fós gan géilleadh a ghéilleadh i mbliain ar leith.
|
|
Airteagal 26 4.
|
Má chinneann an t-údarás inniúil, lena n-áirítear i bhfianaise na réamhríomhanna arna ndéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 19, gur mhainnigh dearbhóir SCCT údaraithe an oibleagáid a chomhlíonadh i leith deimhnithe SCCT a ghéilleadh mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, nó go bhfuil earraí tugtha isteach ag an duine sin i gcríoch chustaim an Aontais gan na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh mar a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a fhorchur de bhun mhír 1 nó mhír 2 den Airteagal seo, de réir mar is infheidhme. Chuige sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir SCCT údaraithe nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, don duine faoi na nithe seo a leanas:
(a)
go bhfuil an t-údarás inniúil tagtha ar an tátal go bhfuil mainnithe ag an dearbhóir SCCT údaraithe nó ag an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;
(b)
na cúiseanna atá lena thátal;
(c)
méid an phionóis a fhorchuirtear ar an dearbhóir SCCT údaraithe nó ar an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;
(d)
an dáta óna mbeidh an pionós dlite;
(e)
an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an dearbhóir SCCT údaraithe nó ag an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo chun an pionós a íoc; agus
(f)
an ceart atá ag an dearbhóir SCCT údaraithe nó ag an duine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo achomharc a dhéanamh.
|
|
Airteagal 26 4a.
|
Chun críocha mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ríomhfaidh an t-údarás inniúil an líon iomlán deimhnithe SCCT ba cheart a bheith géillte, bunaithe ar ghlanmhais na n-earraí allmhairithe agus trí thagairt do na hastaíochtaí leabaithe arna gcinneadh de réir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus an coigeartú le haghaidh leithdháileadh saor in aisce dá dtagraítear in Airteagal 31 á chur san áireamh.
|
|
Airteagal 26 5.
|
I gcás nach n-íoctar an pionós faoin dáta dlite dá dtagraítear i mír 4, pointe (d), déanfaidh an t-údarás inniúil íocaíocht an phionóis a aimsiú trí gach bealach a bheidh ar fáil dó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.
|
|
Airteagal 26 6.
|
Déanfaidh na Ballstáit na cinntí maidir le pionóis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur in iúl don Choimisiún agus cláróidh siad an íocaíocht deiridh dá dtagraítear i mír 5 i gclárlann SCCT.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0956
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|