+Airteagal 5 Éiceachórais mhuirí a athchóiriú
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
---+Airteagal 5 6
---+Airteagal 5 7
---+Airteagal 5 8
---+Airteagal 5 9
---+Airteagal 5 10
---+Airteagal 5 11
---+Airteagal 5 12
---+Airteagal 5 13
---+Airteagal 5 14

Airteagal 5 Éiceachórais mhuirí a athchóiriú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1

1.   Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóiriúcháin is gá i bhfeidhm chun feabhas a chur ar limistéir na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil dea-bhail orthu go dtí go mbeadh dea-bhail orthu. Cuirfear bearta athchóiriúcháin den sórt sin i bhfeidhm:

(a)

faoi 2030, ar 30 % ar a laghad de limistéar iomlán ghrúpaí 1 go 6 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15;

(b)

faoi 2040, ar 60 % ar a laghad agus, faoi 2050, ar 90 % ar a laghad de limistéar gach ceann de ghrúpaí 1 go 6 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15;

(c)

faoi 2040, ar dhá thrian ar a laghad den chéatadán dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo de limistéar ghrúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15; agus

(d)

faoi 2050, ar chéatadán, arna shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 14(3), den limistéar i ngrúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II agus nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15.

Socrófar an céatadán, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), den Airteagal seo ionas nach gcuirfear cosc ar dhea-stádas comhshaoil, arna chinneadh de bhun Airteagal 9(1) de Threoir 2008/56/CE, a bhaint amach nó a choinneáil ar bun.

Airteagal 5 2

2.   Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóiriúcháin is gá i bhfeidhm chun na cineálacha gnáthóige i ngrúpaí 1 go 6 a liostaítear in Iarscríbhinn II a athbhunú i limistéir nach bhfaightear na cineálacha gnáthóige sin ann, agus é mar aidhm acu an limistéar tagartha fabhrach a bhaint amach le haghaidh na gcineálacha gnáthóige sin. Beidh bearta den sórt sin i bhfeidhm ar limistéir arb ionann iad agus 30 % ar a laghad den dromchla breise is gá chun an limistéar tagartha fabhrach do gach grúpa de chineálacha gnáthóige, mar a chainníochtaítear sa phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15, faoi 2030, ar limistéir arb ionann iad agus 60 % den dromchla sin ar a laghad faoi 2040, agus ar 100 % den dromchla sin faoi 2050.

Airteagal 5 3

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, má mheasann Ballstát nach féidir bearta athchóiriúcháin a chur i bhfeidhm faoi 2050 atá riachtanach chun go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach le haghaidh cineál sonrach gnáthóige ar 100 % den dromchla, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann céatadán níos ísle a shocrú ar leibhéal idir 90 % agus 100 % ina phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15 agus féadfaidh sé bonn cirt leordhóthanach a sholáthar. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ballstát bearta athchóiriúcháin i bhfeidhm de réir a chéile atá riachtanach chun an céatadán níos ísle sin a bhaint amach faoi 2050. Faoi 2030, cumhdóidh na bearta athchóiriúcháin sin 30 % ar a laghad den dromchla breise is gá chun an céatadán níos ísle sin a bhaint amach faoi 2050, agus faoi 2040, cumhdóidh siad, ar a laghad, 60 % den dromchla breise is gá chun céatadán níos ísle den sórt sin a bhaint amach faoi 2050.

Airteagal 5 4

4.   Má chuireann Ballstát an maolú de bhun mhír 3 i bhfeidhm maidir le cineálacha gnáthóige sonracha, beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 2 maidir leis an dromchla breise is gá atá fágtha chun an limistéar tagartha fabhrach a bhaint amach do gach grúpa de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II lena mbaineann na cineálacha gnáthóige sonracha sin.

Airteagal 5 5

5.   Cuirfidh na Ballstáit bearta athchóiriúcháin i bhfeidhm maidir le gnáthóga muirí na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus maidir le gnáthóga muirí na n-éan fiáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/147/CE, sa bhreis ar na bearta athchóiriúcháin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, atá riachtanach chun feabhas a chur ar cháilíocht agus cainníocht na ngnáthóg sin, lena n-áirítear trína n-athbhunú, agus chun nascacht a fheabhsú, go dtí go mbainfear cáilíocht leordhóthanach agus cainníocht leordhóthanach na ngnáthóg sin amach.

Airteagal 5 6

6.   Beidh cinneadh na limistéar is oiriúnaí do bhearta athchóiriúcháin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 5 den Airteagal seo bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil agus ar an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch is déanaí maidir le bail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chinneadh agus maidir le cáilíocht agus cainníocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, agus úsáid á baint as an bhfianaise arna tuairisciú faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE agus Airteagal 17 de Threoir 2008/56/CE.

Airteagal 5 7

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeifear ar an eolas faoin mbail atá ar na limistéir seo a leanas:

(a)

faoi 2030, 50 % ar a laghad den limistéar arna dháileadh ar gach cineál gnáthóige i ngrúpa 1 go 6 a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(b)

faoi 2040, gach limistéar de na cineálacha gnáthóige i ngrúpaí 1 go 6 a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(c)

faoi 2040, 50 % ar a laghad den limistéar arna dháileadh ar gach cineál gnáthóige de ghrúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(d)

faoi 2050, gach limistéar de na cineálacha gnáthóige i ngrúpa 7 a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 5 8

8.   Leis na bearta athchóiriúcháin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, measfar an gá atá le comhleanúnachas éiceolaíoch fheabhsaithe agus nascacht fheabhsaithe idir na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II agus cuirfear san áireamh riachtanais éiceolaíocha na speiceas dá dtagraítear i mír 5 a fhaightear sna cineálacha gnáthóige sin.

Airteagal 5 9

9.   Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm a mbeidh sé d’aidhm acu a áirithiú sna limistéir atá faoi réir bearta athchóiriúcháin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 5, go bhfeicfear feabhas leanúnach ar bhail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II go dtí go mbainfear dea-bhail amach, agus go bhfeicfear feabhas leanúnach ar cháilíocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear i mír 5, go dtí go mbainfear cáilíocht leordhóthanach na ngnáthóg sin amach.

Gan dochar do Threoir 92/43/CEE, cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm a mbeidh sé d’aidhm acu a áirithiú nach dtiocfaidh meath suntasach ar limistéir inar baineadh dea-bhail amach, agus inar baineadh cáilíocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas amach.

Airteagal 5 10

10.   Gan dochar do Threoir 92/43/CEE, féachfaidh na Ballstáit, faoi dháta foilsithe a bpleananna athchóirithe náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17(6) den Rialachán seo, leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar mheathlú suntasach ar limistéir ina bhfaightear na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus a bhfuil dea-bhail orthu nó a bhfuil gá leo chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach i mír 14 den Airteagal seo a bhaint amach.

Airteagal 5 11

11.   Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 9 maidir le meathlú arb é is cúis leis:

(a)

force majeure, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo;

(c)

plean nó tionscadal leasa phoiblí sháraithigh nach bhfuil réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ar fáil ina leith, a chinnfear ar bhonn cás ar chás; nó

(d)

gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht tríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.

Airteagal 5 12

12.   Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 10 maidir le meathlú arb é is cúis leis:

(a)

force majeure, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo;

(c)

plean nó tionscadal leasa phoiblí sháraithigh nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ina leith; nó

(d)

gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht tríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.

Airteagal 5 13

13.   Laistigh de láithreáin Natura 2000, tá údar le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 9 agus 10, más é is cúis leis:

(a)

force majeure, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;

(b)

athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo; nó

(c)

plean nó tionscadal arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE.

Airteagal 5 14

14.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh:

(a)

méadú ar an limistéar a bhfuil dea-bhail air le haghaidh cineálacha gnáthóige de ghrúpaí 1 go 6 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II go dtí go mbeidh dea-bhail ar 90 % díobh ar a laghad agus go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach do gach cineál gnáthóige i ngach réigiún bithgheografach den Bhallstát lena mbaineann;

(b)

méadú ar an limistéar a bhfuil dea-bhail air le haghaidh cineálacha gnáthóige de ghrúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II go dtí go mbeidh dea-bhail ar an gcéatadán ar a laghad dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (d), agus go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach do gach cineál gnáthóige i ngach réigiún bithgheografach den Bhallstát lena mbaineann;

(c)

treocht mhéadaitheach i dtreo cháilíocht leordhóthanach agus chainníocht leordhóthanach ghnáthóga muirí na speiceas dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus na speiceas a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/147/CE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.