|
+IARSCRÍBHINN III Measúnú ar na critéir aitheantais do Thionscadail Straitéiseacha |
IARSCRÍBHINN III Measúnú ar na critéir aitheantais do Thionscadail Straitéiseacha
IARSCRÍBHINN III Measúnú ar na critéir aitheantais do Thionscadail Straitéiseacha 1. Leis an measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal san Aontas an critéar a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (a) déanfar an méid seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
an gcuireann an tionscadal leis na tagarmharcanna a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (a);
(b)
an gcuireann an tionscadal le hacmhainní an Aontais a chothabháil nó a neartú mar sciar de thomhaltas bliantúil amhábhair straitéisigh an Aontais, agus an méadú measta ar thomhaltas an Aontais á chur san áireamh;
(c)
cibé acu a rannchuidíonn an tionscadal le neartú acmhainneacht an Aontais chun amhábhair nuálacha a tháirgeadh atá in ann amhábhar straitéiseach a ionadú i dteicneolaíochtaí straitéiseacha amháin nó níos mó, agus bearta á ndéanamh chun lorg comhshaoil comhionann nó níos ísle a bhaint amach i gcomparáid leis an amhábhar straitéiseach a ndéantar ionadú air. Déanfar cion tionscadail leis an tagarmharc acmhainneachta ábhartha a mheasúnú agus plean gnó an tionscadail agus faisnéis theicniúil tacaíochta a áirítear san iarratas agus am measta an tionscadail chuig an margadh á gcur san áireamh. 2. Leis an measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal i dtríú tír, nó in OCT, an critéar a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (a), déanfar an méid seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
an rannchuidíonn an tionscadal leis na tagarmharcanna a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (b), nó an rannchuidíonn sé le hathléimneacht sholáthar amhábhair straitéiseacha an Aontais a choinneáil;
(b)
an ráthaítear le creat dlíthiúil nó leis na coinníollacha eile is infheidhme nach saobhfar an trádáil agus an infheistíocht a bhaineann leis an tionscadal, ag cur san áireamh go háirithe an bhfuil Comhpháirtíocht Straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 37 nó comhaontú trádála ina bhfuil caibidil ar amhábhair leis an tríú tír ábhartha, nó le OCTanna, tugtha i gcrích ag an Aontas, agus an bhfuil sé ag teacht le comhbheartas tráchtála an Aontais;
(c)
a mhéid atá gnóthais ann a bhfuil comhaontuithe ceannaigh tugtha i gcrích acu leis an tionscnóir tionscadail, nó atá sásta comhaontuithe ceannaigh a thabhairt i gcrích leis an tionscnóir tionscadail, d’fhonn na hamhábhair straitéiseacha arna dtáirgeadh ag na tionscadail ábhartha san Aontas a úsáid nó a phróiseáil;
(d)
an bhfuil an tionscadal i gcomhréir le comhar um fhorbairt agus le cuspóirí an Aontais maidir le beartas eachtrach. Déanfar cion tionscadail leis na tagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (a) a mheasúnú agus plean gnó an tionscadail agus faisnéis theicniúil tacaíochta a áirítear san iarratas agus, am measta an tionscadail chuig an margadh á gcur san áireamh chomh maith leis an sciar d’aschur an tionscadail a chumhdaítear leis na comhaontuithe ceannaigh reatha nó ionchasacha dá dtagraítear i bpointe (c). D’fhéadfadh comhaontuithe conarthacha, litreacha intinne nó meabhráin tuisceana a bheith i gceist leis an bhfianaise a bhaineann le pointe (c). 3. Leis an measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal an critéar a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (b), déanfar an méid seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
cáilíocht na staidéar féidearthachta arna ndéanamh ar ionchasacht forbartha an tionscadail;
(b)
ar léiríodh an teicneolaíocht atá beartaithe lena húsáid sa timpeallacht ábhartha. 4. Déanfar na staidéir féidearthachta dá dtagraítear i bpointe 3(a) a dhearadh chun:
(a)
measúnú a dhéanamh i dtaobh an dócha go n-éireoidh le tionscadal atá beartaithe trí anailís a dhéanamh ar chúinsí teicneolaíochta agus comhshaoil;
(b)
saincheisteanna teicniúla agus fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair atáthar ag tabhairt faoin tionscadal a shainaithint. D’fhéadfadh go mbeadh gá le staidéir bhreise chun indéantacht an tionscadail a dhearbhú. 5. Leis an measúnú ar cibé acu a chomhlíonann tionscadail atá lonnaithe san Aontas na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (c) déanfar foriomlán chomhlíontacht an tionscadail le reachtaíocht ábhartha an Aontais nó náisiúnta a chur san áireamh, chomh maith le fianaise fhorlíontach, agus suíomh an tionscadail á chur san áireamh. Leis an measúnú ar cibé acu a chomhlíonann tionscadail i dtríú tíortha nó in OCTanna na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (c) agus comhlíontacht leis an dlí náisiúnta is infheidhme á cur san áireamh i gcás ina soláthraítear leis an dlí náisiúnta sin dearbhú leordhóthanach maidir le comhlíontacht leis na critéir nó gnéithe díobh agus leis na hionstraimí idirnáisiúnta seo a leanas:
(a)
Dearbhú Trípháirteach Prionsabal ILO maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta;
(b)
Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Gnó Freagrach, go háirithe na treoirlínte a bhaineann le héilliú a chomhrac;
(c)
Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le Slabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca;
(d)
Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le Rannpháirtíocht Fhiúntach le Geallsealbhóirí san Earnáil Eastóscach lena n-áirítear i gcás ina bhfuiltear ag tagairt do na prionsabail a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;
(e)
Prionsabail ECFE maidir le Rialachas Corparáideach;
(f)
Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta maidir le hIompar Gnó Freagrach,
(g)
Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine;
(h)
Caighdeán Feidhmíochta 5 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta ar Éadáil Talún agus Athlonnú Neamhdheonach. 6. Féadfaidh tionscnóirí tionscadail comhlíonadh an chritéir a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (c) a fhianú freisin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
fianaise a sholáthar go bhfuil an tionscadal lena mbaineann deimhnithe ina aonar ag scéim amháin nó níos mó atá aitheanta de bhun Airteagal 30(2) lena gcumhdaítear go comhpháirteach na ceanglais a liostaítear in Iarscríbhinn IV, pointe (2); nó
(b)
gealltanas a thabhairt deimhniú a fháil don tionscadal lena mbaineann mar chuid de scéim amháin nó níos mó atá aitheanta de bhun Airteagal 30(2) lena gcumhdaítear go comhpháirteach na ceanglais a liostaítear in Iarscríbhinn IV, pointe (2), agus lena gcuirfear dóthain fianaise ar fáil go mbeidh an tionscadal lena mbaineann in ann na critéir don deimhniúchán sin a chomhlíonadh nuair a chuirfear chun feidhme é. 7. Leas an measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal san Aontas an critéar dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (d) déanfar an méid seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
an bhfuil gnóthais ó Bhallstáit éagsúla rannpháirteach sa tionscadal;
(b)
an bhfuil ceannaitheoirí ionchasacha lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin freisin;
(c)
éifeachtaí ar infhaighteacht amhábhar straitéiseach le haghaidh úsáideoirí iartheachtacha i níos mó ná Ballstát amháin. 8. Leis an measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal i dtríú tír an critéar dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (e) déanfar a mhéid a rannchuidíonn an tionscadal leis an méid seo a leanas, sa tríú tír ábhartha a chur san áireamh:
(a)
níos mó ná céim amháin den slabhra luacha amhábhar sa tír sin nó ina réigiún i gcoitinne a neartú;
(b)
infheistíocht phríobháideach a chothú sa slabhra luacha amhábhar intíre;
(c)
sochair eacnamaíocha nó shóisialta níos leithne a chruthú, lena n-áirítear fostaíocht a chruthú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|