|
+Airteagal 9 4. |
Airteagal 9 4.Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
go saineofar go soiléir róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe ábhartha uile lena mbaineann, lena n-áirítear na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, oibreoirí príobháideacha nó poiblí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus údaráis inniúla áitiúla;
(b)
go leagfar síos cuspóirí an bhainistithe fuíolluisce uirbigh chun na ceanglais agus na spriocdháta arna socrú faoi Airteagal 8(1), (4) agus (5) a chomhlíonadh chomh maith le haon chuspóirí cainníochtúla nó cáilíochtúla eile a mheastar a bheith ábhartha ó thaobh chur chun feidhme fhreagracht leathnaithe an táirgeora;
(c)
go mbeidh córas tuairiscithe ar bun chun sonraí a bhailiú maidir leis na táirgí dá dtagraítear i mír 1 agus a chuireann na táirgeoirí ar an margadh agus sonraí maidir le cóireáil cheathartha fuíolluisce uirbigh, chomh maith le sonraí eile atá ábhartha chun críocha phointe (b) den mhír seo;
(d)
go ndéanfaidh na húdaráis inniúla na sonraí riachtanacha a chur in iúl agus a mhalartú le húdaráis inniúla ábhartha eile ar bhonn tráthrialta chun ceanglais an Airteagail seo agus Airteagal 10 den Treoir seo a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|