4. I gcás ina gceanglaítear tuarascálacha a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil iad go poiblí saor in aisce, ar shuíomh gréasáin ainmnithe agus i bhformáid atá inrochtana gan chostas, in-íoslódáilte agus meaisín-inléite.
I gcás ina gcoinnítear faisnéis siar ar cheann amháin nó níos mó de na forais dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2003/4/CE nó, i gcás inarb infheidhme, faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, sonróidh na húdaráis inniúla an cineál faisnéise a coinníodh siar agus na cúiseanna leis sin.