+Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “foirgneamh” déanmhas faoi dhíon a bhfuil ballaí leis agus a n-úsáidtear fuinneamh ina leith chun an timpeallacht laistigh a chóiriú;

(2) 

ciallaíonn “foirgneamh astaíochtaí nialasacha” foirgneamh a bhfuil feidhmíocht fuinnimh an-ard aige, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, nach bhfuil fuinneamh ar bith ag teastáil ina leith nó nach bhfuil ach méid an-bheag fuinnimh ag teastáil ina leith, a tháirgeann astaíochtaí nialasacha carbóin ar an láthair ó bhreoslaí iontaise agus a tháirgeann astaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa oibríochtúla nó méid an-bheag astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla, i gcomhréir le hAirteagal 11;

(3) 

ciallaíonn “foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de” foirgneamh lena ngabhann feidhmíocht fuinnimh an-ard, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, feidhmíocht fuinnimh nach bhfuil níos measa ná an leibhéal is fearr costas in 2023 arna thuairisciú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(2) agus i gcás ina bhfuil an méid fuinnimh a éilítear, atá nach mór neodrach nó an-íseal, cumhdaithe go leibhéal an-ard ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh in aice láimhe;

(4) 

ciallaíonn “íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh” rialacha lena gceanglaítear ar fhoirgnimh atá ann cheana ceanglas feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh mar chuid de phlean athchóirithe leathan do stoc foirgneamh nó ag truicearphointe ar an margadh amhail díol, cíos, deonú nó athrú críche faoin gclár talún, laistigh de thréimhse ama nó faoi dháta sonrach, agus ar an gcaoi sin athchóiriú ar fhoirgnimh atá ann cheana a spreagadh;

(5) 

ciallaíonn “comhlachtaí poiblí” comhlachtaí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir (AE) 2023/1791;

(6) 

ciallaíonn “córas teicniúil foirgnimh” an trealamh teicniúil a bhíonn i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh i gcomhair téamh spáis, fuarú spáis, aerála, uisce te tí, soilsiú ionsuite, uathoibriú agus rialú foirgnimh, giniúint fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh ar an láthair, lena n-áirítear na córais siúd a úsáideann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;

(7) 

ciallaíonn “córas uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh” córas lena gcumhdaítear na táirgí, na bogearraí agus na seirbhísí innealtóireachta go léir ar féidir leo tacú le hoibriú fuinneamhéifeachtúil, tíosach agus sábháilte córas teicniúil foirgnimh trí rialuithe uathoibríocha agus trí bhainistiú na gcóras teicniúil foirgnimh sin de láimh a éascú;

(8) 

ciallaíonn “feidhmíocht fuinnimh foirgnimh” an méid fuinnimh ríofa nó mhéadraithe atá ag teastáil chun freastal ar an éileamh fuinnimh a bhaineann le gnáthúsáid an fhoirgnimh, lena n-áirítear fuinneamh a úsáidtear chun an foirgneamh a théamh, a fhuarú, a aeráil, chun uisce te tí a sholáthar ann agus chun an foirgneamh a shoilsiú;

(9) 

ciallaíonn “fuinneamh príomhúil” fuinneamh in-athnuaite agus neamh-in-athnuaite nach ndeachaigh faoi phróiseas tiontaithe nó claochlaithe;

(10) 

ciallaíonn “méadraithe” fuinneamh a thomhas le feiste ábhartha, amhail méadar fuinnimh, méadar cumhachta, feiste méadraithe agus faireacháin cumhachta, nó méadar leictreachais;

(11) 

ciallaíonn “fachtóir fuinnimh phríomhúil neamh-in-athnuaite” táscaire a ríomhtar tríd an bhfuinneamh príomhúil ó fhoinsí neamh-in-athnuaite le haghaidh iompróir fuinnimh ar leith, lena n-áirítear an fuinneamh arna sheachadadh agus forchostais fuinnimh ríofa an tsoláthair chuig na pointí úsáide, a roinnt ar an bhfuinneamh arna sheachadadh;

(12) 

ciallaíonn “fachtóir fuinnimh phríomhúil in-athnuaite” táscaire a ríomhtar tríd an bhfuinneamh príomhúil ó fhoinsí in-athnuaite ó fhoinse fuinnimh ar an láthair, in aice láimhe nó i gcéin, a sheachadtar trí iompróir fuinnimh ar leith, lena n-áirítear an fuinneamh arna sheachadadh agus forchostais fuinnimh ríofa an tseachadta chuig na pointí úsáide, a roinnt ar an bhfuinneamh arna sheachadadh;

(13) 

ciallaíonn “fachtóir fuinnimh phríomhúil iomlán” suim na bhfachtóirí fuinnimh phríomhúil in-athnuaite agus neamh-in-athnuaite i gcás iompróir fuinnimh ar leith;

(14) 

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh osmóiseach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhais, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás;

(15) 

ciallaíonn “imchlúdach foirgnimh” eilimintí comhtháite foirgnimh a thagann idir an taobh istigh agus an timpeallacht lasmuigh;

(16) 

ciallaíonn “aonad foirgnimh” cuid, urlár nó árasán laistigh d’fhoirgneamh arna dhearadh nó arna athrú chun go n-úsáidfí as féin é;

(17) 

ciallaíonn “eilimint foirgnimh” córas teicniúil foirgnimh nó eilimint den imchlúdach foirgnimh;

(18) 

ciallaíonn “foirgnimh cónaithe nó aonad foirgnimh cónaithe” seomra nó sraith seomraí i bhfoirgneamh buan nó i gcuid d’fhoirgneamh atá leithleach ó thaobh struchtúrtha de agus atá deartha le haghaidh cónaithe don bhliain ar fad ag teaghlach príobháideach amháin;

(19) 

ciallaíonn “pas athchóirithe” treochlár saincheaptha chun athchóiriú domhain a dhéanamh ar fhoirgneamh in uaslíon céimeanna lena gcuirfear feabhas suntasach ar a fheidhmíocht fuinnimh;

(20) 

ciallaíonn “athchóiriú domhain” athchóiriú atá i gcomhréir le “bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh”, lena ndírítear ar eilimintí riachtanacha foirgnimh agus lena gclaochlaítear foirgneamh nó aonad foirgnimh:

(a) 

roimh an 1 Eanáir 2030, ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de;

(b) 

ón 1 Eanáir 2030, ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha;

(21) 

ciallaíonn “athchóiriú domhain céimneach” athchóiriú domhain a dhéantar in uaslíon céimeanna, mar a leagtar amach i bpas athchóirithe;

(22) 

ciallaíonn “athchóiriú mór” athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh sna cásanna seo a leanas:

(a) 

tá costas iomlán an athchóirithe maidir leis an imchlúdach foirgnimh nó na córais theicniúla foirgnimh níos airde ná 25 % de luach an fhoirgnimh, gan luach na talún ar a bhfuil an foirgneamh suite a chur san áireamh; nó

(b) 

déantar níos mó ná 25 % de dhromchla an imchlúdaigh foirgnimh a athchóiriú.

Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh pointe (a) nó (b) a chur i bhfeidhm;

(23) 

ciallaíonn “astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla” astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le tomhaltas fuinnimh na gcóras teicniúil foirgnimh le linn úsáid agus oibriú an fhoirgnimh;

(24) 

ciallaíonn “astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine” na hastaíochtaí gás ceaptha teasa thar shaolré iomlán foirgnimh, lena n-áirítear táirgeadh agus iompar táirgí foirgníochta, gníomhaíochtaí ar láithreáin foirgníochta, úsáid fuinnimh chun táirgí foirgníochta a thógáil agus chun táirgí foirgníochta a athsholáthar, chomh maith le scartáil, iompar agus bainistiú dramhábhar agus athúsáid, athchúrsáil, agus diúscairt deiridh na ndramhábhar sin;

(25) 

ciallaíonn “poitéinseal téimh dhomhanda ar feadh saolré” nó “GWP ar feadh saolré” táscaire lena ndéantar cainníochtú ar an méid a d’fheadfadh foirgneamh cur leis an téamh domhanda feadh a shaolré iomláine;

(26) 

ciallaíonn “dreasachtaí deighilte” dreasachtaí deighilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (54), de Threoir (AE) 2023/1791;

(27) 

ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” bochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (52), de Threoir (AE) 2023/1791;

(28) 

ciallaíonn “teaghlaigh leochaileacha” teaghlaigh atá i mbochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh íseal-mheánioncaim, atá neamhchosanta go háirithe ar chostais arda fuinnimh agus nach bhfuil in acmhainn athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh atá á áitiú acu;

(29) 

ciallaíonn “caighdeán Eorpach” caighdeán arna ghlacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide agus a chuirtear ar fáil le haghaidh úsáid phoiblí;

(30) 

ciallaíonn “deimhniú feidhmíochta fuinnimh” deimhniú, arna aithint ag Ballstát nó ag duine dlítheanach arna ainmniú aige, ina léirítear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh nó aonaid foirgnimh, a dhéantar a ríomh i gcomhréir le modheolaíocht a ghlactar de bhun Airteagal 4;

(31) 

ciallaíonn “comhghiniúint” giniúint chomhuaineach, in aon phróiseas amháin, fuinnimh theirmigh agus fuinnimh leictrigh nó mheicniúil;

(32) 

ciallaíonn “an leibhéal is fearr costas” an leibhéal feidhmíochta fuinnimh a thugann an costas is lú le linn na saolré eacnamaíche réamh-mheasta sna cásanna seo a leanas:

(a) 

déantar an costas is ísle a chinneadh agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(i) 

catagóir agus úsáid an fhoirgnimh lena mbaineann:

(ii) 

costais infheistíochta a bhaineann le fuinneamh ar bhonn réamhaisnéisí oifigiúla;

(iii) 

costais chothabhála agus oibriúcháin, lena n-áirítear costais fuinnimh agus costas lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur san áireamh;

(iv) 

seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte a bhaineann le húsáid fuinnimh;

(v) 

tuilleamh ón bhfuinneamh a tháirgtear ar an láthair, i gcás inarb infheidhme;

(vi) 

costais bainistíochta dramhaíola, i gcás inarb infheidhme; agus

(b) 

is é gach Ballstát a dhéanann an tsaolré eacnamaíoch réamh-mheasta a chinneadh agus tagraítear leis don tsaolré eacnamaíoch réamh-mheasta atá fágtha d’fhoirgneamh i gcás ina bhfuil ceanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh leagtha amach don fhoirgneamh ina iomláine, nó tagraítear leis don tsaolré eacnamaíoch réamh-mheasta d’eilimint foirgnimh i gcás ina bhfuil ceanglais feidhmíochta fuinnimh leagtha amach maidir le heilimintí foirgnimh.

Beidh an leibhéal is fearr costas laistigh de raon na leibhéal feidhmíochta nuair is dearfach an anailís costais is tairbhe arna ríomh le linn na saolré eacnamaíche réamh-mheasta;

(33) 

ciallaíonn “pointe athluchtaithe” pointe athluchtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (48), de Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(34) 

ciallaíonn “réamhcháblú” na bearta go léir is gá chun suiteáil pointí athluchtaithe a chumasú, lena n-áirítear tarchur sonraí, cáblaí, bealaí cábla agus, i gcás inar gá, méadair leictreachais;

(35) 

ciallaíonn “carrchlós faoi dhíon” déanmhas faoi dhíon, a bhfuil ar a laghad trí spás páirceála gluaisteán ann, nach n-úsáideann fuinneamh chun an timpeallacht laistigh a chóiriú;

(36) 

ciallaíonn “micreachóras scoite” aon chóras ag a bhfuil tomhaltas níos lú ná 500 GWh sa bhliain in 2022, i gcás nach bhfuil aon cheangal idir é agus córais eile;

(37) 

ciallaíonn “athluchtú cliste” athluchtú cliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (14m), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(38) 

ciallaíonn “athluchtú déthreoch” athluchtú déthreoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2023/1804;

(39) 

ciallaíonn “caighdeáin punann morgáiste” sásraí lena spreagtar iasachtóirí morgáiste bealach a bhunú chun feidhmíocht airmheánach fuinnimh na punainne foirgneamh a chumhdaítear lena morgáistí a mhéadú i dtreo 2030 agus 2050 agus chun cliaint ionchasacha a spreagadh chun feidhmíocht fuinnimh a maoine a dhéanamh níos fearr i gcomhréir le huaillmhian an Aontais maidir le dícharbónú agus spriocanna ábhartha fuinnimh i réimse an tomhaltais fuinnimh i bhfoirgnimh, ag brath ar na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852;

(40) 

ciallaíonn “scéim íoc-mar-a-shábháiltear” scéim iasachta atá tiomnaithe go heisiach d’fheabhsuithe san fheidhmíocht fuinnimh, i gcás ina mbunaítear comhghaol agus an scéim á ceapadh idir na haisíocaíochtaí ar an iasacht agus an coigilteas fuinnimh a baineadh amach, agus tosca eacnamaíocha eile á gcur san áireamh freisin amhail innéacsú an chostais fuinnimh, rátaí úis, luach sócmhainní méadaithe agus athmhaoiniú iasachta;

(41) 

ciallaíonn “logleabhar digiteach foirgneamh” stór coiteann do na sonraí foirgníochta ábhartha go léir, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh, amhail deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe agus táscairí ullmhachta cliste, chomh maith le sonraí a bhaineann le GWP ar feadh saolré, lena n-éascaítear cinnteoireacht eolasach agus comhroinnt faisnéise san earnáil foirgníochta, agus i measc úinéirí agus áititheoirí foirgneamh, institiúidí airgeadais agus comhlachtaí phoiblí;

(42) 

ciallaíonn “córas aerchóirithe” comhcheangal de na comhpháirteanna is gá chun cineál íonaithe an aeir laistigh a sholáthar lena rialaítear an teocht nó lena bhféadtar an teocht a ísliú;

(43) 

ciallaíonn “córas téimh” comhcheangal de na codanna is gá chun cineál íonaithe an aeir laistigh a sholáthar lena méadaítear an teocht;

(44) 

ciallaíonn “córas aerála” an córas teicniúil foirgnimh a sholáthraíonn aer lasmuigh do spás ar mhodh nádúrtha nó meicniúil;

(45) 

ciallaíonn “gineadóir teasa” an chuid de chóras téimh a ghineann teas úsáideach le haghaidh na n-úsáidí arna sainaithint in Iarscríbhinn I, agus úsáid á baint as ceann amháin nó níos mó de na próisis seo a leanas:

(a) 

dóchán breosla i gcoire, mar shampla;

(b) 

iarmhairt Joule, a bhíonn ar siúl sna heilimintí téimh de chóras téimh friotaíochta leictrí;

(c) 

teas a ghabháil ó aer comhthimpeallach, ó aer sceite aerála, ó fhoinse teasa uisce nó ó fhoinse teasa talún agus úsáid á baint as teaschaidéal;

(46) 

ciallaíonn “gineadóir fuaraithe” an chuid den chóras aerchóirithe a ghineann fuarú úsáideach le haghaidh na n-úsáidí arna sainaithint in Iarscríbhinn I;

(47) 

ciallaíonn “conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh” conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33), de Threoir (AE) 2023/1791;

(48) 

ciallaíonn “coire” an t-aonad ina bhfuil coire agus dóire comhcheangailte, arna cheapadh chun an teas a scaoiltear as an dó a aistriú go leachtanna;

(49) 

ciallaíonn “aschur rátaithe éifeachtach” an t-uasaschur calrach, arna shloinneadh in kW, arna sonrú agus arna ráthú ag an monaróir a bheith insoláthartha le linn oibriú leanúnach agus an éifeachtúlacht úsáideach arna lua ag an monaróir á comhlíonadh;

(50) 

ciallaíonn “téamh ceantair” nó “fuarú ceantair” scaipeadh fuinnimh theirmigh i bhfoirm gail, uisce the nó leachtanna fuaraithe, trí ghréasáin, ó fhoinse lárnach nó dhíláraithe táirgthe go dtí foirgnimh nó suíomhanna éagsúla le húsáid do théamh nó d’fhuarú spáis nó próisis;

(51) 

ciallaíonn “achar urláir úsáideach” achar urláir foirgnimh a bhfuil gá leis mar pharaiméadar chun coinníollacha sonracha úsáide a chainníochtú a shloinntear in aghaidh an aonaid urláir agus le haghaidh chur i bhfeidhm an tsimplithe agus na rialacha criosaithe agus leithdháilte nó ath-leithdháilte;

(52) 

ciallaíonn “achar urláir tagartha” an t-achar urláir a úsáidtear mar mhéid tagartha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh, arna ríomh mar shuim d’achar urláir úsáideach na spásanna laistigh den imchlúdach foirgnimh atá sonraithe don mheasúnú ar fheidhmíocht fuinnimh;

(53) 

ciallaíonn “teorainn mheasúnúcháin” an teorainn ar a ndéantar an fuinneamh arna sheachadadh agus an fuinneamh arna onnmhairiú a thomhas nó a ríomh;

(54) 

ciallaíonn “ar an láthair” i bhfoirgneamh nó ar fhoirgneamh ar leith nó ar an talamh ar a bhfuil an foirgneamh sin suite;

(55) 

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh in aice láimhe” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, arna tháirgeadh laistigh d’imlíne áitiúil nó ceantair d’fhoirgneamh ar leith a ndearnadh measúnú air, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:

(a) 

ní féidir é a dháileadh agus a úsáid laistigh den imlíne áitiúil agus ceantair sin ach amháin trí ghréasán dáileacháin tiomnaithe;

(b) 

ceadaítear leis fachtóir fuinnimh phríomhúil shonrach a ríomh nach bhfuil bailí ach amháin don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh laistigh den imlíne áitiúil nó ceantair sin; agus

(c) 

is féidir é a úsáid ar an láthair trí cheangal tiomnaithe leis an bhfoinse táirgthe fuinnimh, i gcás ina n-éilíonn an ceangal tiomnaithe sin trealamh sonrach chun fuinneamh a sholáthar agus a mhéadrú go sábháilte le haghaidh fhéin-úsáid an fhoirgnimh;

(56) 

ciallaíonn “seirbhísí a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh” nó “seirbhísí EPB” na seirbhísí, mar atá téamh, fuarú, aeráil, uisce te tí agus soilsiú agus seirbhísí eile a gcuirtear úsáid fuinnimh san áireamh ina leith maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh;

(57) 

ciallaíonn “riachtanais fuinnimh” an fuinneamh atá le seachadadh chuig spás cóirithe nó le baint as spás cóirithe chun na dálaí spáis atá beartaithe a chothabháil le linn tréimhse áirithe gan aird a thabhairt ar aon neamhéifeachtúlachtaí i gcóras teicniúil foirgnimh;

(58) 

ciallaíonn “úsáid fuinnimh” nó “tomhaltas fuinnimh” ionchur fuinnimh i gcóras teicniúil foirgnimh lena gcuirtear seirbhís EPB ar fáil atá beartaithe riachtanas fuinnimh a shásamh;

(59) 

ciallaíonn “féin-úsáid” úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh in aice láimhe ag córais theicniúla ar an láthair le haghaidh seirbhísí EPB;

(60) 

ciallaíonn “úsáidí eile ar an láthair” úsáidí ar an láthair le haghaidh úsáidí seachas seirbhísí EPB, lena n-áirítear fearais, ualaí ilghnéitheacha agus coimhdeacha nó pointí athluchtaithe leictrea-shoghluaisteachta;

(61) 

ciallaíonn “eatramh ríomha” an t-eatramh ama scoite a úsáidtear chun an fheidhmíocht fuinnimh a ríomh;

(62) 

ciallaíonn “fuinneamh arna sheachadadh” fuinneamh, arna shloinneadh in aghaidh an iompróra fuinnimh, arna sholáthar do na córais theicniúla foirgnimh tríd an teorainn mheasúnúcháin, chun na húsáidí a cuireadh san áireamh a shásamh nó chun an fuinneamh arna onnmhairiú a tháirgeadh;

(63) 

ciallaíonn “fuinneamh arna onnmhairiú” an cion den fhuinneamh in-athnuaite, arna shloinneadh in aghaidh an iompróra fuinnimh agus in aghaidh an fhachtóra fuinnimh phríomhúil, a onnmhairítear go dtí an eangach fuinnimh seachas é a úsáid ar an láthair le haghaidh féin-úsáid ar an láthair nó le haghaidh úsáidí eile ar an láthair;

(64) 

ciallaíonn “spás páirceála do rothair” spás ainmnithe chun aon rothar amháin ar a laghad a pháirceáil ann;

(65) 

ciallaíonn “carrchlós taobh le foirgneamh” carrchlós atá beartaithe lena úsáid ag cónaitheoirí, ag cuairteoirí nó ag oibrithe foirgnimh agus atá suite laistigh de limistéar maoine an fhoirgnimh nó i ngarchomharsanacht dhíreach an fhoirgnimh;

(66) 

ciallaíonn “cáilíocht na timpeallachta laistigh” toradh measúnaithe a rinneadh ar na dálaí laistigh d’fhoirgneamh a imríonn tionchar ar shláinte agus ar dhea-bhail na n-áititheoirí, bunaithe ar pharaiméadair amhail na paraiméadair a bhaineann le teocht, bogthaise, ráta aerála agus láithreacht éilleán;

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.