+Airteagal 6 5
|
Airteagal 6 5
5. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 ná 3 maidir leis na longa seo a leanas:
|
(a)
|
longa atá ar múráil le cé ar feadh níos lú ná 2 uair an chloig, tréimhse a ríomhtar ar bhonn am an teacht isteach agus am na himeachta a ndéantar faireachán agus taifeadadh orthu i gcomhréir le hAirteagal 15;
|
|
(b)
|
longa a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha a chomhlíonann na ceanglais ghinearálta do na teicneolaíochtaí sin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III agus a liostaítear agus a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 den Airteagal seo, le haghaidh iomlán a n-éilimh ar chumhacht leictreach i mbeart, agus iad ar múráil ag an gcé;
|
|
(c)
|
mar gheall ar imthosca gan choinne nach bhfuil neart ag an long orthu, longa nach mór dóibh cuaird neamhsceidealta a dhéanamh ar chalafort, nach ndéantar ar bhonn córasach, ar chúiseanna sábháilteachta nó chun beatha a shábháil ar muir, seachas iad siúd atá eisiata cheana faoi Airteagal 3, pointe (10);
|
|
(d)
|
longa nach féidir leo nascadh le OPS toisc nach bhfuil pointí nasctha OPS i gcalafort ann;
|
|
(e)
|
longa nach bhfuil in ann ceangal le OPS toisc, go heisceachtúil, má bhíonn cobhsaíocht na greille leictreachais i mbaol toisc nach leor a bhfuil ar fáil de chumhacht ar tír chun éileamh na loinge ar chumhacht leictreach i mbeart a shásamh;
|
|
(f)
|
longa nach bhfuil in ann ceangal le OPS toisc nach bhfuil an tsuiteáil ar an gcósta ag an gcalafort comhoiriúnach leis an trealamh cumhachta ar tír atá ar bord, ar choinníoll go ndéantar an tsuiteáil le haghaidh nasc le tír mór ar bord na loinge a dheimhniú i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1804 maidir le córais nascachta cladaigh long farraige;
|
|
(g)
|
longa a bhfuil féinghiniúint fuinnimh ar bord ag teastáil uathu, ar feadh tréimhse theoranta ama, i gcásanna práinne ina bhfuil baol láithreach don bheatha, don long nó don chomhshaol nó ar chúiseanna eile force majeure;
|
|
(h)
|
cé go bhfuil siad nasctha fós le OPS, ar feadh tréimhse ama atá teoranta a mhéid a bhfuil gá léi, longa nach mór dóibh giniúint fuinnimh ar bord a úsáid le haghaidh tástálacha cothabhála, nó le haghaidh tástálacha feidhmiúla a dhéantar arna iarraidh sin d’oifigeach údaráis inniúil nó d’ionadaí eagraíochta aitheanta a thugann faoi shuirbhé nó cigireacht.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.09.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1805
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|