+Airteagal 8 Seirbhísí rochtana tríú páirtí a bhaineann le saoráidí stórála gáis nádúrtha, críochfoirt hidrigine, saoráidí GNL agus saoráidí stórála hidrigine
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
---+Airteagal 8 6
---+Airteagal 8 7

Airteagal 8 Seirbhísí rochtana tríú páirtí a bhaineann le saoráidí stórála gáis nádúrtha, críochfoirt hidrigine, saoráidí GNL agus saoráidí stórála hidrigine

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1

1.   Déanfaidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí críochfoirt hidrigine, oibreoirí stórála hidrigine agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí a thairiscint ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do gach aon úsáideoir gréasáin a dhéanfaidh freastal ar éileamh an mhargaidh; go háirithe i gcás ina dtairgfidh oibreoir córais GNL, oibreoir críochfoirt hidrigine, oibreoir stórála hidrigine nó oibreoir córais stórála gáis nádúrtha an tseirbhís chéanna do chustaiméirí éagsúla, déanfaidh sé amhlaidh de réir téarmaí agus coinníollacha conarthacha coibhéiseacha;

(b)

seirbhísí a thairiscint atá comhoiriúnach le húsáid córais iompair gáis nádúrtha agus hidrigine agus rochtain a éascú trí chomhoibriú leis an oibreoir córais tarchuir nó leis an oibreoir gréasáin hidrigine; agus

(c)

aon fhaisnéis ábhartha a phoibliú, go háirithe sonraí maidir le húsáid agus maidir le hinfhaighteacht seirbhísí, i dtréimhse ama atá comhoiriúnach le riachtanais réasúnta tráchtála úsáideoirí saoráidí GNL, saoráidí stórála gáis nádúrtha, críochfort hidrigine nó saoráidí stórála hidrigine, atá faoi réir faireachán ar an bpoibliú sin ag an údarás rialála.

Airteagal 8 2

2.   Déanfaidh gach oibreoir córais stórála gáis nádúrtha agus gach oibreoir stórála hidrigine an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí rochtana atá docht agus in-idirbhriste araon a sholáthar do thríú páirtithe; léireofar i bpraghas na hacmhainne in-idirbhriste an dóchúlacht go dtarlóidh idirbhriseadh;

(b)

seirbhísí fadtéarmacha agus seirbhísí gearrthéarmacha a thairiscint d’úsáideoirí na saoráidí stórála;

(c)

seirbhísí cuachta agus seirbhísí díchuachta acmhainne stórála a thairiscint d’úsáideoirí na saoráidí stórála.

Airteagal 8 3

3.   Tairgfidh gach oibreoir córais GNL d’úsáideoirí saoráide GNL seirbhísí cuachta agus seirbhísí díchuachta araon laistigh den tsaoráid GNL ag brath ar na riachtanais a léiríonn úsáideoirí na saoráide GNL.

Airteagal 8 4

4.   Ní bheidh taraifí níos airde go treallach mar thoradh ar chonarthaí saoráidí stórála GNL agus gáis nádúrtha agus ar chonarthaí saoráide stórála hidrigine agus críochfoirt hidrigine i gcás ina síneofar iad:

(a)

lasmuigh de bhliain gháis a bhfuil dátaí tosaigh neamhchaighdeánacha aici; nó

(b)

ar feadh ré is giorra ná conradh caighdeánach ar bhonn bliantúil.

Airteagal 8 5

5.   I gcás inarb iomchuí, féadfar seirbhísí rochtana tríú páirtithe a dheonú, faoi réir ráthaíochtaí iomchuí ó úsáideoirí gréasáin maidir le creidmheasacht na n-úsáideoirí sin. Ní bheidh na ráthaíochtaí sin ina mbacainní míchuí ar iontráil sa mhargadh agus beidh siad neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach.

Airteagal 8 6

6.   Beidh údar maith, agus é bunaithe ar shrianta teicniúla, leis na teorainneacha conarthacha ar an íosmhéid is gá d’acmhainn saoráide GNL nó críochfort hidrigine agus d'acmhainn stórála gáis nádúrtha nó hidrigine, agus ceadóidh siad d’úsáideoirí stórála atá níos lú rochtain a fháil ar sheirbhísí stórála.

Airteagal 8 7

7.   Beidh mír 1 go mír 6 gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit bearta comhréireacha a dhéanamh chun srian sealadach a chur ar sholáthairtí GNL ó Chónaidhm na Rúise agus ón mBealarúis, ar feadh téarma seasta, a fhéadfar a athnuachan má tá údar leis, trí thairiscintí tosaigh arna ndéanamh ag aon úsáideoir gréasáin aonair nó trí sholáthar d’acmhainn saoráide GNL arna ndéanamh ag aon úsáideoir gréasáin aonair i gcás seachadtaí ó Chónaidhm na Rúise nó ón mBealarúis a theorannú, i gcás inar gá sin chun a leasanna bunúsacha slándála agus leasanna slándála an Aontais a chosaint, agus ar choinníoll:

(a)

nach gcuireann na bearta sin isteach go míchuí ar fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an gháis nádúrtha agus ar shreabha trasteorann gáis nádúrtha idir na Ballstáit, agus nach mbaineann siad an bonn de shlándáil an tsoláthair san Aontas nó i mBallstát;

(b)

go n-urramaítear leis na bearta sin prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh;

(c)

go nglactar na bearta sin i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát maidir le tríú tíortha.

Agus an gá atá le slándáil sholáthar an Aontais a áirithiú á chur i gcuntas, féadfaidh bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre a bheith dírithe ar sholáthairtí GNL a éagsúlú d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar ghás nádúrtha na Rúise, i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil gá leis na bearta sin chun a leasanna bunúsacha slándála agus leasanna slándála an Aontais a chosaint.

Sula ndéanfar cinneadh ar bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, a mhéid is dócha go ndéanfaidh an beart difear dóibh, le Ballstáit eile, Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, tríú tíortha is Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an aird is mó is féidir ar an staid sna Ballstáit sin agus sna tríú tíortha sin agus aon ábhair imní arna gcur in iúl ina leith sin ag na Ballstáit sin, ag na tríú tíortha sin nó ag an gCoimisiún.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.