+Airteagal 18 Lascainí taraife ar ghás in-athnuaite agus ar ghás ísealcharbóin
---+Airteagal 18 1
---+Airteagal 18 2
---+Airteagal 18 3
---+Airteagal 18 4
---+Airteagal 18 5

Airteagal 18 Lascainí taraife ar ghás in-athnuaite agus ar ghás ísealcharbóin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1

1.   Agus taraifí á socrú, cuirfear lascaine taraife ar ghás in-athnuaite agus ar ghás ísealcharbóin i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

pointí iontrála ó shaoráidí táirgthe gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin.

(b)

taraifí tarchuir acmhainnbhunaithe ag pointí iontrála ó shaoráidí stórála gáis nádúrtha agus ag pointí scoir chucu, mura bhfuil saoráid stórála den sórt sin nasctha le níos mó ná gréasán tarchuir nó dáileacháin amháin agus go bhfuil sé in iomaíocht le pointe idirnaisc.

Socrófar an lascaine de bhun na chéad fhomhíre, pointe (a), ag 100 % maidir leis na taraifí ábhartha bunaithe ar chumas chun an t-instealladh de ghás in-athnuaite a mhéadú níos mó agus lascaine 75 % do ghás ísealcharbóin.

Socrófar an lascaine de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), ag 100 % sna Ballstáit inar instealladh an gás in-athnuaite nó an gás ísealcharbóin sa chóras den chéad uair.

Airteagal 18 2

2.   Féadtar mionsonraí na lascainí a dheonaítear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a leagan síos sa chód gréasáin maidir le struchtúir tharaife dá dtagraítear in Airteagal 71(2), an chéad fhomhír, pointe (d).

Airteagal 18 3

3.   Faoin 5 Lúnasa 2029 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athscrúdú ar leibhéil na lascainí a leagtar síos i míreanna 1 agus 4. Eiseoidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh forbhreathnú ar na lascainí a chur chun feidhme agus measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil leibhéal na lascainí sin leordhóthanach go fóill i bhfianaise na n-athruithe is déanaí ar an margadh. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a leasú trí leibhéil na lascainí a leagtar síos i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo a athrú.

Airteagal 18 4

4.   Ón 5 Lúnasa 2025, gheobhaidh úsáideoirí gréasáin lascaine 100 % ar an taraif acmhainnbhunaithe ón oibreoir córais tarchuir ag pointí idirnaisc idir na Ballstáit, i gcás gás in-athnuaite agus 75 % i gcás gás ísealcharbóin, tar éis cruthúnas inbhuanaitheachta a sholáthar don oibreoir córais tarchuir lena mbaineann, ar bhonn deimhniú inbhuanaitheachta bailí a gheofar le haghaidh gás in-athnuaite de bhun Airteagal 29 agus Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 agus atá cláraithe i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 31a den Treoir sin, agus le haghaidh gás ísealcharbóin ar bhonn deimhniú bailí a gheofar de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2024/1788.

Maidir leis na lascainí dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

ní cheanglófar ar oibreoirí córais tarchuir gan an lascaine a chur ar fáil ach amháin i gcás na slí is giorra is féidir i dtéarmaí na dtrasnuithe teorann idir an áit inar taifeadadh den chéad uair an cruthúnas sonrach ar an dearbhú inbhuanaitheachta i mbunachar sonraí an Aontais, ar bhonn deimhniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus an áit ar cealaíodh é de bhrí gur measadh é a bheith ídithe, ar choinníoll nach bhfuil aon phréimhcheant féideartha clúdaithe ag an lascaine;

(b)

soláthróidh oibreoirí córais tarchuir don údarás rialála ábhartha faisnéis ar thoirteanna iarbhír agus ionchais gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin agus an éifeacht a bheidh ag cur i bhfeidhm na lascaine taraife ar a n-ioncam agus déanfaidh na húdaráis rialála faireachán agus measúnú ar thionchar na lascaine ar chobhsaíocht taraife;

(c)

a luaithe a laghdófar ioncam oibreora córais tarchuir le 10 % mar gheall ar an lascaine a chur i bhfeidhm, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchuir a bheidh i gceist agus na hoibreoirí córais tarchuir comharsanacha sásra cúitimh idir-oibreoirí-córais-tarchuir a chaibidil.

(d)

socrófar i gcód gréasáin a bhunaítear de bhun Airteagal 71 sonraí breise is gá chun an lascaine ar ghás in-athnuaite agus ar ghás ísealcharbóin a chur chun feidhme amhail ríomh na hacmhainne incháilithe a bhfuil feidhm ag an lascaine maidir léi agus na próisis is gá.

Comhaontóidh na hoibreoirí córais tarchuir lena mbaineann ar shásra cúitimh idir oibreoirí córais tarchuir laistigh de 3 bliana ón uair a laghdófar an t-ioncam atá acu ó tharaifí sonracha 10 % dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (c), den mhír seo. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú laistigh den tréimhse sin tiocfaidh na húdaráis rialála ábhartha ar chinneadh comhpháirteach ar shásra cúitimh idir oibreoirí córais tarchuir laistigh de 2 bhliain bhreise. D’éagmais comhaontú idir na húdaráis rialála beidh feidhm ag Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/942. I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála teacht ar chomhaontú laistigh de 2 bhliain, nó ar iarraidh chomhpháirteach uathu, glacfaidh ACER cinneadh aonair i gcomhréir le hAirteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942.

Airteagal 18 5

5.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis rialála a chinneadh gan lascainí a chur i bhfeidhm nó lascainí a leagan síos is ísle ná na lascainí a leagtar síos i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, ar choinníoll go bhfuil an maolú sin i gcomhréir le prionsabail ghinearálta na dtaraifí mar a leagtar amach in Airteagal 17 iad agus go háirithe prionsabal an léirithe costais, i gcás ina gcomhlíontar ceann de na critéir seo a leanas:

(a)

is gá an maolú chun an córas tarchuir a oibriú go héifeachtúil, chun creat airgeadais cobhsaí a áirithiú don infheistíocht láithreach nó chun tras-fhóirdheontais mhíchuí, saobhadh ar thrádáil trasteorann nó sásra cúitimh neamhéifeachtach idir-oibreoirí-córais-tarchuir a sheachaint;

(b)

ní gá lascainí a leagtar síos i míreanna 1 agus 5 a chur i bhfeidhm i ngeall ar a mhéid atá soláthar céimneach an gháis in-athnuaite agus an gháis ísealcharbóin á gcur chun cinn sa Bhallstát lena mbaineann nó i ngeall ar shásraí tacaíochta malartacha a bheith ann chun úsáid gáis in-athnuaite nó gáis ísealcharbóin a mhéadú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.