+Airteagal 46 Rannpháirtíocht sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha
---+Airteagal 46 1
---+Airteagal 46 2
---+Airteagal 46 3
---+Airteagal 46 4
---+Airteagal 46 5
---+Airteagal 46 6
---+Airteagal 46 7

Airteagal 46 Rannpháirtíocht sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 1

1.   Beidh rannpháirtíocht sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha ar fáil do ghnóthais gáis nádúrtha agus do ghnóthais a ídíonn gás nádúrtha atá bunaithe san Aontas ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Cuirfear bac ar na gnóthais sin páirt a ghlacadh mar sholáthróirí, mar tháirgeoirí agus mar cheannaitheoirí, má tá siad:

(a)

faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, arb é atá iontu toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil nó a aistriú nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh go díreach nó go hindíreach, nó reo sócmhainní; nó

(b)

faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 46 2

2.   Cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach gcuirfear aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha ar fáil, go díreach ná go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí, nó chun a dtairbhe, má tá siad:

(a)

faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, arb é atá iontu toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil nó a aistriú nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh go díreach nó go hindíreach, nó reo sócmhainní; nó

(b)

faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 46 3

3.   Féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás nádúrtha atá bunaithe i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha ar choinníoll go mbeidh na bearta nó na socruithe is gá i bhfeidhm chun a gcuid rannpháirtíochta sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha a cheadú de bhun na Roinne seo.

Airteagal 46 4

4.   Féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás nádúrtha a ghlacann páirt i gcomhiomlánú éilimh, ar bhonn trédhearcach, gnéithe de choinníollacha an chonartha ceannaigh a chomhordú nó conarthaí comhcheannaigh a úsáid chun coinníollacha níos fearr a bhaint amach lena soláthróirí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagail 101 agus 102 CFAE.

Airteagal 46 5

5.   Rannpháirtithe sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha, tuairisceoidh siad don Choimisiún nó don soláthraí seirbhíse ábhartha, de réir mar is iomchuí, na gnéithe seo a leanas de na conarthaí arna dtabhairt i gcrích:

(a)

toirt;

(b)

contrapháirtithe;

(c)

ré.

Airteagal 46 6

6.   Féadfaidh rannpháirtithe sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha tuairisciú don Choimisiún nó don soláthraí seirbhíse ábhartha, de réir mar is iomchuí, mura ndearnadh conradh soláthair a thabhairt i gcrích mar thoradh ar mheaitseáil agus ar thairiscint.

Airteagal 46 7

7.   Áiritheoidh faighteoir na faisnéise a thuairiscítear faoi mhíreanna 5 agus 6 go mbeidh rochtain ar fhaisnéis rúnda teoranta go docht don soláthraí seirbhíse agus do sheirbhísí an Choimisiúin a bhfuil sé fíor-riachtanach an fhaisnéis a bheith ar fáil dóibh. Déanfar faisnéis den sórt sin a láimhseáil leis an rúndacht chuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.