+Airteagal 12 6
|
Airteagal 12 6
6. Féadfar sonraí pearsanta a phróiseáil sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta chun críoch eile seachas an chríoch dár bailíodh iad go dleathach ar dtús, faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
déantar an réiteach idir-inoibritheachta nuálach a fhorbairt chun leasanna an phobail a choimirciú i gcomhthéacs ardleibhéal éifeachtúlachta agus cáilíochta an riaracháin phoiblí agus na seirbhísí poiblí;
|
|
(b)
|
déantar na sonraí a phróiseáiltear a theorannú don mhéid is gá d’fheidhmiú an réitigh idir-inoibritheachta atá le forbairt nó le tástáil sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, agus ní féidir an feidhmiú sin a bhaint amach go héifeachtach trí phróiseáil a dhéanamh ar shonraí anaithnidithe, ar shonraí sintéiseacha nó ar shonraí neamhphearsanta eile;
|
|
(c)
|
tá sásraí faireacháin éifeachtacha ann chun a shainaithint an bhféadfadh aon ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725, teacht chun cinn le linn oibriú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, chomh maith le sásra freagartha chun an riosca sin a mhaolú go pras agus, i gcás inar gá, chun an phróiseáil a stopadh;
|
|
(d)
|
tá aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i dtimpeallacht próiseála sonraí atá deighilte go feidhmiúil, leithlisithe agus cosanta faoi rialú na rannpháirtithe agus níl rochtain ach ag daoine cuí-údaraithe ar na sonraí sin;
|
|
(e)
|
níl aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear le tarchur nó le haistriú nó níl páirtithe eile nach rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta iad le rochtain a fháil orthu ach amháin i gcás ina ndéantar nochtadh den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 nó, i gcás inarb infheidhme, le Rialachán (AE) 2018/1725, agus inar chomhaontaigh na rannpháirtithe uile leis;
|
|
(f)
|
le haon phróiseáil ar shonraí pearsanta, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm chearta na n-ábhar sonraí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1725;
|
|
(g)
|
aon sonra pearsanta a phróiseáiltear, déantar iad a chosaint trí bhíthin bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí agus léirscriostar iad a luaithe a chuirfear deireadh leis an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta nó nuair a bheidh deireadh a dtréimhse coinneála bainte amach ag na sonraí pearsanta;
|
|
(h)
|
coimeádtar na logaí ar phróiseáil sonraí pearsanta ar feadh thréimhse na rannpháirtíochta sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;
|
|
(i)
|
coimeádtar tuairisc iomlán mhionsonraithe ar an bpróiseas agus ar an réasúnaíocht le traenáil, tástáil agus bailíochtú an réitigh idir-inoibritheachta mar aon le torthaí na tástála mar chuid den doiciméadacht theicniúil agus tarchuirtear chuig an mBord í;
|
|
(j)
|
déantar achoimre ghearr ar an réiteach idir-inoibritheachta atá le forbairt sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena n-áirítear a chuspóirí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, a chur ar fáil ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0903
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|