|
+IARSCRÍBHINN I Tuairisciú |
IARSCRÍBHINN I Tuairisciú
IARSCRÍBHINN I Tuairisciú Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Rialachán:
1.
socrú spriocanna
(a)
réamh-mheastacháin maidir le glacadh feithiclí an 31 Nollaig sna blianta 2025, 2030 agus 2035 i gcás:
—
feithiclí saothair éadroim, ar leithligh i gcás feithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim, feithiclí hibride inluchtaithe saothair éadroim agus feithiclí faoi thiomáint hidrigine saothair éadroim;
—
feithiclí tromshaothair, ar leithligh i gcás feithiclí ceallra-leictreacha tromshaothair agus feithiclí tromshaothair faoi thiomáint hidrigine;
(b)
spriocanna le haghaidh an 31 Nollaig sna blianta 2025, 2027, 2030, agus 2035 i gcás:
—
bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim: an líon stáisiún athluchtaithe agus an aschur cumhachta (aicmiú na stáisiún athluchtaithe de réir Iarscríbhinn III);
—
stáisiúin athluchtaithe a fhorbairt le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, más infheidhme;
—
bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair: an líon stáisiún athluchtaithe agus an t-aschur cumhachta;
—
stáisiúin athluchtaithe a fhorbairt le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, más infheidhme;
—
stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine: líon na stáisiún athbhreoslaithe, toilleadh na stáisiún athbhreoslaithe agus an nascóir a sholáthraítear;
—
stáisiúin athbhreoslaithe ar bhóithre le haghaidh meatáin leachtaithe: líon na stáisiún athbhreoslaithe agus toilleadh na stáisiún;
—
pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe ag calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear an suíomh (calafort) agus an toilleadh in aghaidh an chalafoirt;
—
soláthar leictreachais cois cladaigh ag calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear suíomh beacht (calafort) agus toilleadh gach suiteála laistigh den chalafort;
—
soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear suíomh (calafort) agus toilleadh;
—
soláthar leictreachais le haghaidh aerárthaí ina stad, líon na suiteálacha in aghaidh an aerfoirt den chroíghréasán TEN-T nó an aerfoirt den ghréasán cuimsitheach TEN-T;
—
spriocanna agus cuspóirí náisiúnta eile nach ann do spriocanna náisiúnta éigeantacha ar fud an Aontais ina dtaobh, más iomchuí. I gcás bonneagar breoslaí malartacha i gcalafoirt, in aerfoirt agus i gcás iarnróid, ní mór suíomh agus toilleadh/méid na suiteála a thuairisciú;
2.
rátaí úsáide: i gcás na gcatagóirí faoi phointe 1(b), úsáid an bhonneagair sin a thuairisciú;
3.
leibhéal bainte amach na spriocanna náisiúnta arna dtuairisciú chun breoslaí malartacha a chur in úsáid sna modhanna éagsúla iompair (bóthar, iarnród, uisce agus aer):
—
leibhéal bainte amach na spriocanna maidir le himscaradh bonneagair dá dtagraítear i bpointe 1(b) i gcás na modhanna iompair uile is infheidhme, go háirithe maidir le stáisiúin athluchtaithe, córas bóithre leictreacha (más infheidhme), stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine, soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre, buncaeireacht meatáin leachtaithe sna príomhchalafoirt mhuirí TEN-T, bonneagar breoslaí malartacha eile i gcalafoirt, soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad;
—
i gcás pointí athluchtaithe, lena sonraítear an cóimheas idir bonneagar poiblí agus bonneagar príobháideach;
—
bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid laistigh de nóid uirbeacha;
4.
an t-athbhreithniú ar na cásanna ina bhfuil úsáid bainte ag na Ballstáit as na maoluithe a leagtar síos in Airteagal 3, míreanna (6), (7) agus (8), Airteagal 4, míreanna (6), (7) agus (8) agus Airteagal 6, mír (4);
5.
bearta dlíthiúla: faisnéis faoi bhearta dlíthiúla, a bhféadfadh bearta reachtacha, rialála nó riaracháin a bheith i gceist leo chun tacú le bonneagar breoslaí malartacha a fhorbairt, amhail ceadanna tógála, ceadanna áiteanna páirceála, deimhniú ar fheidhmíocht chomhshaoil gnólachtaí agus lamháltais maidir le stáisiún athluchtaithe agus athbhreoslaithe;
6.
faisnéis faoi na bearta beartais lena dtacaítear le cur chun feidhme an chreata beartais náisiúnta, lena n-áirítear:
—
dreasachtaí díreacha chun modhanna iompair a úsáideann breoslaí malartacha a cheannach nó chun an bonneagar a fhorbairt;
—
infhaighteacht dreasachtaí cánach chun modhanna iompair a úsáideann breoslaí malartacha agus an bonneagar ábhartha a chur chun cinn;
—
úsáid a bhaint as soláthar poiblí chun tacú le breoslaí malartacha, lena n-áirítear comhsholáthar;
—
dreasachtaí neamhairgeadais de réir an éilimh, mar shampla rochtain fhabhrach ar limistéir theoranta, beartas páirceála agus lánaí tiomnaithe;
7.
tacaíocht na hearnála poiblí i dtaca le cur in úsáid agus monarú, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
—
an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid, arna mhiondealú de réir an bhreosla mhalartaigh agus de réir an mhodha iompair (bóthar, iarnród, uisce agus aer);
—
an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun tacú le gléasraí monaraíochta le haghaidh teicneolaíochtaí breosla mhalartaigh, arna mhiondealú de réir breosla malartach;
—
aon riachtanais ar leith a chur san áireamh le linn na chéad chéime d’imscaradh bonneagair breoslaí malartacha;
8.
taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (RTD&D): an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun tacú le RTD&D ar bhreoslaí malartacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|