+IARSCRÍBHINN VI FAISNÉIS DON PHOBAL

IARSCRÍBHINN VI FAISNÉIS DON PHOBAL




IARSCRÍBHINN VI

FAISNÉIS DON PHOBAL

(1) an t-údarás inniúil agus an t-oibreoir/na hoibreoirí atá freagrach as seirbhísí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh, lena n-áirítear faisnéis maidir le struchtúr úinéireachta na n-oibreoirí agus faisnéis teagmhála dóibh;

(2) ualach iomlán an fhuíolluisce uirbigh arna shloinneadh de réir coibhéis daonra (p.e.)a ghintear sa cheirtleán, maille le sonraí faoin sciar (ina %) den ualach sin:

(a) 

arna bhailiú agus arna chóireáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh;

(b) 

arna chóireáil i gcórais aonair chláraithe;

(c) 

nach ndéantar a bhailiú ná a chóireáil;

(3) i gcás inarb ábhartha, míniú ar na cúiseanna nach ndéantar ualach áirithe fuíolluisce uirbigh a bhailiú nó a chóireáil;

(4) faisnéis faoi cháilíocht an fhuíolluisce uirbigh a sceitear ón gceirtleán isteach i ngach dobharlach glacach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

meántiúchan bhliantúil agus ualach na dtruailleán a chumhdaítear le hAirteagal 21 agus a scaoiltear ó gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh;

(b) 

meastachán ar an ualach a sceitear ó chórais aonair le haghaidh na bparaiméadar dá dtagraítear i dTáblaí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I;

(c) 

maidir le ceirtleáin os cionn 10 000 p.e., meastachán ar an ualach a sceitear ó shéaraigh chomhcheangailte agus ó fhorshreabhadh uisce stoirme le haghaidh na bparaiméadar dá dtagraítear i dTáblaí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I;

(5) na costais iomlána bhliantúla infheistíochta agus na costais iomlána bhliantúla oibríochtúla, agus idirdhealú déanta idir na costais bailithe agus cóireála, na costais iomlána bhliantúla a bhaineann le foireann, fuinneamh, tomhaltáin, riarachán agus costais eile chomh maith le meánchostais bhliantúla infheistíochta agus oibríochtúla in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear, agus in aghaidh an mheánteaghlaigh i gcás ina ndéantar costais a aisghabháil go hiomlán nó go páirteach trí chóras taraifí uisce nó in aghaidh leibhéal an cheirtleáin i gcásanna eile;

(6) faisnéis faoi conas a chumhdaítear na costais dá dtagraítear i bpointe (5) agus, i gcás ina n-aisghabhtar costais trí chóras taraifí, faisnéis faoi struchtúr na taraife in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear, faisnéis faoi struchtúr na taraife in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear nó in aghaidh an mhéadair chiúbaigh den uisce a sholáthraítear, lena n-áirítear costais sheasta agus athraitheacha agus miondealú de réir costais an bhailithe, na cóireála, an riaracháin agus costais eile;

(7) pleananna infheistíochta le haghaidh bonneagar bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh ar leibhéal an cheirtleáin, ina bhfuil na cineálacha tionchair a bheartaítear ar tharaifí ar sheirbhísí fuíolluisce uirbigh agus na tairbhí airgeadais agus sochaíocha atá beartaithe;

(8) i gcás gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh 10 000 p.e. agus níos mó:

(a) 

an t-ualach iomlán (de réir p.e.) a chóireáiltear agus an fuinneamh ba ghá chun an fuíolluisce uirbeach a chóireáil (ina mhéid iomlán kWh agus kWh in aghaidh an mhéadair chiúbaigh);

(b) 

an méid iomlán fuinnimh a táirgeadh (GWh/bliain) gach bliain, lena n-áirítear miondealú de réir na foinse fuinnimh;

(9) an méid iomlán astaíochtaí GCT díreacha (ina mhéid coibhéiseach tonaí CO2) a táirgeadh nó a seachnaíodh in aghaidh na bliana trí oibriú an bhonneagair bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh 10 000 p.e. agus níos mó i ngach ceirtleán agus, i gcás ina bhfuil fáil air, an méid iomlán astaíochtaí GCT indíreacha (ina mhéid coibhéiseach tonaí CO2) a táirgeadh go háirithe le linn an bonneagar sin a bheith á thógáil;

(10) achoimre ar chineál na ngearán a fuarthas agus ar na staitisticí i dtaobh na ngearán, agus ar na freagraí a thug oibreoirí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh maidir le cúrsaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo;

(11) ar iarraidh réasúnaithe a fháil, tabharfar rochtain do thomhaltóirí ar shonraí stairiúla le haghaidh faisnéis faoi phointí (2), (4), (8) agus (9), ag dul siar suas le 10 mbliana ach gan dul níos faide siar ná an 1 Eanáir 2025.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.