1. Sula ndéanfar cinneadh maidir le ceanglais cheangailteacha nua nó ceanglais cheangailteacha atá modhnaithe go substaintiúil, déanfaidh eintiteas de chuid an Aontais nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí measúnú idir-inoibritheachta.
I gcás ina bhfuil measúnú idir-inoibritheachta déanta cheana féin maidir le ceanglais cheangailteacha nó i gcás ina gcuirtear ceanglais cheangailteacha chun feidhme le réitigh arna soláthar ag eintitis de chuid an Aontais, ní cheanglófar ar an gcomhlacht lena mbaineann de chuid na hearnála poiblí measúnú idir-inoibritheachta breise a dhéanamh maidir leis na ceanglais sin. Féadfar measúnú idir-inoibritheachta aonair a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar shraith de cheanglais cheangailteacha.
Féadfaidh an t-eintiteas lena mbaineann de chuid an Aontais nó an comhlacht lena mbaineann de chuid na hearnála poiblí an measúnú idir-inoibritheachta a dhéanamh i gcásanna eile freisin.