+IARSCRÍBHINN II Amhábhair chriticiúla

IARSCRÍBHINN II Amhábhair chriticiúla




IARSCRÍBHINN II

Amhábhair chriticiúla

Roinn 1

Liosta na n-amhábhar criticiúil

Measfar gur amhábhair chriticiúla iad na hamhábhair seo a leanas:

(a) 

antamón

(b) 

arsanaic

(c) 

báicsít/alúmana/alúmanam

(d) 

bairít

(e) 

beirilliam

(f) 

biosmat

(g) 

bórón

(h) 

cóbalt

(i) 

gual cóic

(j) 

copar

(k) 

iathchloch

(l) 

fluar

(m) 

gailliam

(n) 

gearmáiniam

(o) 

haifniam

(p) 

héiliam

(q) 

dúile tearc-chré troma

(r) 

dúile tearc-chré éadroma

(s) 

litiam

(t) 

maignéisiam

(u) 

mangainéis

(v) 

graifít

(w) 

nicil – grád ceallra

(x) 

niaibiam

(y) 

carraig fosfáite

(z) 

fosfar

(aa) 

miotail de chuid an ghrúpa platanaim

(ab) 

scaindiam

(ac) 

miotal sileacain

(ad) 

strointiam

(ae) 

tantalam

(af) 

miotal tíotáiniam

(ag) 

tungstan

(ah) 

vanaidiam

Roinn 2

An tábhacht eacnamaíoch agus an riosca soláthair a ríomh

1. Is mar a leanas a ríomhtar tábhacht eacnamaíoch (EI) amhábhair a ndearnadh measúnú air:

image

sna cásanna seo a leanas:

seasann s d’earnálacha NACE (leibhéal 2 dhigit) an gheilleagair;

Is é As an sciar d’úsáid deiridh an amhábhair in earnáil NACE (leibhéal 2 dhigit) a ndearnadh measúnú air; (ag úsáid luachanna an Aontais má tá siad ar fáil, agus ag úsáid sciaranna domhanda mura bhfuil);

Is é Qs breisluach na hearnála ábhartha NACE (leibhéal 2 dhigit) mar sciar den gheilleagar iomlán;

Is é SIEI an t-innéacs ionaid a bhaineann le tábhacht eacnamaíoch.

2. Déantar an t-innéacs ionaid amhábhair a ndearnadh measúnú air a bhaineann le tábhacht eacnamaíoch (SIEI ) a ríomh, bunaithe ar a feidhmeanna tionsclaíocha is ábhartha, mar a leanas:

image

sna cásanna seo a leanas:

seasann i d’ábhar ionadach aonair;

seasann a d’fheidhm aonair amhábhair;

Is é SPPIi,a; EI paraiméadar feidhmíochta na Tábhachta Eacnamaíche ag gach ábhar ionaid, i, i gcomparáid leis an amhábhar measúnaithe, bunaithe ar fheidhmíocht theicniúil, lena n-áirítear feidhmiúlacht, agus feidhmíocht chostais, le haghaidh gach feidhme a;

Is é Sharea sciar na n-amhábhar i bhfeidhm úsáide deiridh;

Is é Sub_sharei,a fo-sciar gach ábhair ionadaigh laistigh de gach feidhm.

3. Ríomhtar riosca soláthair (SR) amhábhair a ndearnadh measúnú air mar a leanas:

image

sna cásanna seo a leanas:

Seasann GS do tháirgeadh bliantúil domhanda an amhábhair a ndearnadh measúnú air;

Seasann EU_sourcing d’fhoinsiú iarbhír an tsoláthair chuig an Aontas, i.e. táirgeadh intíre an Aontais móide allmhairí an Aontais ó thriú tíortha nó ó OCTanna;

Is é is HHI Innéacs Herfindahl-Hirschman (a úsáidtear mar ionadach do chomhchruinniú an tsoláthair idir tíortha);

Is é is WGI ann innéacs atá bunaithe ar Tháscairí scálaithe Rialachais an Bhainc Dhomhanda (a úsáidtear mar ionadach do rialachas tíre);

Is paraiméadar trádála é tc lena gcoigeartaítear WGI, a shocrófar agus cánacha onnmhairiúcháin féideartha (a d’fhéadfadh a bheith maolaithe le comhaontú trádála atá i bhfeidhm), cuótaí onnmhairiúcháin fisiceacha nó toirmisc onnmhairiúcháin arna bhforchur ag tír á gcur san áireamh, c.

Is é is EoLRIR ann an ráta ionchuir athchúrsála táirgí a bhfuil a ré caite, rud a chiallaíonn an cóimheas idir ionchuir ábhair thánaistigh (a athchúrsáiltear ó sheandramh) agus gach ionchur amhábhair (príomhúil agus tánaisteach);

Is é is SISR an t-innéacs ionaid a bhaineann le riosca soláthair;

Is é is IR an spleáchas allmhairiúcháin.

4. Is mar a leanas a ríomhtar, IR, spleáchas allmhairiúcháin na n-amhábhar:

image

5. Déantar Innéacs Herfindahl-Hirschman (HHIWGI ) na n-amhábhar a ndearnadh measúnú orthu a ríomh mar a leanas:

image

sna cásanna seo a leanas:

seasann c do na tíortha a sholáthraíonn an t-amhábhar a ndearnadh measúnú air;

Is é Sc an sciar de thír c sa soláthar domhanda (GS nó EU_sourcing) den amhábhar a ndearnadh measúnú air;

Is é WGIc innéacs atá bunaithe ar Tháscairí scálaithe Rialachais an Bhainc Dhomhanda do thír c;

Is é tc paraiméadar trádála tíre lena gcoigeartaítear WGI, a shocrófar agus cánacha onnmhairiúcháin féideartha (a d’fhéadfadh a bheith maolaithe le comhaontú trádála atá i bhfeidhm), cuótaí onnmhairiúcháin fisiceacha nó toirmisc onnmhairiúcháin arna bhforchur ag tír á gcur san áireamh c.

6. Ríomhtar innéacs ionaid amhábhair a ndearnadh measúnú air a bhaineann le riosca soláthair (SISR ) mar a leanas:

image

sna cásanna seo a leanas:

seasann i d’ábhar ionadach aonair;

seasann a do d’fheidhm aonair ábhair is iarrthóir;

Is é SPPIi; SR paraiméadar feidhmíochta an riosca soláthair ag gach ábhar ionaid, i, bunaithe ar a tháirgeadh domhanda, a chriticiúlacht agus a thábhacht eacnamaíoch (táirge príomhúil, comhtháirge, seachtháirge);

Is é is Sharea ann sciar na n-ábhar i bhfeidhmeanna úsáide deiridh;

Is é is Sub_sharei,a ann fo-sciar gach ábhair ionadaigh de gach feidhm.

7. I gcás ina mbeidh tionchar ag athruithe struchtúracha nó staidrimh ar thomhas na tábhachta eacnamaíche agus ar an riosca soláthair go cothrománach maidir leis na hábhair uile a ndearnadh measúnú orthu, ceartófar na luachanna comhfhreagracha chun na hathruithe sin a fhritháireamh.

Bunófar ríomhanna na bhfoirmlí sa roinn seo ar mheán na 5 bliana is déanaí a mbeidh sonraí ar fáil ina leith. Cuirfear tosaíocht, cáilíocht agus infhaighteacht na sonraí san áireamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.